Deirtear nach bhfuil eagla ar Asterix na nGallach roimh rud ar bith ach go dtitfeadh an spéir anuas air. Níl eagla ormsa roimh a leithéid. An eagla atá ormsa nach dtitfidh an fhearthainn anuas orm. Deich lá a bhí an tír tirim, a dúirt fear na haimsire. Deich lá gan fhearthainn, gan deoir anuas. Deich lá fhada.
Bhí go breá an chéad lá. Ba dheas agus ba ródheas an ghrian a fheiceáil. Bhí go maith an dara lá. Is deas an t-athrú é dhá lá thirime. Agus an tríú ceann. Tá an rothaíocht go breá. Agus an ceathrú ceann. Tá na feirmeoirí ag baint an fhéir.
Agus an cúigiú ceann. Tá na feirmeoirí ag baint an fhéir go fóill. Agus an séú lá...
Tá mé ag iarraidh rud beag imníoch faoin am seo. Sea, tá a fhios agam gur deas an rud é aimsir mhaith, gur annamh é. Tá a fhios agam gur mór an pléisiúr an ghrian a fheiceáil, an teas a mhothú ar do chraiceann. Ach sé lá i ndiaidh a chéile?
Seachtain ar fad. Seachtain agus lá.
Méadaíonn ar an imní faoin naoú lá. Tá fonn orm, faoin naoú lá, rith isteach sa loch. Níl sé nádúrtha go mbeimis naoi lá gan fhearthainn. Tá mé i mo chónaí in Éirinn, chan san Iodáil. Tá an oiread seo gréine mínádúrtha. Ní luíonn sé le nádúr an Ghaeil rua bheith faoin ghréin an t-am uilig. Tá rud inteacht as cosán cliseadh as do chodladh agus fáil amach go bhfuil an ghrian ag spalpadh. Arís! In Éirinn! Arís!
Dúirt an scríbhneoir Seosamh Mac Grianna go raibh eagla fhada bhuan air roimhe féin. Tá eagla fhada bhuan ormsa roimh thuradh a mhaireann seachtain go leith. Scrúdaím an spéir agus aip aineolach na haimsire. Cuidiú ná cuidiú le fáil i gceachtar acu.
Beidh cuimhne agat, b'fhéidir, ar an chnuasach gearrscéalta a scríobh deartháir Sheosaimh, Séamus Ó Grianna, Cith is Dealán. Cith. Dealán. An cith roimh an dealán. Sin mar is fearr linn é. Is é an cith is nádúrtha, is dúchasaí.
Amharc fosta ar na focail atá ag Breandán Ó Doibhlin, scríbhneoir, ar bháisteach ina leabhar Gaoth an Fhocail (Coiscéim): cith; bailc; múr; múraíl; sprais; ráig; barrchith; díle; cith gealáin; fearthainn; tuile; brádán; draonán, ceobhrán; cafarnach; sriabhán; síobráil; riascacha; tuairt; spreachall; rilleadh; tuile liaga.
Agus na briathra faoin fhearthainn: ag stealladh; ag greadadh; ag balcadh; ag gleadhradh; ag leidearnach; ag lascadh báistí; ag cur go trom; ag caitheamh sceana gréasaí; ag cur de dhíon agus de dheora.
Sin an cineál teanga a thuigeann muid. Ná bac an amaidí sin faoin ghréin bheith ag scoilteadh na gcloch. Ní fhaca mé an ghrian ag scoilteadh cloiche riamh. Ach chonaic mé fearthainn ag lascadh agus ag greadadh agus ag stealladh.
Cá hiontas go mbíonn muid uaigneach i ndiaidh uisce?
Athbheochan na Seicise
Is fada lucht na Gaeilge ag cur spéise i gcás teangacha fud fad na cruinne. Beidh suim ag mórán acu, dá réir sin, in aiste leis an scoláire, Radvan Markus, den teideal “An tAiséirighe Seiceach – Adhbhar Dóchais do Ghaedhealaibh: Athbheochan na Seicise in Irisí Éireannacha ag Tús na 20ú hAoise”.
Ag scríobh i nGaeilge dó san iris Léann (in eag ag Mícheál B. Ó Mainnín agus Rióna Ní Fhrighil), scrúdaíonn Markus cás na Seicise ag tús na haoise seo caite agus iarrachtaí lucht na Gaeilge cás na teanga sin agus cás na teanga abhus a chur i gcomparáid le chéile. Baineann Markus úsáid as sleachta ó fhoilseacháin na hÉireann leis an eolas a chruinnigh lucht na Gaeilge ar athbheochan na Seicise a chuir i láthair lucht na teanga inniu.
Pléadh ceist na Seicise i nGaeilge agus i mBéarla an t-am sin agus léiríonn Markus an tuairimíocht éagsúil a bhí ar siúl ar irisí Éireannacha faoin cheist – agus lucht na Gaeilge ar lorg múnlaí agus, déarfá, ábhar bolscaireachta do chúis a dteanga féin.
Tá sleachta ag Markus as alt le Seán Ó Loingsigh a foilsíodh in 1932, alt a phléann le meon an phobail thall i leith a dteanga agus cúrsaí litríochta sa tSeicis: “Níor bharra gan fiadhaillí ar fad é. Bhí a lán scríbhneoirí a tharraing a dtinfeadh agus a smaointe ó shaothar Gall .i. Franncaigh is Rúisigh go mór-mhór. D’fhág an tionchur Ghallda droch-bholadh ar chuid mhaith d’a bhfuil ceaptha sa tSeicis i gcaitheamh na 19adh aoise agus na 20adh aoise. Ní fhágann san ná bhfuil sgríobhnóirí sa tSeicis agus buadh na fíorfhilidheachta aca.Tá, neart díobh.”
Aithneoidh mórán scríbhneoirí comhaimseartha Gaeilge an meon sin!
Le cois na haiste le Markus san iris, scríobhann Éadaoin Ní Mhuircheartaigh aiste ar “Dhrámaíocht Dhúchasach? An tAgallamh Fileata ar Ardán na hAthbheochana”; tá alt le Liam Mac Mathúna “An Craoibhín Aoibhinn 1874-1880: Suim Phearsanta agus Suim Phoiblí sa Ghaeilge” agus ceann le Tríona Ní Shíocháin ar “An Tairseachúlacht Bhuan agus Múnlú na Suibiachta i Nuafhilíocht na Gaelainne”.
Eolas: anirisleann@gmail.com nó www.leanniris.com