Ní leor fianaise ár súl níos mó. Ní leor dúinn amharc amach an fhuinneog le fáil amach cad é an chuma atá ar an lá. Caithfidh muid amharc ar an aip roimh ré. Is í an teicneolaíocht is iontaofa anois. Níl sna súile sin i do cheann ach an dara rogha, rud seanfhaiseanta daonna.
Gheall an aip dom go mbeadh lá geal ann. Gheal an aip dom gur ar éigean go mbeadh fearthainn ann. Gheall an aip dom nach mbeadh sé róghaofar nó rófhliuch nó rófhuar. Gheall an aip an spéir agus an ghealach dom.
Agus chreid mise an aip.
Ar shiúl liom ar an rothar i dtreo na locha. Bhí an loch ciúin. Bhí na sléibhte ar an taobh thiar thuaidh le feiceáil go soiléir. B’álainn iad. Lá de na laethanta sin in Éirinn; lá galánta.
Ní raibh de locht ar an lá ach go raibh cuilleoga na locha mo chrá. Bhí na mílte acu ar crochadh san aer. Ní raibh éalú orthu; bhí siad sa chlogad agam, i mo chuid gruaige, i mo shúile. Lean mé liom agus níorbh fhada go raibh mé saor.
Ach fan go fóill... Fan bomaite... Fan tamall... Cad é seo? Scamaill ón tsliabh anuas? I bhfad uaim? Ag teacht i ndeas dom? Ní féidir...
Gheall an aip dom go mbeadh lá geal ann. Gheal an aip dom gur ar éigean go mbeadh fearthainn ann. Gheall an aip dom nach mbeadh sé róghaofar nó rófhliuch nó rófhuar. Gheall an aip an spéir agus an ghealach dom.
Agus chreid mise an aip.
Leanaim liom. Tá sé ag éirí dorcha thiar. Tá fearthainn le feiceáil sa loch. Tá an fhearthainn liath ag bogadh chugam. Níl na sléibhte le feiceáil níos mó. Níl ann ach uisce liath ag titim anuas. B’fhéidir go dtiocfainn slán. Tiocfaidh mé slán, go cinnte. Nár gheall an aip lá geal dom?
Ach is in Éirinn atá mé. Ní dóigh liom go dtuigeann an aip aimsir na hÉireann mar is ceart. Is fíor go raibh lá geal ann sa cheantar a d’fhág mé. Ach tá mé i ndiaidh deich míle a thaisteal, rud a chiallaíonn, i dtéarmaí na hÉireann de, go bhfuil mé i dtuath eile ar fad.
Cith is dealán, an ea? Titeann an fhearthainn orm. Ní cith atá ann ach fearthainn mhór throm. Titeann sí agus titeann sí agus titeann sí. Shílfeá go raibh mé i mo shuí faoi eas. Níor luaigh an aip liom go mbeadh aon bhaol mór fearthainne ann.
Tá mé i mo líbín cois locha. Tá poll sa bhonn. Tá mé conáilte. Pillim abhaile. “An raibh sé ag cur fearthainne,” a fhiafraítear. “Bhí lá maith le bheith ann de réir m’aipe.”
Bua na Rúisise
Tá leabhar breá eile curtha in eagar ag Risteárd Mac Annraoi,
Scéalta ón Rúis: aistriúcháin agus aistí ar mhórscríbhneoirí na Rúise
(Foilseacháin Ábhair Spioradálta, €10).
Tá píosaí anseo le Baibil, Gógal, Púiscin, Tolstái agus údair eile, aistí agus ábhar ag Mac Annraoi féin agus sleachta a d’aistrigh scríbhneoirí eile, saothar a bhí i gcló ach a ligeadh i ndearmad.
Cuirfidh an léitheoir spéis mhór sna scéalta agus déarfainn sna haistritheoirí féin. Tá ábhar anseo le bean amháin, Mairéad Ní Mhaicín, ar chuir mé spéis ar leith ann. Ó tharla dáimh agam le Gaeilge Dhún na nGall, d’aithin mé an chanúint aici sna scéalta gan stró. Tá rud inteacht iontach tíriúil faoi charachtair Rúiseacha bheith ag caint Gaeilg!
Tá na scéalta ar fheabhas agus is spéisiúil an duine í Ní Mhaicín (1899-1983). Tá sonraí beathaisnéise fúithi i nGaeilge ar ainm.ie, áit a dhéanann na laochra Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú cur síos an-bhreá uirthi faoin ainm, Maighréad Nic Mhaicín.
Lena chois sin, tá ábhar i mBéarla fúithi ar shuíomh Idirlín an Irish Times nó bhain tragóid mhór phearsanta lena saol agus rinneadh clár faisnéise faoi sin roinnt blianta ó shin.
Tháinig sí ar an tsaol ar an Chlochán Liath, Co Dhún na nGall, ach ba de bhunadh Thír Eoghain a muintir. Margaret McMackin a bhí uirthi i mBéarla ach ‘Daisy’ a tugadh uirthi.
Bhí sí ar Scoil Dhoiminic ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste – seanscoil mo mháthar féin! – d’fhreastail ar Ollscoil na Ríona sa chathair agus bhain BA amach sa Fhraincis agus sa Léann Cheilteach agus MA ón Sorbonne.
Deir Breathnach agus Ní Mhurchú gur i bPáras a thosaigh sí a fhoghlaim na Rúisise. Chuaigh Nic Mhaicín chun na Rúise den chéad uair sa bhliain 1932. Ba í an chéad mhúinteoir Rúisise ar Choláiste na Tríonóide í agus d’aistrigh sí lear mór scéalta as an teanga sin go Gaeilge. Sa bhliain 1983 a fuair sí bás.
Scríobhann Mac Annraoi gur mhaith leis go dtabharfadh “an cnuasach seo spreagadh do dhaoine eile chun a thuilleadh de litríocht na Rúise a chur ar fáil as Gaeilge ar bhonn níos cuimsithí fós”.
Nár dheas dá gcuirfí eagráin nua de na bunleabhair i gcló, go ndéanfaí gaisce na n-aistritheoirí a chomóradh agus go dtabharfaí deis do ghlúin úr aithne a chur orthu?