Ceann de na nithe ba shuaithinsí a bhain le Brian Friel ná gur scríbhneoir ba ea é.
Is é sin le rá, scríobh sé. Chuir sé saothar de, cuid a bhí thar barr amach, cuid eile leathchuibheasach, agus cuid eile nár éirigh in aon chor leis.
Bhí sé sásta riamh dul sa tseans, agus ligean don scríbhneoireacht labhairt ar a son féin, dá fheabhas nó a mhalairt í.
Níor scríbhneoir é a d’fhan go dtiocfadh an chlaisic chuige lándéanta ina aigne.
Chuir sé an dúch de, agus lig don phobal a mhaitheasaí a thomhas.
Thosnaigh sé, nó mar adeirtear inniu, ‘thosnaigh sé amach’ mar ghearrscéalaí.
Bhí de mhí-ádh leis gurbh éigean an múnla beannaithe a leanúint lena linn, an múnla beannaithe sin a leag O’Connor agus O’Faolain síos don ghearrscéal; an fhoirm reoite úd a greanadh ar leac ó fhéasógach éigin ar mhullach na Mangartan.
Bhí an t-ádh leis gur fhoghlaim sé go bhféadfaí briseadh tríd, a bhuíochas sin don drámaíocht.
Bhí a thuiscintí féin don drámaíocht aige, mar ba léir ón tús, nuair a chuir sé an dá ghuth ag imirt ar a chéile in Philadelphia, here I come. Tháinig an scothdhráma sin slán ó bheith ar chúrsaí na meánscoile, murab ionann agus go leor eile.
B’é an scríbhneoir an neach ba thábhachtaí maidir le dráma ar bith, fág go raibh riamh i dtuilleamaí aisteoirí a dhéanfadh réaladh ar a chuid focal, agus ar an lucht féachana a chiallódh a raibh le feiscint acu. Ba lag é a mheas ar an ‘stiúrthóir’, nach raibh ann ach súmaire a tháinig i dtír ar ealaín a bhí réamhdhéanta cheana, dar leis.
Chuala scéal nár chéas ar ló mé gur theastaigh ó Shiobhán McKenna athruithe a dhéanamh ar théacs The Loves of Cass McGuire nuair a bhí sé le léiriú in Amharclann na Mainistreach.
Scéal é seo a chloiseann duine agus é ag siúl na slí, agus níor ghá go mbeadh pioc den fhírinne ann.
Chaith sí féin agus Brian oíche fhada ó dhéanaí na hoíche siar go moiche na maidne abhus, na cáirt bhuí á ndiúgadh acu feadh an ama, ise ag áiteamh athruithe substaintiúla air, agus nuair a ghealaigh an lá thoiligh sé ar fhocal singilte aonair amháin a bhogadh!
Bhí sé ar dhuine den bheagán scríbhneoirí comhaimseartha a chuaigh i ngleic leis an saol polaitiúil reatha, agus leis an stair a mhúnlaigh sinn in éineacht.
Má bhí daoine míchompordach i gcuibhreann Freedom of the City, theastaigh uathu neamhaird a thabhairt go hiomlán in Making History a bhain le hAodh Ó Néill agus leis na heachtraí beaga gránna sin ar chuid den 17ú haois iad.
Ba cheardaí den scoth é, an moladh is airde seachas ‘samhlaíocht’ agus ‘dáine’ a cheangal le drámadóir.
B'ait riamh liom an tslí inar cuireadh an rince, an damhsa buile cistine in Dancing at Lughnasa sa chéad ghníomh.
Ba dhóigh leat gur dual dó a bheith i dtreo dheireadh an aicsin. D’athraigh Frank McGuinness é don scannán ina raibh blas Conallach chomh dúchasach ag Meryl Streep is a bhí ag duine ar bith ó Ard a’ Rátha nó ó Thóin an Bhaile féin.
Ach fós, is san áit ar chuir sé é, a leag sé é, agus ní foláir nó bhí fios a cheirde aige, mar b’eisean an scríbhneoir.
B'é an dráma sin, thairis aon cheann eile, a chuir ar chlár na cruinne é. B'é an laoch feasta é, mar bhí glacadh leis ar Bhroadway, agus an té a bhfuil glacadh leis ar Bhroadway, is deimhnitheach go mbeidh glacadh leis in Éirinn. Ceapaim féin gur chuir sé Wonderful Tennesse de ina dhiaidh sin, d'aon ghnó d'fhonn a raibh de haidhp ina thaobh a mhaolú.
Nuair a léiríodh in Amharclainn na Mainistreach é bhíothas amuigh ina gcultacha moncaí agus ina bpúdar oíche, muca agus mionuaisle an chultúir ag féachaint ar a raibh le feiscint.
Le linn an tsosa, is é sin, ag leath ama mar a bheadh i gcás cluiche, d’fhiafraigh RTÉ raidió den slua ocrach chéadoíche a bhí i láthair cad ba dhóigh leo. Is cuimhin liom go maith na freagraí: ‘Ó, dráma caolchúiseach atá ann’, ‘Ní dóigh liom go mbeidh éileamh mór air in Nua-Eabhrac’, ‘Ní gach aon duine a thuigfidh an dráma seo…’
Is é sin, nárbh aon Dancing at Lughnasa é, nó i bhfocail eile, ba phíosa bánghlóthaí é, cnó caoch, cliseadh agus cailliúint in éineacht.
Braithim go raibh Friel ag iarraidh a cháile féin a thabhairt chun talaimh i gcoinne an bhladair mhóir.
Tá Translations ar cheann den bheagán saothar liteartha Béarla a ghabhann i ngleic leis an athrú staire is mó riamh i scéal na hÉireann – an t-aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla (ar an mórchóir).
Beidh caint air feasta nuair a bheidh cead againn labhairt ar stair na hÉireann arís uair éigin amach anseo.