Tá siad á bhfeiceáil agam le seachtain anuas.
Na haghaidheanna glana lándóchais ina gcultacha nua i gclós na scoile.
Na tuismitheoirí á scaoileadh chun bealaigh ar maidin, is á mbailiú meán lae.
An chéad chéim á tógaint acu ar bhóthar na foghlama, nó ar bhóthar de shaghas eile, cá bhfios?
Ráineodh gurb é seo an lá is tábhachtaí i saol eachtraíochta an duine, an chéad lá ar scoil.
An chéad stracadh ón mbaile, an chéad fhágaint mhór, an chéad léim isteach sa doircheacht gan eolas.
Níl aon amhras ná go bhfuil cuimhne ghléineach air ag cách.
Tá’s agam féin, pé sa Mhumhain é, agus cuimhne nach mór chomh gléineach ar mo chuid páistí féin a chaitheamh isteach chun na béiste móire is córas oideachais ann.
Bhí driofúr agam níos sine ná mé adeireadh go síoraí liom, ‘cuirfear béasa ort nuair a rachaidh tú ar scoil.’
Níor thuigeas nach raibh béasa agam cheana féin, ach ba léir go raibh an dara tuairim ann.
‘Och, ní bheidh a Mhamaí ábalta ar é a chosaint níos mó nuair a ghabhas sé ar scoil,’ ó aint liom, aint nach raibh rócheanúil orm cibé.
‘Tá an múinteoir thar a bheith crosta,’ deireadh comharsa agus fhios aici go mbínn ag éisteacht, ‘chuala mé nach raibh foighne ar bith aici.’
Mar a tharla, níorbh é sin an fuadar a bhí faoi aon duine dem chairde ar an mbóthar a bhí ar scoil cheana féin, ná ar mo dheartháir a bhí breá sásta bob a bhualadh orm dá bhfaigheadh sé an chaoi chuige.
Is chuige sin nach raibh aon róbhuairt orm agus mé ag déanamh ar an scoil an mhaidin chinniúnach sin.
Bhí an spéir liath go maith, is cuimhin liom, agus ghabh trucail thart a raibh muca ag screadach inti.
Thuirling préachán ar bhinn tí agus scaoil práib anuas, ach munar thuig mé siombail ag an am, ní foláir nó shleamhnaigh isteach san áit sin ina bhfuil na domhainstruchtúir aircitípeacha bunchlóite Junkucha úd ina luí.
Chonaic mé corpán chait ar an mbóthar agus a raibh taobh istigh de taobh amuigh, agus bhí na tubaistí ag iomadú faoi seo.
Nuair a shroicheamar geataí na scoile tharla rud aisteach.
Bhí cuid díom breá socair suaimhneach agus réidh ullamh chun eachtra eile saoil a bhlaiseadh; ach bhí cuid eile ag bagairt orm ag rá go raibh céasadh agus pianpháis agus uafás agus leadradh romham.
Lámh mo mháthar
Leis sin, scaoileas greim de láimh mo mháthar, agus rug go daingean ar ráillí na scoile, agus chrom ag screadach agus ag liúireach: ‘Nílim ag iarraidh dul ar scoil, nílim ag iarraidh dul ar scoil!’, agus mar sin de, nó níos measa.
Caithfidh gur shuaimhnigh mo mháthair mé gan aon rómhoill, mar is gairid go rabhas suite ar chathaoir agus bean rialta ag iarraidh a bheith milis liom.
B’iad a cuid éadaí is mó a chuir eagla orm, mar ní raibh a fhios agam cad d’fhéadfadh a bheith i bhfolach faoi na bráillíní dubha a bhí á gcaitheamh aici.
Sábh, nó casúr, nó bior, nó madra allta le greim a bhaint asam?
Ansin, chuaigh sí go dtí an clár dubh agus tharraing pictiúr. Scríobh sí focal lena ais.
‘Doras,’ an focal a scríobh sí. ‘We are going to call this a doras from now on,’ ar sise.
Cheapas riamh gur samhail ba ea an méid sin don oideachas ar fad, cé nár thuigeas san am é.
Doras is ea an t-oideachas, cé go bhfuil glas air dá lán.
Fuinneog is ea an t-oideachas, ach cé osclóidh duit é?
An chéad chéim, nó an chéad oscailt is ea í a thógaint.
Ar nós gach coiscéime eile.