“Téanam! An dtiocfaidh tú ag piocadh do shróine i mo theannta?” “Ó ní dhéanaim é sin a thuilleadh. Táim gnóthach le peil!”
Is ainnis an scéal é nuair a thagann cúrsaí peile idir leanbh is a smuga!
Chuir an comhrá sin ag machnamh mé ar chaitheamh aimsire agus ar chúrsaí ama i saol na leanaí.
“An té a bhíonn díomhaoin, bíonn sé drochghnóthach,” a deirtí linn fadó, ach n’fheadar an aontóinn leis sin.
Bíonn an díomhaointeas de dhíth agus b’fhearr liom go mbeadh níos mó ama againn chun na maidí a ligean le sruth.
Nílim a mholadh gur gá an lá a chaitheamh leis an smuga, ach déanaim iontas den easpa ama a bhíonn againn go léir – agus ag leanaí go háirithe – chun a bheith díomhaoin na laethanta seo.
Bíonn tacsaithe na Mamaís, ár dtacsaí féin san áireamh, ag imeacht is ag teacht de shíor – ceardlann anseo, rang ansiúd, campa thoir, traenáil thiar, ag imeacht is ag teacht is ag teacht is ag imeacht go dtí go dtagann mearbhall ar na héinne.
Is mó tigh ina mbíonn dhá sheisiún imeachtaí ar siúl tar éis scoile gach uile lá den tseachtain – drámaíocht is peil Dé Luain, ceol is iománaíocht Dé Máirt, snámh is amhránaíocht Dé Céadaoin, lúthchleasaíocht is gleacaíocht Déardaoin, rince is leadóg Dé hAoine, cluichí peile agus feiseanna ag an deireadh seachtaine agus mar sin de agus mar sin de go dtí go mbíonn gach uile nóiméad líonta agus gan aon am fágtha chun an smuga a iniúchadh.
Is cinnte go mbíonn brú i measc tuismitheoirí na laethanta agus na seachtainí a phacáil le gníomhaíochtaí oideachasúla agus spórtúla a rachaidh chun tairbhe – táthar ag súil – do mheabhair agus do shláinte a gcuid leanaí.
Bíonn sé deacair gan géilleadh don mbrú sin agus muinín a bheith agat as an tairbhe a bhaineann le ham atá saor, le ham atá ‘díomhaoin’.
Éiríonn sé níos deacra, chomh maith, de réir mar a théann na leanaí in aois, an t-am luachmhar cruthaitheach saor seo a chruthú – am nach mbíonn rang, ná ceardlann, ná clár teilifíse, ná clár teagaisc, ná clár léinn, ná clár dubh, ná clár cliste i gceist.
Am chun a bheith ag eagrú drámaí agus céapars do théidís an tí, ag déanamh tithe as plaincéadaí, ag déanamh cumhráin as bláthanna is cupóga, ag doirteadh uisce, ag piocadh nóiníní, ag luí ar an bhféar ag feiscint rudaí sna scamaill agus ag méiseáil.
Bhí lá ní fadó ó shin a raibh fuirseadh, fotharaga agus suaitheadh i measc bhéiríní an tí agus cad é eagrú á dhéanamh orthu.
Bhíodar ag triall ar an seomra suite ina sluaite agus ba léir go raibh rud éigin mór ar bun.
D’fhiosraíos an cúram. Ócáid shollúnta. Sochraid Molly Malone!
“She doid of a fever you know,” a dúradh liom go neafaiseach agus an teidí ba mhó sa tigh á shocrú laistiar d’altóirín beag deas – éadach bán, coinnleoirí is eile! – agus ról an tsagairt aige i gcomhair na maidine.
D’fhreastail slua breá de bhéiríní ar an tórramh agus ar Aifreann na sochraide, beannacht Dé le hanam Mhalaí, agus caitheadh stráice den lá go deas i mbun na sochraide.
Níor chás liom go gcaithfí i bhfad níos mó ama ag tabhairt béiríní ar shochraidí agus nuair a bhí na leanaí níos óige is mó lá a leádh uainn go deas mín réidh i mbun cluichí móra fada casta samhlaíocha.
Ach féach go bhfuil obair bhaile le déanamh agus féach go bhfuil litriú le foghlaim agus seo chugainn tionscadal le déanamh ar Shamó (Dia ár saoradh!); agus seo triail mhata chugainn aniar; agus go bhfóire Dia orainn seo chugainn tionscadal Eolaí Óg; agus tá peannaireacht phianmhar le cleachtadh.
Tionscnaimh, tionscadail, turgnaimh agus tuairiscí de shíor ag teacht idir sinn agus an spraoi!
Gabhann moltaí ciallmhara na saineolaithe trínár gcluasa – a bheith gníomhach, a bheith aclaí, a bheith sláintiúil, a bheith spórtúil, seachas a bheith caite go leisciúil inár gcnapáin ar an tolg le leathshúil ar phaca eile seacláidí.
Is ciallmhar an mhaise maireachtaint de réir na moltaí sin agus tugaimid toradh orthu an chuid is mó den am!
Ach anois agus rúin na bliana nua inár gceann againn, tá mo rún féin déanta agamsa – seans beag éigin a thabhairt don díomhaointeas.
An té a bhíonn díomhaoin, bíonn sé cruthaitheach chomh maith, agus níor mhaith liom é sin a dhearúd.
Ach anois, an dúshlán…
Cá gcruthófar am?
Sín chugam an dialann go ndéanfaidh mé sceidealú ar an díomhaointeas seo!