Ní i gcónaí a ghéillim dá bhfuil im chuid réaltaí nuair a ghabhaim á léamh. D’fhéadfadh an ceart a bheith acu, gan amhras. Nuair a léigh mé “De réir mar atá méar Orion ag síneadh i dtreo gealacha Iúpatair tá ag comharthú go mbuafaidh tú comórtas mór déanamh pancóga an tseachtain seo”, ní foláir dom a admháil gur nocht ceist im aigne.
B’in tamall ó shin, agus níor fíoraíodh fós é, ach is ar dhóchas a mhairimid gach lá solais.
Má bhíonn deacrachtaí ag baint le ciallú na staire, agus má tá níos casta fós léamh ar an aimsir láithreach ná ar a bhfuil imithe, ba dhóigh leat go mbeadh sé nach mór dodhéanta tairngreacht fhírinneach a dhéanamh faoina bhfuil i ndán dúinn.
Ach mar a tharlaíonn, níl sé chomh deacair sin.
Seo ceann a tháinig chugam féin ar imeall an tsléibhe oíche spéirghealaí : “Beidh tuile mhór i gCathair an Iontais i mBliain an Leipreacháin.”
Mise á dhearbhú anois go mbeidh sé deacair an ceann sin a bhréagnú. Níos fearr fós, nuair a fhíorófar é beifear ag fiafraí cad ina thaobh nach raibh fhios acu, agus cromfar láithreach ar shuntas a thabhairt don chuid eile den fháidheadóireacht atá déanta agam.
Is é an cleas atá ann maidir le ceird seo na tairngreachta ná gan a bheith ró-mhionchúrsach. Is chuige sin gur cruinne go mór leithéid Nostradamus a thuar bua Longford Slashers an tseachtain cheana, seachas rud ar bith adéarfadh eacnamaí faoi bhoilsciú ar phraghas na dtithe nó staid an airgeadais i gceann bliana.
Tá de bhuntáiste ag eacnamaithe, ámh, gur féidir leo féachaint isteach i dtóin an chupáin tae ar maidin, is sa chás is nach mbeadh siad sásta leis sin, cuimilt a dhéanamh ar na liathróidí criostail um thráthnóna.
Tá de bhuntáiste, leis, acu go bhfuil siad ag plé le figiúir, agus tá draíocht ag baint le figiúir do dhuine ar bith a láimhsigh abacus ina naíondacht.
Dá mba rud é go raibh tú beo sa bhliain 999 a.d., ní hamháin go mbeifeá sean go maith anois, ach bheifeá deimhnitheach de go raibh deireadh an domhain romhat i bhfíorthosach na bliana dár gcionn.
Agus nach raibh an húrlamáboc céanna timpeall ar an mbliain 2000 nuair a bhí eitleáin le stopadh sa spéir, éisc le siúl ar an talamh agus an tAinchríost le siúl inár measc?
Agus nár gheall Máighigh Mheicseacó go mbeadh deireadh an domhain ann dhá bhliain ó shin, nó b’in an bhrí a bhain saineolaithe áirithe as a gcuid scríbhinní greanta ar geall le pus dhuine iad tar éis dó an iomad hamburgairí a ithe.
Dá mbeadh na Máighigh chomh glic sin go léir, ba dhóigh leat go mbeidís ullamh do na Spáinnigh agus nach rachadh as chomh héasca sin faoi lascadh na gconcasadóirí?
Is cumhachtaí fós an taingreacht má cheanglaíonn tú an reiligiún leis na figiúir chéanna sin.
Is mó sin duine a dhein cíoradh agus scagadh ar fhocail an Bhíobla, chaith beagán éigin uimhríochta isteach sa phota chomh maith, agus preit! a dhuine, scaip an ceo agus thuirling an aimsir fháistineach gan doic, gan deacracht.
Cé acu pleota amadáin ab fhearr leat? An leor William Miller a thuar 1844 do lá Philip a’ Chleite tar éis dó tamall a chaitheamh ag suathadh na bhfigiúr timpeall a bhlaoisce, agus nuair nár tharla an tubaist, dhein tamall suaite eile, agus fuair gurbh é 1845 an ceart.
Ba dhóigh leat gur leor dornán mórbhotún mar seo le galar na taingreachta a chloí, ach cathain ar dhein fianaise difear ar bith do dhuine a bhfuil iomrall imithe sa chloigeann air?
Go deimhin, Francis Fukuyama é féin, is ea, é siúd a mhaígh go raibh deireadh le gluaiseacht na staire agus a d’fhan ciúin ar feadh tamaill tar éis don stair preabadh ar ais de phlimp gan choinne, bhí ag rá le déanaí go raibh an ceart fós go bunúsach aige.
Is fíor go raibh tarlúintí ag titim timpeall a chuir moill leis an téis uaidh, ach i bhfad na haimsire…
Is contúirteach an gnó é seo, gan bhréig. Scríobh HG Wells leabhar dar teideal The Shape of Things to Come sa bhliain 1933, agus bhí an-éileamh air go dtí gur thosnaigh an dara cogadh mór.
Is fíor go bhfaca sé go mbeadh réabadh san Eoraip, ach níorbh fhíor dó nach gcloífeadh an Ghearmáin an Pholainn, ná gach nár lean sin.
Chuirfí deireadh le gach reiligiún roimh dheireadh na haoise agus thiocfadh rialtas domhanda i réim. Á, bhuel…
Is fearr gan a bheith róchruinn. Creid mise ach “Beidh tuile mhór i gCathair an Iontais i mBliain an Leipreacháin.”