Le linn dom a bheith ag éisteacht go grinn agus go mion leis an áiteamh timpeall ar reifreann na hAlban an tseachtain seo caite, b’éigean mórán argóintí gan dealramh a fhulaingt.
Bhí cuid acu chomh cruinn leis an tairngreacht a gheofá sna réaltaí lá ar bith i nuachtán ceirte, agus cuid eile chomh gaoismhear le ‘dá mbeadh-achas’ John Bruton, ach níos caolchúisí fós.
As lár an bhlabair dúirt fear spóirt amháin a chaith geansaí gorm na hAlban (bhueil, dúghorm le fírinne) i gcluiche liathróide ubhchrothaí nach bhféadfadh Alba neamhspleách na cluichí comhfhlaithis a thionól chomh maith is a déanadh dá mbeadh siad scartha ón máthairthír ó dheas.
Is ansan a tuigeadh dom, de splanc éipifiniúil nach lasfadh cillín i gcloigeann James Joyce féin, go raibh dóchas an neamhspleáchais cnagtha.
Tá ina dheimhin againn gur cuid den ghaois neamhmhachnamhach is ea gurbh í an eacnamaíocht a dhein an difear. Ní mhaím nár chuaigh i bhfeidhm i measc daoine a raibh pócaí ina gcloigne acu.
Is é an póca sa chloigeann a leithríonn páirtí amháin ó pháirtí eile nuair is ionann iad ar gach slí eile.
Ach ní hé an póca sa chloigeann a shocraíonn conas mar a vótáileann daoine i gcúrsaí náisiúnta.
“It’s the economy, stupid!” a mhaígh Bill Clinton, agus is geall le mana ag amadáin ó shin é.
Níorbh í an eacnamaíocht a dheighil Poblacht na Seice ón tSeicsleóvaic, ná an tSlóivéin ón Iúgsláiv, ná an Iorua ón Danmhairg, ná an Bhulgáir ón Tuirc, ná Vítneam ón bhFrainc, ná an Eastóin ón Rúis, ná An tSúdáin Theas ón tSúdáin Mhór, ná…ach cá dtáim ris?
Má cheapann tú gurb í an eacnamaíocht amháin a shocraíonn crá croí polaitiúil ba cheart duit cúpla leabhar staire a léamh.
Na hAlbanaigh féin, chuaigh chun greadóige agus cogaí fíochmhara eile ar son foclaíocht leabhar paidreacha.
Inár gcás féin, ba mhóid dílseachta nó a diúltaithe a cheangail príosúnaigh le mianach i mBaile Uí Shíoda; agus sinn inniu ar urlár na huaire seo, agus slad á dhéanamh ar mhachairí na Siria agus ar scrobarnach na hIaráice, ba dheacair a áiteamh gur cúrsaí eacnamaíochta faoi ndear an marú laethúil a thugtar dúinn inniu agus gach lá.
Dá mba rud é gurb í an eacnamaíocht a mheáigh, ba mheabhair linn go léir a bheith inár gcuid den tSín, nó den Iorua, nó de Lucsamburg, nó pé críoch atá thuas go sealadach ar ala na huaire gairide i rás buile an tsaibhris gan chrích.
Nó, go deimhin, ní fheicim scuaine mhór de shaoránaigh an iarthair ag iarraidh ceangal le Qatar a bhfuil an teacht isteach is mó per cloigeann ar domhan acu.
“It’s the culture, stupid!” an freagra, ar ghliocas simplí Bill Clinton.
“Is é an cultúr atá ann, a bhreallsúin, a éagain, a amadáin,” má thuigeann tú le cultúr gréasán fairsing de thuiscintí a fháisceann ciall agus luach as an mbeatha dhuit, agus a bhfuil tú sásta siúl tamall den tslí leis in ainneoin na n-ainneoin.
D’fhéadfadh creideamh a bheith i lúib na tuisceana sin, nó iarchreideamh, nó teanga, nó leabhair a léigh tú, nó meirgí a craitheadh os cionn do chliabháin, nó ceol a dingeadh id chluasa sa naíonra, nó portaireacht shíoraí na bpolaiteoirí nach raibh éalú uathu, nó nuacht na teilifíse a chraol scéala na ndaoine a raibh cumhacht acu, nó máirseáil ar shráideanna, nó sinsir a fuair bás, nó ráitis cheiliúrán nár thuig pioc, nó seandiagacht nárbh eol duit a athraíodh fós...
Ná bíodh aon amhras ort, is é an cultúr seachas an eacnamaíocht a shocraíonnn conas mar a chaitear guth go gnáthnósach.
Is ar chúrsaí cultúir a chaith Alba a guth. Ní cultúr sa chéill is cúinge atá agam á mhaíomh ach rud i bhfad níos fairsinge.
Ní de thimpist é go raibh an vótáil i gcoinne an neamhspleáchais sna críocha ba ghaire do theorainn Shasana. Agus in oirthear na tíre, arbh ann ba dhílse do ríthe Shasana riamh.
Ceist níos íogaire, agus níos caolchúisí is ea Inse Ghall, na hOileáin Siar.
Is ait linne in Éirinn go n-aontódh na ceantair is mó Gaeilge le rialtas na Breataine Móire, dá chaoile mar vóta é.
Meascán aisteach de “white settlers”, mar a thugtar ar dhaoine isteach, de sheanchuimhne Ríocht nan Eilean nár ceangladh le hAlbain go dtí le déanaí í, de dhílseacht do na buachaillí bochta a throid in arm na himpireachta, agus de chol le Glaschú ba mhó ba chúis leis.
Fearann réigiúnaithe nár mhaistrigh an stair riamh é is ea Alba. Bhuaigh réigiúin áirithe an reifreann seo, cibé is a tharlóidh an chéad uair eile.