Mhínigh an tAire Dlí agus Cirt Alan Shatter le déanaí cad ina thaobh nach raibh ainmneacha Gaeilge le tabhairt ar an dá long nua ag Cabhlacht na hÉireann atá le teacht in áit an LÉ Emer agus an LÉ Aoife.
Shocraigh Shatter go mbeadh sé “tráthúil anois an cur chuige traidisiúnta atá againn na longa a ainmniú i gcuimhne mhná miostaseolaíochta na hÉireann a athrú agus dul i mbun cur chuige a léireodh Éire nua-aimseartha agus uilechuimsitheach”.
An LÉ Samuel Beckett a bheidh ar an gcéad cheann den dá long agus cuirfear chun farraige í ag tús na bliana seo chugainn. Rachaidh an LÉ James Joyce ar an bhfarraige “smugaghlas” i 2015.
Is cosúil gur “personal leadership initiative” ag Shatter a bhí anseo den tsórt a chuir Enda Kenny roimhe nuair a shocraigh sé go gcuirfí deireadh leis an Seanad. “Mheas mé gur chóir scrúdú a dhéanamh ar an bpolasaí maidir le longa na Seirbhíse Cabhlaigh a ainmniú agus tháinig mé ar an tátal gurbh fhearr a d’aithneofaí ár Seirbhísí Cabhlaigh agus iad ag oibriú sa bhfearann muirí idirnáisiúnta – go háirithe agus iad ar cuairt go calafoirt choigríche – dá n-ainmneofaí iad i gcuimhne phearsana liteartha na hÉireann a bhfuil cáil orthu ar fud an domhain,” arsa Shatter.
Aithneoidh mairnéalaigh an domhain gan stró feasta na longa Éireannacha seo agus iad ag teacht, is cosúil.“Á Igor! Seo chugainn long Éireannach!”
“Cá bhfios duit gur long Éireannach atá ann, a chaptaein chóir? Ní aithním riamh na longa Éireannacha lena n-ainmneacha aisteacha.”
"Ach féach, Igor, go bhfuil an ceann seo ainmnithe as Samuel Beckett, údar drámaí ceannródaíocha ar nós Waiting for Godot agus Krapp's Last Tape, fear breactha ainnise an tsaoil seo."
“Is fíor duit, a chaptaein. Sárúdar, cé gur fearr liom féin a chuid próis. Nach uilechuimsitheach agus nua-aimseartha atá Éire?”
Bímis buíoch, is dócha, nár baisteadh an LÉ Alan Shatter ar cheann de na longa nua mar, ar ndóigh, tá an tAire féin ar dhuine de scríbhneoirí nua-aimseartha na hÉireann chomh maith.
Cé go bhfuil sé as cló le fada níl a úrscéal earótach Laura (A Story You Will Never Forget), a foilsíodh i 1989, ligthe i ndearmad fós. Bhí cad é caint faoin saothar suaithinseach seo i rith an tsamhraidh nuair a dhein duine éigin gearán faoi le Bord Cinsireachta na hÉireann.
Ní haon mháistir ar cheird an phróis é an tAire ná baol air, ach dá dteastódh uait a bheith lách agus tuisceanach, trócaireach leis, d’fhéadfá a áiteamh go bhfuil gontacht agus boirbe Beckettach áirithe ag baint le línte ar nós: “She knew that she had been foolish for not taking the necessary precautions, but Brannigan had assured her that he always withdrew in time and that she was not at risk. She now knew this to be untrue.”
Ar aon chuma, dealraíonn sé gur róthamáilte a bhí an tAire an LÉ Alan Shatter (nó fiú an LÉ Laura, bád nach ndéanfá dearmad go deo air) a bhaisteadh ar an long nua agus is é an LÉ Samuel Beckett a rachaidh ar na farraigí fraochta i mí Eanáir.
Tá droichead cheana ag Beckett san ardchathair agus long anois aige, cé gur dócha nach dtaitneodh an t-ómós ar fad leis. Níor thaitin an fharraige rómhór le Beckett ach an oiread. Nuair a cailleadh a athair chuaigh sé chun maireachtana lena mháthair i dtigín a bhí tógtha ar cíos aici gar do Dheilginis.
Níor dheas leis an áit agus níor thuig sé “how people have the nerve to live so near, on the sea. It moans in one’s dreams at night”. (Ar nós laochra an úrscéil úd nach ndéanfar dearúd go deo air, is dócha.)
Ach gan bacadh le Beckett in aon chor, is trua nach gcuimsíonn Éire “uilechuimsitheach” Shatter ach teanga amháin agus traidisiún amháin.
Cháin an Teachta Dála Éamon Ó Cuív an cinneadh deireadh a chur leis an dtraidisiún go n-ainmneofaí na longa seo i nGaeilge “go mór mór i bhfianaise na bhforálacha sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge maidir leis na Fórsaí Cosanta”.
Déarfadh scata leat, áfach, go mbaineann an straitéis sin le réimse na miotaseolaíochta chomh maith. Is ag an Aimiréal Shatter agus a chabhlach cultúrtha atá smacht anois ar muir agus ar tír.
Bímis “nua-aimseartha” nó suncáilfear sinn.