Ós ní é go bhfuil oiread sin drochnuachta ag snámh ar na meáin níl duine ar bith againn ag iarraidh cur leis. Tá sé dona go leor go bhfuil faithne ag fás ar chorp Shakoncé i mball nár cheart d’fhaithne fás, ach tá daoine á scuabadh chun siúil i séideán bruithne timpeall ar na Filipíní faoi láthair. Níl sibh ag iarraidh éisteacht le drochscéal eile.
Ach ná bí buartha. Tharla seo tamall ó shin nuair a bhí daoine á ngrianú féin ar ghaineamh Thrá an Choinín in Lampadusa, nó in La Digue sna Seychelles, nó ar Oileán Pharthais sna Bahámaí, nó sínte ar Bhá Maya san Téalainn. Bhí trá eile, áfach, nach bhféadfá dul dod ghrianú féin ann ag an am.
Bhí an trá eile sin i Srí Lanca – ar cuma nó deoir ar sileadh ó shróin ramhar na hIndia é ina cruth is ina deilbh – agus ní gan fáth. Mar sa mhí chéanna Bealtaine 2009 sin cuireadh deireadh le ceannairc na dTíogar Taimil in aghaidh an rialtais, agus measadh gur maraíodh idir 40,000 agus 70,000 sibhialach neamhpháirteach cogaidh sna seachtainí sin.
An raibh sé seo ar cheann de na gníomhartha barbartha ba mhó a déanadh ó thús na mílaoise seo, nó an raibh sé seo ar cheann de na gníomhartha barbartha is mó a déanadh ó thús na mílaoise seo?
Má tá tú ag iarraidh meáchan a chailliúint, féach leat ar an scannán No Fire Zone: the Killing Fields of Sri Lanka le Callum Macrae, nó ar fhianaise iomadúil ar bith eile atá ar fáil amuigh ansin, más duine tú a ghéilleann d'fhianaise. Seans maith gur neamhspéis le léitheoirí an cholúin seo go mbeidh Comhdháil Cheannairí na n-iarchoilíneachtaí Briotanacha, An Comhlathas ar siúl in Srí Lanca an deireadh seachtaine seo. Ní bheimid ann mar tá cloch bheag chrua neamhghéilliúil fós in intinn an Éireannaigh a shéanann a mórgacht, a soilse, a haoibhneas, a sárghaoise banríona.
Ar mhaith leat a bheith nasctha le cuid de na huafáis is gránna a tharla ó bharbaracht an chogaidh dhomhanda cheana? Fan tamall. Cuid de na sléachta is measa ó na 1970í i leith? Och, níl sin ceart. Abraimis, an t-ár ba bharbartha ná 1980í, ná 1990í na haoise seo caite féin?
Don bhliain áirithe seo, áfach, de ghrá na carthanachta, is ceart agus is cóir seasamh siar ó mhórshiúlta na seachtaine agus súil a chaitheamh thar sáile soir. B’fhurasta trácht a dhéanamh ar chúisiú an tsaighdiúra bhoicht Bhriotanaigh Marine A a ciontaíodh i ndúnmharú Afganastánaigh an tseachtain cheana nuair nach raibh ach a dhualgas á dhéanamh aige, agus is maith mar a daoradh é ar an bhfianaise theicniúil a nochtadh de thimpist. Seans gurb é an t-aon duine amháin dá shórt é a dhúnmharaigh Afganastánach riamh, ach arís seans beag caol gur tharla sé uair éigin eile, nó uair éigin eile, nó thall is abhus, cá bhfios?
Seachas labhairt ar na sibhialaigh nár mharaigh saighdiúirí sa Tibéid (1903-04), nó sa Phailistín(1945-8), nó sa Mhaláisia (1948-60), nó sa Chipir (1955-9) nó sa Chéinia (1952-60), nó in Brunei (1962), nó in Aden (1963-67), nó...nó...nó in aon cheann de na “battles long ago” tá chomh maith díriú ar an bhféasta fola beag teoranta seo amháin de chuid an Chomhlathais Bhriotanaigh nár tharla fadó ó shin, ná arú inné, ná inné féin, ach ar maidin inniu i dtéarmaí laethanta staire.
Tharla an t-ár seo 40-70,000 bean, páiste is fear, i mí na Bealtaine 2009. Cúpla mí ina dhiaidh sin shocraigh an comhlathas go dtionólfaí cruinniú na gceannairí in Srí Lanca, is dócha mar dhuais.
Ó am go chéile, tagann tread mallsiúil ar a mbíonn brealsún nó gleocach á mhaíomh gur cheart dúinn dul agus clasú arís le coirpigh chogaidh seo an chomhlathais chéanna. Agus ó uain go heile, bíonn ar an gcuid eile againn a léiriú nach cumann deas carthanúil sibhialta socair meánmheonach gan dochar é an comhlathas lofa seo.
Is é oighear diachrach an scéil é go bhfuil féile fhola an phoipín bhliantúil ar siúl comhuain le comhdháil mhullaigh an Chomhlathais Bhriotanaigh. Ar chúis éigin, braitheann tú go bhfuil sin oiriúnach.