Is iomaí sin scéal grinn faoi mhuintir Chiarraí. Tá a fhios againn uilig scéal nó dhó a thosnaíonn le “A Kerryman…”
B’fhéidir gurb é sin an fáth ar dhreap fear Dhún na nGall an crann an tseachtain seo caite, mar de réir na scéalaíochta ar fad, ní bheadh fear Chiarraí sách cliste in aghaidh seifteanna mar é.
Déardaoin seo caite a fuair mé glaoch ag insint dom faoi scéal an chrainn, agus caithfidh mé a admháil gur cheap mé gur ag magadh fúm a bhí an té a ghlaoigh orm.
Fuair muid deimhniú ar an scéal agus chraol muid é sa mhír spóirt ar TG4 agus ansin bhí sé in sna meáin eile ar fad lá arna mhárach agus ar an deireadh seachtaine.
B’iontach an scéal é, rud nach dtarlódh in aon áit eile ach in Éirinn, agus cén áit eile in Éirinn a tharlódh sé ach i gCiarraí?
Is dóigh nach é fear Dhún na nGall an t-aon duine a bhí fiosrach faoi thraenáil Chiarraí.
Nuair a rinneadh bainisteoir d’Eamonn Fitzmaurice i 2012, dúradh go raibh ré órga na Ríochta thart agus go mbeadh air foireann iomlán nua a chruthú.
Athrú amháin a rinne Fitzmaurice ná gur chuir sé stop leis na seisiúin traenála oscailte.
Bhí uair ann go bhféadfadh duine ar bith dul ag féachaint ar an bhfoireann agus iad ag traenáil. Athrú mór a bhí anseo agus níorbh é gach duine a d’aontaigh leis.
Scríobh Fitzmaurice litir oscailte ag lucht tacaíochta Chiarraí ag déanamh a cháis, ag rá nach raibh sé ag iarraidh orlach ar bith a thabhairt do na foirne a chasfaí leo, agus go raibh sé ag iarraidh go mbeadh príobháideachas de chineál éigin ag na himreoirí agus iad ag cur barr feabhais ar a gceird.
Ar chúis éigin, agus b’fhéidir gur de bharr chomh ciúin agus atá Fitzmaurice agus a champa, chuaigh Ciarraí go dtí an cluiche ceannais beagnach i ngan fhios do go leor a bhí ag tabhairt airde ar leithéidí Bhaile Átha Cliath, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall.
Is cuimhin liom a bheith i bPáirc an Chrócaigh ag tús mhí Feabhra. Bhí Ciarraí ag imirt cluiche sraithe in aghaidh na seaimpíní Uile-Éireann, Baile Átha Cliath.
Bhí fuacht aisteach san aer, chomh maith le múraíl clocha sneachta. Cé nach raibh idir an dá thaobh ach cúilín amháin, ní raibh aon chosúlacht orthu gurbh iad a bheadh ann Meán Fómhair.
Bhíodar d’oireas Colm Cooper, agus ar an oíche fhuar sin, d’fhógair Paul Galvin go raibh sé ag éirí as.
Ní raibh ansin ach sampla eile, shílfeá, go raibh ar Eamonn Fitzmaurice foireann nua, a mhúnlú.
Thóg se athimirt in aghaidh Mhaigh Eo ar Pháirc na nGael, sular tuigeadh go raibh Ciarraí fós ann. Difriúil, ach fós ann, agus mianach imeartha Chiarraí tugtha céim eile chun cinn ag an gCiarraíoch ciúin seo.
Níl a fhios agam an bhfaca fear Dhún na nGall tada spéisiúil sular cuireadh an ruaig air an tseachtain seo caite – ach rud amháin a fuair sé amach ná nach féidir coinneáil le clisteacht fhear Chiarraí.
MÁIRE TREASA NÍ CHEALLAIGH