Nach gcloiseann tú arís é? An bháisteach throm ag bailiú nirt sna scamaill dhubha. Na spéartha ag tórmach oilc agus daoine ag crith ar talamh. Nach gcloiseann tú an miotal ag luail a chuid matán, miotal a bhí ábhar díomhaoin le tamall?
Nach bhfeiceann tú an súlach le béal na n-impirí agus iad ag ullmhú chun a
thuilleadh daoine a mharú? Nach mór an díol trua iad ina leapacha clúimh ceal codlata de dheasca droch-choinsiasa um na daoine bochta a scuabfaidh siad de dhroim an tsaoil? Mar dhea.
Is deacair a chreidiúint go bhfuilimid anseo arís. Má dhéantar ionsaí ar an tSiria, agus is dócha go ndéanfar, an bhfuil áireamh déanta ag duine ar bith cé mhéid tíortha Arabacha nó Ioslamacha a mbeidh ionsaí déanta ag an Iarthar orthu le tuairim is deich mbliana anuas?
Fan go dtógfaidh mé amach méireanta mo dhá láimh chun a bhfuil im chóngar a áireamh: abraimis, An Iaráic, An Afganastáin, An tSúdáin, An tSomáil, Mali, Libia, Éimin, gan trácht ar dhróin ag titim anuas go laethúil ar an bPacastáin.
Níor mhaith leat dul siar níos faide ná sin, ar mhaith? Fan go bhfeicfidh mé: An Bhanglaidéis (mar atá anois air), an Indinéis, An Éigipt, An Ailgéir, An Liobáin, An Mharóic...
Is róbhaol go bhfuil an spás gann agus foighne daoine mós gairid. Cad is fiú a bheith cráite faoi thír amháin eile a chur leis an liosta sin?
Mar gurbh éigean a rá i gcás Saddam Hussein, caithfear a rá i dtaobh Basher al-Assad chomh maith. Tíoránach agus barbarach agus deachtóir gránna é a bhfuil fuil na mílte ar a lámha.
Más é faoi dear an t-ár is déanaí a shocraigh na meáin a thaispeáint go rialta ba cheart é a fhógairt mar choirpeach idirnáisiúnta agus gach dícheall a dhéanamh é a thabhairt os comhair cúirte chun a thriail a sheasamh.
Tá fasaigh ann dá leithéid, agus ní gan rath ar fad í an chúirt idirnáisiúnta san Háig, cé gur coirpigh bheaga is mó atá gafa ina líon seachas na béisteanna bushblaireacha móra.
Maidir le réiteach ar cheist na Siria, tá gach seans ann go mbrisfear an tír ina dhá cuid ar a laghad, ach go bhfanfaidh Basher i gcumhacht sa pholl ina bhfuil sé.
Cé go bhfuil col ag lucht ceannais an domhain an scian a thógaint amach agus gearradh as an nua a dhéanamh ar eagla go n-imreofaí an íde chéanna ar a bhfearann féin, go minic is é an t-aon réiteach amháin é. Tá chomh maith tosnú ar an bpleanáil anois, mar ní bheidh bua slán abhaile ag deachtóir na Siria ná ag aon cheannaire de chuid na mionfhreasúraí scaipthe.
Caithfear féachaint i gcónaí ar chríoch agus ar dheireadh na mbeart. Má thosnaítear ag báisteach buamaí anuas ar an Damaisc agus ar ionaid máguaird, cén toradh a bheidh air?
Marófar daoine, an chéad rud. Ná creidtear siolla faoi "ruathar máinliach". Níl a leithéid de rud ann. Ní dhíbreofar Basher, agus gach seans go neartófar é.
Tabharfar sólás agus uchtach do Al Qaeda agus a gcairde.
Maslófar na Náisiúin Aontaithe, agus fág go bhfuil maslaí tuillte go dóite acu go minic, is iad an t-aon leathsheans atá againn ar son rianán inmhianaithe dóchais do chearta daonna in aghaidh na n-impirí.
Agus ná bíodh aon amhras orainn, ná oiread is dioga den dabhta doiléir. Baineann seo ar fad le himpireacht agus le himpireachtaí. Cluiche cumhachta atá ann go héag, agus faraoir, is go héag é, éag na mílte nach bhfuil ach ag siúl nó ag siopadóireacht nó ag suirí sna háiteanna sin ina dtitfidh pléascáin ó Bheairic Ó Buama agus óna mheatacháin sna néallta.
Is é is measa is a théann ina luí lom ort ná an salachar goile atá ag na seanimpireachtaí chun cogaidh.
Chuir buntuiscint Shasanach stop leis an gCamshrónach in uair a ghlóire, agus tá monabhar i measc na Meiriceánach agus futa fata ag na Francaigh.
Ach níl amhras ar bith ná gur theastaigh ó na ceannairí scaoileadh le faolchoin na fíochmhaireachta mar a dhein a sinsir rompu. Is cuma caomhach nó luch oibre i Sasana, sóisialach nó nicí neachaí eite deise san Fhrainc, publuchtánach nó dumbocrat sna Stáit, is í an Impireacht an buachaill, an tArm, na saighdiúirí thar lear, na leaids atá ag troid ar ár son, an chosaint ar na milliúin de thuáillíchloigne agus de bhurcamhná a mhúchfaidh ár slí bheatha a mbímid i gcónaí ag gearán mar gheall air.
Is í an Iaráin an gabhar sa chúinne. Dá ráiteachas féin, buamálfar an tSiria chun ceacht a mhúineadh don Iaráin!
Ansin, gabhaim siar ar mo leabhair staire, agus fionnaim nár dhein an Iaráin ionsaí ar an Iarthar le cúpla míle bliain.
Ach beidh mé amuigh lem thua nuair a thiocfaidh siad.