Éan amháin nach mbíonn fáilte ná fáilte roimhe – an snag breac. Goilleann sé go mór orm an snag breac a fheiceáil sa gharraí nó, má bhíonn an snag breac ann, is cinnte nach mbeidh na héin bheaga eile le feiceáil ina chuideachta.
Tugann an tEolaí Póca ar éin (An Gúm) le fios go bhfuil “droch-cháil air mar go gcoilleann sé neadacha na n-éan beag”. Caithfidh sé go dtuigeann na héin bheaga sin ina gcroí beag féin. Seachnaíonn siad é.
Tá snag breac aonair sa gharraí le tamall. Bíonn sé ar patról sa gharraí thiar agus tosaigh; bíonn sé ag faire leis ó bhun na gcrann; bíonn sé ag stánadh ó dhíon an tí. Níl dúil agam ann mar éan.
Ní maith liom an cochall dúghorm sin ar a chloigeann; cuireann sé balaclava paraimíleatach i gcuimhne dom agus tá mé mo sháith agam den drong sin fosta. Seo é ag léim thart sa gharraí agus níl rí rua ná gealbhan ná dreoilín le feiceáil.
An bhfuil siad scanraithe? An bhfuil siad i bhfolach sna fálta, ag fanacht go n-imeodh an snag breac?
Ní chuireann sé eagla ar an chág, is fíor. Feicim an cág ag siúl leis ar a shuaimhneas sna garraithe céanna. Nach ait é? Níl olc ar bith agam don chág.
Deir iarmhúinteoir scoile liom gur ghnách leis na páistí píosaí ceapaire a thabhairt don chág agus go seasfadh sé ar a mbos, ag ithe leis go réidh.
Ní dhéanfadh an snag breac sin. Ní ligfeá dó nead do bhoise a choilleadh.
póm