D’imigh beirt scríbhneoirí uainn an tseachtain seo caite ar bochtaide an saol a n-imeacht. Bhí ardcháil ar dhuine díobh toisc gur bhuaigh sé Duais úd Nobel na Litríochta, agus ar an duine eile toisc nach mbuafadh sé go brách í.
Ba dhona mar theist í air gur déanadh oiread san tráchta ar bhallraíocht Gunther Grass san Waffen-SS i dtreo dheireadh an chogaidh mhóir bharbartha cheana, amhail is dá mba gur chuir sin ó rath agus ó mhaith gach a raibh eile scríte aige.
Cad eile a dhéanfadh leaid óg agus na barbaraigh anoir ag teacht, ach an oiread is a dhéanfadh na leaids thoir i gcoinne na barbarachta aniar a bhí ag iarraidh sclábhaithe go brách a dhéanamh díobh? Nár ghunnadóir é an Pápa Benedict san Luftwaffenhelfer timpeall an ama chéanna?
B’é ba shuaithinsí ina thaobh ná gur nasc sé saol poiblí na Gearmáine leis an stair go lom slán, agus gur dhein den stair cuid den dioscúrsa poiblí.
Dhein sé go healaíonta an rud a dheineann an t-úrscéal thar fhoirm liteartha ar bith eile sa cheart – an duine aonair a shuíomh ina chúinsí sóisialta, poiblí agus poiblíochta.
Ábhar pearsanta cuid mhór atá ina chuid filíochta, agus iad aistrithe go máistriúil ag Gabriel Rosenstock dúinn. Saol na hóige in Gdansk is ábhar don úrscéal Cat agus Luch, agus é ar fáil dúinn go snoite ó Andrea Nic Thaidhg agus ó Cholm Breathnach.
Ach ba dheighilt bhréige dhó an scaradh amaideach seo idir an saol lasmuigh agus an saol laistigh dínn. Is deimhin linn nach scríobhfadh Gunther Grass na scéalta cumhachtacha a bhreac sé dá mba gur saolaíodh is gur tógadh in Eilbhéis na sláinte nó in Chelsea an tsaibhris é.
Ceann de chomhtharlúintí diamhracha na staire é go bhfuair an scríbhneoir is fearr ar domhan, Eduardo Galeano, bás ar an lá ceannann céanna, an 13ú d’Aibreán.
Ní raibh aon trácht ar an nuacht air, ná colúin bháis le fáil de phreab na huaire sna nuachtáin is measúla. Is dócha de chionn is nár bhain sé leis an Eoraip chúng, agus nach mbeadh a raibh á rá aige chomh balsamúil don choinsias lena raibh á rá ag Gunther, dá mhíchompordaí é sin.
Ba thábhachtaí an saol poiblí dó, mar níorbh ann don saol príobháideach á cheal. Ba chaol agus ba ghairid an saol príobháideach a bhí ag formhór mór de mhuintir Mheiriceá Theas nuair a thuirling an Spáinneach garbh ina measc.
É sin, i bhfoirm scéalta gearra gonta, na céadta díobh, is ábhar dá mhórshaothar, Memoria del fuego/'Cuimhne na Tine'. Trí leabhar atá ann ina ríomhtar eachtra na hilchríche thuaidh agus theas, idir dhaoine nár dhorchaigh doras na staire riamh agus phearsana a bhfuil aithne againn orthu.
Stair níos gnáthaí atá in Las venas abiertas de América Latina/ 'Féitheacha Oscailte Mheiriceá Theas'. Leabhar é a bhronn uachtarán Hugo Chávez na Veiniséala, mar a bhí air san am, ar Bharack Obama le súil is go bhfoghlaimeodh duine dá shórt rud éigin as. Más stair níos gnáthaí í, ní haon ghnáthstair í. Cuntas fíochmhar ar an scrios daonna agus ar an dúshaothrú síoraí a lean concas agus cinedhíothú na gcríocha atá ann, leabhar de chineál nach leomhfaí a scríobh abhus ar eagla an cheartfhlaithis.
Ní fhaca sé difear ar bith idir a bheith ina scríbhneoir cruthaitheach, ina iriseoir agus ina staraí. Níl aon deighilt sa léann daonna mar is eol do dhuine ciallmhar ar bith. Níl ann ach béim air seo, agus treise leis siúd de réir mar a ritheann. Aon slabhra amháin i seirbhís na fírinne atá sa léann agus sa scríbhneoireacht, is í an áit a mbeireann tú greim air a mheánn.
Má tá fíoch agus paisean agus comáint i ngach a scríobh sé, tá séimhe agus tuiscint agus bá ann don lag, don bhalbh, don duine le Dia agus don duine gan dia.
Is cuma nó stair an domhain a chuid scéalta arna gcur le chéile, go háirithe in Espejos/ 'Scátháin: scéalta mar gheall ar beagnach gach duine'. Is ann a fheicimid an crann rubair ag gol, a chasaimid leis na sclábhaithe gorma a thóg An Teach Bán, a chloisimid múinteoir Simón Bolívar arbh é a mhana "Más gá dhuit aithris a dhéanamh, déan aithris ar rud éigin bunúil!"
An raibh a fhios agat gurbh é an focal atá ag na Guaros ar “bogha ceatha” ná “nathair muincí”, ar thintreach “loinnir na báistí”, ar chara “mo chroí eile”, ar an anam “mac an bhrollaigh”?
Mar bhreis air sin ar fad, gealt peile ba ea é, a thug ceann de na leabhair is glé glaine faoin sacar dar breacadh riamh dúinn. Ar Eusebio: “Cosa fada, lámha ar sileadh, súile brónacha.”
Tá gaiscíoch pinn agus curadh chearta na cuimhne imithe as an saol.