Tá radharc ann i dtreo dheireadh an úrscéil iontaigh sin nach maith le hUltaigh ná le Connachtaigh bhochta, Séadna, ina bhfiafraíonn an gréasaí den bhfear dubh a mhíniú dó cad tá déanta as an tslí aige.
‘Cuir d’ainm is do shloinne air,’ an dúshlán a chuireann sé roimhe; is é sin, bhí ag áiteamh go beacht air a raibh i gceist aige a chiallú.
Bíonn an-leisce ar dhaoine ainm is sloinne a chur ar nithe a bhíonn á mbualadh sa phus.
Ar an gcuma sin, nuair a cheapann na Francaigh rialacha buile maidir le héadaí mná nach bhfuil le fáil in aon áit eile ach sna tíortha Arabacha a bhfuil a mhalairt de rialacha acu maidir le héadaí mná, tugtar ‘réasún’ air sin, agus ‘neodracht’, agus ‘tuatachas’, nuair is eol do dhuine ar bith a bhfuil níos lú cillíní go mór aige ná teaghlach ríogúil ar bith gur dlíthe iad i gcoinne phobail Mhuslamaigh na Fraince, siar amach, dul go bun an bhúircíní, sin uile.
Cuirtear feisteas galánta síoda ar ghabhar, ach is gabhar i gcónaí é.
Ní maith leo an pobal Muslamach mar chaith siad go dona leo, chaith siad go gránna leo, chaith siad go barbartha leo, agus tá eagla anois orthu go gcaithfí machnamh a dhéanamh air seo air ais.
In ainneoin ár gcuid airgid go léir ar oideachas, ní maith le daoine smaoineamh a dhéanamh.
Iad siúd a léann na tablóidí (formhór na ndaoine), tá gach rud leagtha amach i mboscaí faoi leith.
Níl aon bhaint dá laghad ag ‘x’ le ‘y’, agus is cinnte nach bhfuil aon bhaint ag ‘m’ le ‘n’.
Báthadh na mílte duine sa Mheánmhuir, sin é.
Báthadh na mílte duine sa Mheánmhuir.
Báfar tuilleadh sa mheánmhuir.
Tarlaíonn a leithéid. Seans is ea an uile ní.
Fuair milliún duine ar a laghad bás sa ghorta in Éirinn i lár na 19ú haoise; go díreach, tharla sé.
Ní raibh aon bhaint aige le rud ar bith eile; ní raibh cúis ar bith leis.
Nó pé cúis a bhí leis, níl spéis dá laghad agam ann. D’éileodh spéis machnamh.
Táim breá sásta compordach im dhomhan beag uathúil féin, áit nach bhfuil baint ag rud ar bith le rud ar bith eile.
Sin í an aigne thablóideach. An aimsir láithreach an t-aon bhuachaill amháin sa ghort. Cúram láithreach an lae inniu fad mo radhairce.
Na spéaclaí sin a thugann siar is ar aghaidh mé, na spéaclaí sin a dhéanfadh spéacláireacht ar cad ina thaobh a bhfuil an saol mar atá, diúltaím glan, nó salach, dóibh.
Ceist sin an pháiste, ‘Cén fáth?’ ní cóir é a éileamh ar aosaigh.
Fuarthas scata fear ina bpríosúnaigh san Obair i gCo. na Mí an tseachtain cheana. Tá rogha againn a rá go bhfuarthas scata fear ina bpríosúnaigh i gCo. na Mí an tseachtain cheana, agus bhueil sin sin, tá sin tuf, so bhat?; agus fuair Kiera Kandaschound stíl ghruaige nua an lá céanna, agus bhí iníon an Tiarna Bhaldardais ag an mbál i gCaisleán na Sláinge, agus fuarthas faithne ar leiceann chlé an amhránaí Julio Freidí Mac Leannáin de réir an tsícedhraoi is déanaí – nó a fhiafraí dínn féin an sclábhaithe iad seo?
Sclábhaithe san 21ú haois?
Is é a áitíonn an intinn chúng uathúil nach bhfuil baint dá laghad ag rud ar bith lena chéile agus gur beo dúinn i mbulgóid nach gá dúinn féachaint lasmuigh dhi.
An ritheann sé le haon duine gur cuid de thionscal mór nua-sclábhaíochta an domhain amhlachas chás na bhfear seo, tionscal a sholáthraíonn an síoda sin atá ort go saor agus le hallas?