Tá ardmholadh faighte ag an tsraith Love/Hate le míonna anuas. Léargas an-chruinn ar fhochultúr na coiriúlachta san ardchathair inniu é, go háirithe domhan foréigneach na ndrugaí.
Sraith eile a bhfuil ról lárnach ag Éireannaigh ann is ea Peaky Blinders a bhfuil an dara sraith de tosaithe ar an BBC. Mórán na gnéithe céanna a áirítear leis an dráma seo – réaltacht, aisteoireacht den scoth agus cruinneas ó thaobh na staire de.
Baineann na Peaky Blinders le buíon coirpeach a raibh na ceantair ba bhoichte i gcathair Birmingham faoina smacht agus mar lárionad acu ag tús na haoise seo caite.
Is é an Corcaíoch Cillian Murphy atá sa phríomhpháirt ann agus m’anam go bhfuil sé go maith.
Ar cheannairí na Peaky Blinders, mar a bhí go fírinneach sna 1920í, bhí Gael-Shasanach darbh ainm Mac Niocaill agus idir ghunnaí agus sceana in úsáid acu nuair ba ghá leo.
Lean tréimhse chorraitheach an Cogadh Mór, mar a tugadh air, fud fad na hEorpa.
Aisteach le rá, in ainneoin go bhfuil tús an Chogaidh Mhóir á “chomóradh” ag daoine áirithe i mbliana, is beag caint atá déanta ar an tréimhse a lean an cogadh, cogadh a raibh barbarthacht as cuimse le sonrú air agus a d’fhág rian nach beag ar mhuintir na hÉireann leis.
Sna blianta a lean an Chéad Chogadh Domhanda, bhí an dífhostaíocht, an bhochtaineacht agus míshuaimhneas sóisialta go forleathan; anuas air sin, scaip ráig ar baisteadh an “Fliú Spáinneach” uirthi (1918-1919), tinneas a mharaigh na milliúin daoine ar fud an domhain. Tháinig méadú ar an gcoiriúlacht i gcuid mhór de chathracha na hÉireann agus i gcathracha móra na Breataine.
An cheist is mó a bhí i mbéal na ndaoine ná seo: cad ab fhiú slad mire an Somme, agus Mons agus Verdun is na milliúin fear óg séidte chun na síoraíochta?
Cuid mhór díobh siúd a tháinig slán ón ár, chuir an tslí ar chaith na húdaráis leo as go mór dóibh agus bhraitheadar náirithe ar fhilleadh ón ár dóibh, iad fágtha gan phost, gan greim ná bolgam ina mbéal acu.
Ní nach ionadh, thaobhaigh cuid mhór de na fir dronga sráide, na Peaky Blinders i gcathair Birmingham san áireamh. Ar na coireanna ba mhinice a rabhadar bainteach leo bhí goid toitíní agus alcóil agus agus iad sáite sa chearrbhachas agus sa gheallghlacadóireacht.
Uaireanta, maítear gur eagraíodh dronga coiriúla ar bhonn eitneach nó seicteach amháin, go háirithe sna cathracha sin a raibh pobail mhóra imirceach iontu (imircigh ó Éirinn go minic) dála Ghlaschú agus Birmingham.
Is é fírinne an scéil, áfach, ná go raibh dílseacht áite is clainne ar an ní ba thábhachtaí i gcónaí riamh.
Drong amháin a bhí i mbéal an phobail ar feadh na mblianta ab ea na Beehive Boys ó cheantar Na Gorbals i nGlaschú. Bhí idir Chaitlicigh, Phrotastúnaigh agus Ghiúdaigh ina mbaill den drong sin.
Mar an gcéanna le grúpaí ar nós na Scuttlers (Manchain), na Elephant Boys (Deisceart Londan), Garvin’s Sheffield Gang agus an Newcastle Race Gang. Bhí na buíonta sin dea-eagraithe agus ar a gcumas suimeanna móra airgid a shaothrú laistigh d’achar gearr ama, go háirithe ar rud ar bith a bhain leis an imeaglú a rinne siad ar gheallghlacadóirí agus ar na pobail rachmasacha a thaobhaigh rás-chúrsaí na Breataine.
Toisc seal caite san arm ag baill áirithe de na grúpaí céanna, thuigeadar an tábhacht a bhain le heagar, le pleanáil agus le húdarás agus ceannaireacht laistigh de ghrúpa mór dá leithéid.
Bhain ard-stádas sóisialta le ballraíocht i mbuíonta dála na Peaky Blinders, go háirithe i measc chosmhuintir bhocht na lárchathrach agus mná is fir ina mbaill.
Luaitear go raibh na mná daingean, crua agus bainteach le scliúchas sráide go minic i dteannta na bhfear, agus próifíl ard acu i measc an phobail dá réir sin. Glaodh na “Queen Bees” ar chailíní na Beehive Boys i gcathair Ghlaschú.
I measc ár gcomharsan béal dorais i Sasana maítear gur treo nua radacach teilifíse atá glactha ag an BBC leis an gclár Peaky Blinders.
San am atá caite, bhain “period dramas” na Breataine le saol na huasaicme (Jane Austen agus a leithéidí). B’annamh a léiríodh gnéithe shaol an lucht oibre agus na cosmhuintire thall.
Tá sé seo athraithe anois le Peaky Blinders agus nach maith nach Downton Abbey amháin atá ar na scáileáin?