Cé hiad na daoine ar cheart dúinn a n-ainm a chur in airde?
Dealbha a thógáil ina n-ómós?
A bpus a chur ar stampa?
Sráid a shloinneadh mar chuimhne orthu?
Foirgneamh a ainmniú mar onóir?
Bhí raic i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, le déanaí toisc gur ainmníodh foirgneamh i gcuimhne ar James Watson, duine den bheirt (nó den triúr) a d’fhionn struchtúr an aigéid dí-ocsairibeanúicléasaigh, nó DNA duitse agus domsa.
B’é bun na hagóide go raibh an fear céanna ciníoch, agus frithmhná agus frith-Éireannach agus frith n’fheadar cad eile.
Tá an chuma air go ndúirt sé nithe gránna, nithe gan chuibheas, nithe gan dealramh.
Liosta le háireamh iad.
Thug sé le fios nach raibh daoine gorma chomh meabhrach leis an gcine geal, go raibh na Gaeil cineál saonta.
Is de shuimiúlacht, áfach, nár thug sé aon fhianaise eolaíochtúil le haon tuairim ar bith díobh.
Ní raibh ann ach tuairim a caitheadh amach, tuairim a bhain lena aicme is lena thógáil féin.
Maidir leis an gcine gorm, d’admhaigh nach raibh aon fhianaise aige go raibh siad leisciúil, seachas an méid adeir fostaithe go minic.
Dúirt sé nach raibh aon chúis ann nach leithreodh meabhair agus cúilfhéith chiníocha seachas a chéile i gcaitheamh na mílte bliain, agus cé déarfadh nach ceist bhailí í sin?
Más fíor, chaithfí a admháil go raibh an cine buí i bhfad chun tosaigh ar an gcine geal ar feadh na coda is mó de stair an duine; ach níor chuí seo a tharraingt aníos as an bpoll dorcha, b’fhéidir.
Is é bun agus barr agus lár agus idir eatarthu an scéil é nach saineolaí é James Watson maidir le cúrsaí staire, sóisialta, poiblí, inscne, polaitíochta é.
É chomh breallsúnta baoth le sean-Bhoris is leis an nua-Thrumpa in éineacht.
Ach cén fáth a mbeifí cráite faoi seo?
Cad ina thaobh go n-éisteofaí le tuairimí, abraimis, úrscéalaí faoi nithe astrafhisiceacha?
Nó le barúlacha an chúistiúnaí faoi chearta daonna?
Tá clais eatarthu níos leithne ná an t-aigéan ciúin agus níos leithne ná cúl fhoireann peile Chill Chainnigh.
Tá Watson chomh heolach ar an saol mórthimpeall is atá an bhó ar an ngealach.
Cén fáth a mbacfaí leis?
D’fhulaing mise is tusa is eireaball thréad mhuc na nÉireann na Paddy Jokes ar feadh na mblianta.
Ar ghoill siad orm?
Níor ghoill.
Cén fáth? Mar nach raibh aon fhírinne iontu. Ghoillfeadh dá mba go raibh amhras ort i dtaoibh mheabhair na hÉireann.
Níor ghoill aon jóc Éireannach riamh orm má bhí sé greannmhar, agus gurbh é freagra a bhí air ná jóc níos fearr mar mhalairt.
Cuir i gcás go raibh tú ag dul faoi obráid chroí agus na sceana amuigh os do chionn, do chroí ar fhis, an matán mór rua sin ag preabadh go plubadach, an gcuirfeadh sé as duit go raibh an máinlia, nó an tréadlia féin, tar éis gach olc a dhéanamh lena bhean, lena pháistí, lena phobal, lena ghaolta, lena chairde, leis féin?
Is mó sin eolaí a raibh tuairim bhuile aige.
Cheap Newton féin go dtiocfadh Pilip a’ Chleite chugainn ina lánéide sa bhliain 2060 agus slán libhse a dhein peaca; cén fáth a dtógfaimis aon aird ar dhuine ar bith nach bhfuil aon eolas dá laghad aige ar rud ar bith lasmuigh dá chumas raoin féin?
Ginias agus saoi agus ardthuisceanach é James Watson san ábhar a bhfuil sé saineolach air; daoi é ar gach aon ní eile.
Meastar é ar a luach, agus ní ar a bhreallsúntacht.