‘Bilingualish’ ag fáil an lámh in uachtar ar Bhreatnais, arsa scoláire Breatnach

Léiríonn fotheidil Bhéarla ar chláir theilifíse Bhreatnaise go bhfuil stádas na Breatnaise ag éirí níos laige, de réir aiste nua. Scríobhann scoláire as an Bhreatain Bheag, an Dochtúir Simon Brooks, go bhfuil an cur chuige dátheangach ag tabhairt an lámh in uachtar do theanga nua – Bilingualish – agus go bhfuil drochdhóigh ar Bhreatnais féin dá réir sin.

Scríobhann Brooks go bhfuil an t-am ann polasaithe nua radacacha a shocrú don dátheangachas i dtíortha Ceilteacha le go mbeadh an dátheangachas ina fhíorcheiliúradh d’ilchultúr “and not merely an expensive charade”.

Ag scríobh faoin stáisiún Breatnaise, S4C, deir sé: “Recent suggestions that all S4C programmes should carry on-screen, burnt-in English subtitles is the latest manifestation of this tendency to colonize and Anglicize Welsh-language culture in the name of bilingualism. It will do irreparable damage to the self-confidence of Welsh speakers, the Welsh language reduced to being an adjunct of English.

“For if every Welsh speech act is available simultaneously in English, what is the point of the Welsh language? ”

READ MORE

Tá de thoradh ar an phróiseas seo go bhfuil an Bhreatnais á ruaigeadh diaidh ar ndiaidh; dhá theanga atá anois sa Bhreatain Bhig sa lá atá inniu ann: Béarla agus Bilingualish.

Ní fheictear dó go bhfuil luach leis an chur chuige dátheangach seo ach a mhalairt: “Bilingualism is no longer a mechanism by which a minority language community gains its rights. Rather, bilingualism weds the minority ever closer to the Anglophone norm.

“A ‘bilingual Wales’ is no longer a Wales in which all citizens are able to speak either language according to personal choice. Rather it is a Wales in which no-one is required to learn Welsh, but all have right of access to all activities.

“In practical terms, this means that Welsh-language activities have to be available in translation, and often are mere translations themselves. Of course, there is no corresponding requirement on English-language events to be bilingual, for everyone understands English.”

Tharla an rud céanna le nuachtáin, a deir sé. Ba i mBreatnais a foilsíodh nuachtáin phobail sna 1970í ach nuair a bhunaigh na pobail chéanna suíomhanna Idirlín ag tús na haoise úire is i mBreatnais agus i mBéarla a foilsíodh an t-ábhar. Is measa cás na gcomhairlí pobail agus féilte; tugtar ar lucht na Breatnaise feidhmiú sa dá theanga ach tig le lucht an Bhéarla feidhmiú in aon teanga amháin: “The National Eisteddfod is regularly criticised for its Welsh-only policies. Other festivals in Wales – the Hay Festival, for example – remain gleefully Anglophone. ”

Agus é i dteagmháil le Bileog , dúirt Brooks go raibh contúirt i gceist leis an chineál seo dátheangachais don Ghaeilge: “If languages like Irish don’t have anything to do in society, then they are bound to die. For Irish to survive, it has to fulfil some functions, or appear in some places, where English does not. I know that there has been some debate about the dangers of bilingualism in the Gaeltacht; that is a bilingualized Gaeltacht versus a Gaeltacht. Personally, I’d be very much on the side of a Gaeltacht.”

Tá an aiste ar fad le fáil ar www.gaidhlig.tv

Luachainm

Ag caint ar fhotheidil... Fotheideal de shórt inteacht atá sna leaganacha Béarla de logainmneacha na hÉireann. Is maith, mar sin, gurb ann don chlár thar a bheith spéisiúil

Logainm

(Nemeton, TG4) le Gaeilge a chur ar an Bhéarla céanna.

Faoi Bhreanndán Ó Beaglaoich agus scoláirí óga a bhíonn sé cur síos a dhéanamh ar logainmneacha fud fad na tíre – rud a dhéanann siad go fonnmhar, go binn beacht agus go taitneamhach. Bíonn míreanna ann as ceantair áitiúla, bunadh na háite ag caint faoi logainmneacha agus stair áitiúil i nGaeilge agus i mBéarla agus mórán scéalta miotaseolaíochta ann fosta.

Tá caighdeán ard ag baint leis an taighde agus leis an tráchtaireacht, rud a chuireann go mór leis an chlár. Níl bladhmann ar bith ag baint leis an chur i láthair agus, buíochas do Dhia, diúltaíonn lucht déanta an chláir don chathú úsáid a bhaint as geáitsíocht ‘chliste’ leis an ábhar a dhéanamh níos tarraingtí.

Leoga, is aisteach an clár é don stáisiún céanna. Bhain TG4 le híomhá na hóige ar feadh i bhfad – an cur chuige úrnua neamhthraidisiúnta.

Clár beag ciúin atá ann mar Logainm ach clár saibhir, mar sin féin.

Cé a chreidfeá go raibh an oiread sin pléisiúir le baint as cur chuige chomh traidisiúnta sin ar TG4?