Is maith mar atá cuimhneamh á dhéanamh ar Tom Kettle sna seachtainí seo breis bheag agus cúig fhichead bliain ó fuair sé bás.
Bhain sé le traidisiún saonta sin na ndaoine a chreid “for England might keep faith/For all that is done and said” mar adúirt Yeats.
Ní fios an mó duine díobh siúd a bhí ann, mar is dócha gur bochtaineacht agus comrádaíocht agus faisean na huaire is mó a chomáin daoine isteach in Arm Impiriúlach na Breataine, seachas dúil i saoirse na hÉireann.
Ach bhí a leithéid ann, agus bhí Kettle ar dhuine díobh.
Bhí an snáth sin riamh ann i dtíortha a throid i gcoinne na n-impireachtaí. Bí go deas leo, agus is iad a bheidh go deas leat.
Is deacair a rá cad ina thaobh a raibh Tom Kettle agus daoine eile ar aon bhuíon leis chomh saonta sin.
Chuir barbaracht na Gearmáine sa Bheilg bheag bhocht uafás air, tá sin ag dul dó. Ach ní raibh barbaracht na Gearmáine aon phioc níos measa na barbaracht thíortha eile na hEorpa ar fud an domhain.
Bhí de cheart aige Ruairí Mac Easmuinn a léamh, mar thosach.
Bhí Kettle casta mar a bhíonn gach n-aon, agus is deacair cúraimí an lae inniu a bhualadh siar ar an aimsir chaite.
Scaip sé bileoga ar son na mBórach i gcoinne fhorlámhas na Sasanach san Afraic ó dheas, agus chuir sé i gcoinne léiriú The Countess Kathleen le Yeats ar bhonn náisiúntachta, móráltachta, agus amadántaíochta.
Bhí meas thar meon aige ar a chara, Tomás Mac Diarmada, agus mhaígh “I would have died for Thomas Mac Donagh.”
Is dícheall é seo a réiteach lena chuid feachtasaíochta earcaíochta ar fud Éireann ar son na híobartha fola.
Labhair sé breis agus 200 uair ar fud na tíre ag tathant ar fhir óga dul sna trinsí.
Ba chainteoir líofa lánábalta é, agus ní foláir nó chuaigh fir bhochta na neamháille chun a mbáis de dheasca a chuid reitrice.
File
Níorbh aon fhile mór de chuid na linne é, ach mar adeir an faonmholadh lag: “Scríobh sé roinnt dánta maithe.”
Is é an ceann is mó a bhfuil cuimhne againn air ná ar scríobh sé d'iníon leis go gairid roimh a bhás: To my Daughter Betty: the Gift of God.
Dán é a chorródh an croí ionat siar go bun.
Dán pearsanta, ach dán a luaitear go minic mar leithscéal ar ar tharla san ár.
Is ann atá na línte deiridh a luaitear: “Know that we fools, now with the foolish dead/ Died not for flag, Nor king, Nor emperor,- / But for a dream born in a herdsman’s shed,/ And for the secret Scripture of the poor.”
Línte breátha áille, gan bhréag, ach cad is brí leo?
Tá ciall le “the foolish dead”, rud a thuig sé féin.
Maidir le “Died not for flag” nó rí nó impire, bhueil, níl sin fíor, mo bhrón, mo mhairg, mo dhíth, agus mo shorry orm, ach is ar a son siúd a fuair siad bás.
Is diamhaire bun an dá líne dheireanacha a luaitear go minic agus cúr le beola amhail is go raibh brí éigin leo. Níl aon bhrí leo. Beag ná mór.
Cad is brí le “secret Scripture of the poor”?
Do chomharsa a mhallachtú?
Rún a scaoileadh leis an phéas?
Coirp a chur i bhfolach?
Gabháil chun cogaidh nuair a iarrtar ort é?
Go mbeadh an lá ag an lucht oibre?
Ní fios d’éinne.
Tom Kettle bocht saonta.
Is amhlaidh go bhfuil leas á bhaint as inniu a chasfadh a ghoile, dá mbeadh a fhios againn cá bhfuil sé uainn.