Tost agus Allagar (Coiscéim) is ainm do chnuasach nua filíochta Ailbhe Ní Ghearbhuigh, cnuasach a seoladh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.
Seo an dara cnuasach aici agus scríobhann Máirín Nic Eoin, criticeoir, ina réamhrá leis an leabhar, go bhfuil “léitheoirí na Gaeilge ag tnúth leis an dara cnuasach uaithi mar aithníodh ón tús go raibh guth láidir liriciúil tagtha ar an bhfód, guth atá chomh huirbeach, idirnáisiúnta iltíreach agus atá sé Éireannach, chomh húr comhaimseartha agus atá sé fréamhaithe i ndúchas na Gaeilge”.
“Ceisteanna teanga,” is spéis le Ní Ghearbhuigh, a deir Nic Eoin, “teanga na mothúchán agus teanga an choirp, guthanna daonna agus fuaimeanna na timpeallachta agus iad i gcomhghaol agus i gcoimheascar síoraí lena chéile”.
“Lón machnaimh” agus “féasta filíochta” atá le fáil sa chnuasach; léiríonn na dánta “samhlaíocht agus éirim thar an gcoitiantacht, ach bainfidh léitheoirí pléisiúr as cuimse as an bhfriotal ceolmhar agus as na híomhánnna beoga..”
Mura leor sin de mholadh, tugann Nuala Ní Dhomhnaill, file, le fios sna nótaí clúdaigh gur “leabhar iontach é seo. Labhrann intleacht chomh géar agus chomh gléineach tríd síos gur cuis bróid dom é gur i nGaeilge a labhrann sí. An tuiscint atá ann ar chás an duine, ar chomh deacair is atá sé teanga a chur ar eispéireas an chine, gan trácht ar an duine aonair…”
De bhunadh Chiarraí í Ní Ghearbhuigh agus moladh an chéad chnuasach filíochta dá cuid, Péacadh (Coiscéim) go mór. Bhain a dán Deireadh na Feide Corn Uí Néill agus roghnaíodh dán eile dá cuid, Filleadh ar an gCathair, mar Dhán Uachtaránachta an Aontais Eorpaigh.
Faoi Ní Ghearbhuigh féin a fhágfar an focal scoir: “Cloiseann sé fós é:/díoscán an oighir,/tormáil i bhfad uaidh,/ciúnas an tsneachta.”