Nuair a fógraíodh go raibh an dara cogadh mór barbartha le bheith ar siúl bhí tost tamall ann. Tugadh “an cogadh bréige” ar na míonna sin nuair a bhí taobh gach taoibh ag prapáil chun báis. Ar ann gcuma chéanna bhí “an cogadh fuar” againn, fad is a bhí daonlathaigh (mar dhea) ag faire ar chumannaigh (mar dhea) féachaint ar cé is túisce a scaoilfeadh le cnaipe.
Tá deireadh, áfach, leis an gcogadh fuar agus leis an gcogadh bréige araon maidir leis an olltoghchán de. Tá an rás faoi lán seoil. Beidh rialtas Fhine Fáil nó Fianna Gael nó Luch Féin nó Muid Oibre ag teacht chun an dorais go luath. Fútsa atá labhairt leo, nó an gadhar a ligean den éill.
Cén difear a dhéanfaidh?
Is beag duine againn nach bhfuil siniciúil ar a laghad go bun an chnoic, go tús an aistir.
Ní hé nach gceapaimid nach bhfuil ego mór agus gach sás chun a chomhlíonta ag polaiteoirí – ach ní cheapaimid go ndéanann sé difear dul i ngleic leo. Bímid ag coinne leis an gcnag sin ar an ndoras d’fhonn ár racht a ligean, agus d’fhonn is gur féidir linn ligean orainn go bhfuiltear ag éisteacht.
Táthar ag éisteacht, gan amhras; sin bua mór an daonlathais. Ach níltear ag éisteacht leatsa ná liomsa go speisialta, go príobháideach pearsanta, amhail is go rabhthas chun airde a thabhairt ort. Is ball den slua tú, agus is mar bhall beag den phobal a éistfear leat.
Deir an daonlathas leat go bhfuil tú mór; ach deir an rogha atá agat go bhfuil tú beag bídeach.
Bheadh sé contúirteach, áfach, a cheapadh nach ndéanann a dtoghann tú difear ar bith. Dhein sé difear áirithe gur toghadh Mariano Rajoy ina phríomhaire sa Spáinn sa bhliain 2011 mar mhalairt ar an Partido Socialista Obrero Espanol, an Páirtí Sóisialach; ach ní fios go cruinn cén difear é.
Chuir páirtithe sóisialacha sna tíortha Lochlannacha córais shláinte agus oideachais i bhfeidhm a chuaigh chun leasa na bpobal ar feadh cúpla glúin, cé go bhfuil lucht airgid ag bualadh ar na doirse ansiúd le tamall ag iarraidh na cearta a fáisceadh go daor a chlasú chucu féin amháin.
Níl aon duine a mhaífeadh nár athraigh ardú Thatcher agus Reagan chun na cumhachta dreach a dtíortha, agus faraor, cuid mhór de dhreach an domhain.
B’fhurasta cuimhneamh ar reachtaíocht a tugadh isteach a chuir cor chun feabhais nó chun oilc abhus – saoroideachas meánscoile mar shampla amháin, nó scaoileadh le tógálaithe a rogha bhosca a thógáil ar an leith eile.
Is í an fhadhb atá agat ná nach bhfuil aon mhiosúr ann leis na bearta a dhéanfaidh an dream a cheapfar a thomhas.
B’fhéidir go dtiocfadh Aire lánfhuinnimh samhlaíochtbheoga isteach a réiteodh an córas sláinte; nó duine a sheasódh go neamhleithscéalach ar son neodracht na tíre in aghaidh na bullaíochta amuigh ansin.
Níl aon tslí againn leis an aimsir fháistineach a mheas; níl againn ach an ghnáthléim sa doircheacht, an buille faoi thuairim, an dóchas ina sheasamh ar bhraistint in íochtar thíos.
Ar éigean go vótáileann aon duine ar bhonn polasaithe atá léite go mion. B’fhéidir go gcomhairfeadh breab atá ag snámh mar bhrobh ar an ngaoith phoiblí, dá mbeadh sé meallacach go leor. Ach, is ar bhraistint a chaitheann daoine a nguth de ghnáth – ‘Baineann na daoine sin liomsa,’ ‘Is den aicme chéanna sinn,’ ‘Is daoine deasa iad’, ‘Tá siad sin iontrust’, ‘Ní maith liom a phus,’ ‘Bhí alt maith mar gheall air/uirthi’, ‘Dúirt duine go ndúirt sé uair amháin…’, ‘Tabharfaidh mé seans don dream eile an t-am seo,’ ‘Tá guth deas aici agus fiacla dá réir,’ ‘Níor athraigh mé riamh agus nílim chun a dhéanta anois’ …
Uaireanta eile, is gluaiseacht mhór stairiúil a bhíonn i gceist, taoide i gcás an duine níos fairsinge ná aon mhíniú amháin.
Nuair a bheidh deireadh le comóradh 1916, fillfidh Fine Gael ar a bpréamhacha Réamonnacha; déanfar Fine Gael d’Fhianna Fáil; déanfar Fianna Fáil de Shinn Féin; agus beidh an Lucht Oibre ina rútaphrumpa do dhaoine nach mian leo vótáil ar son aon dream díobh siúd thuasluaite.
Beidh na míoltóga againn – Renua, arb í an chuid is fearr díobh ná an t-ainm.
Cheapas ar feadh tamaill gur PDs éadrom a bhí iontu, ach is ró-eagal liom anois gur PDs trom iad.
Na Daonlathaigh Shóisialta gan eagar náisiúnta.
Na Rossies ar glac-a-bhfaighir iad ar féidir rud ar bith a chur isteach, nó a bhaint, astu. An eite chlé ar fad, ar dream bocht silte iad nach féidir leo cur le chéile.
Cén dream, nó cén cumasc de ghrúpaí éagsúla, arbh fhearr leatsa iad ag déanamh leithscéalta ar an scáileán go ceann cúig mbliana?
Sin an cheist.