Nuair a bhíonn fadhb phoiblí éigin dár gcrá molann neach éigin mar réiteach a phlean breá straitéiseach féin. Bíonn mar fhreagra pras, agus go deimhin grod, nár cheart ‘airgead a chaitheamh’ leis.
Ba mhinic mé ag smaoineamh air seo. Ní fíor é seo ar fad, mar ní ceist í ar gá mórán de mhilliúin na gcillíní intinne sin a chaitheamh léi nach bhfuil caite cheana ar fhadhbanna is lú súil ribe ná é.
Uaireanta tuirlingíonn an colúr orm agus de phreib lasann bleibín beo.
B’in a tharla dom an lá cheana agus mé ag méarnáil trí leabhar uimhríochta a bhí agam sa bhunscoil agus a bhí ar tí a dhíbeartha ar an gcarn aoiligh.
Ar son spóirt chuaigh mé ag iomrascáil le ceisteanna thall is abhus ar buaileadh mé dá ndeasca i rang a cúig.
Ba ghairid gur tuigeadh dom gur bheag a bhí foghlamtha agam ó shin, agus go raibh mé buíoch nár ghá dhom urláir a thomhas ná prócaí bainne a mheá ná péirsí a mheas ná banlámha a shíneadh ná mílte Gaelacha a shiúl ná léig a shnámh ná ogiséad a ól níos mó.
Ina dhiaidh sin, ámh, ba chuma cad a dhéanfainn, bheadh orm, feoirlingí a charnadh agus leathphingní a shábháil agus leathchoróineacha a thuilleamh agus giníocha a shamhlú.
Is é sin, in ainneoin mo dhíchill, bheadh orm caidreamh éigin a bheith agam leis an airgead lofa.
Níor thuig mé riamh, agus ní thuigim fós, gur caidreamh leis an airgead lofa is ea an chuid is mó den saol.
Thóg sé tamall orm a thuiscint go dtí gur bhuail sliotar mé sa chlós gur cheisteanna timpeall ar airgead ba ea formhór na gceisteanna sa leabhar uimhríochta.
Thóg sé tamall níos faide ná sin orm a thuiscint gur scilling is ea an ghealach sa spéir, gur sabhran óir í an ghrian, agus go bhfuilimid ag dul timpeall bliain i ndiaidh bliana i bhfolach i sparán nach eol do dhuine ar bith cé aige atá na téadracha lena oscailt nó lena dhúnadh.
Bhí an reiligiún againn, agus go fiú an eitic nuair nach raibh sé de mhisneach ag duine a hainm is a sloinne a chur uirthi; ach, ar deireadh, d’fhill gach aon rang a teagascadh ar an airgead lofa, go fiú má bhí bráithre beannaithe féin ina bhun.
Bhí peacaí sa Teagasc Críostaí timpeall ar an ús, ach ar chúis éigin sleamhnaíodh timpeall orthu mar mhalairt ar pheacaí eile nár thuigeamar cad ba bhrí leo, agus nach raibh caoi againn ar thriail a bhaint astu ar an tslí abhaile.
In ainneoin crústa caol an chreidimh, áfach, bhí an t-airgead amuigh ansin ag glaoch is ag gairm ar an gcroí inár lár.
Cuireadh sa drochrang tú mura raibh uimhreacha na nArabach go maith agat, nó céimseata na nGréagach, agus chonaic tú srón an mhúinteora ag dul in airde le suaibhreas murarbh fhéidir an chothromóid a shlánú go sásúil.
Is chun an airgid a bhí an mhatamaitic bhláfar riamh, go díreach ar nós gur bronnadh pointí sa bhreis uirthi i scrúdú na hardteistiméireachta anois.
Ní móide gur de bharr gur thit an t-aos polaitiúil i ngrá le háilleacht Theoiric Dheiridh Fhermat a tharla sin.
Bí go maith ag na sums, agus beidh an tír saibhir.
Bí go maith ag na sums agus beidh eacnamaithe agat. Má tá eacnamaithe ann tuigfear an eacnamaíocht.
Agus má tá eacnamaíocht againn ní hamháin go mbeifear ar muin na muice, beimid ar muin marc a chéile le maoin, agus ag muineadóireacht gan stad.
Ach, tá fadhb againn: deir lucht eacnamaíochta gur cheart a bheith cnuaisciúnta le hairgead. Ba chóir é a choimeád is a chur i dtaisce – mar is é lá na gaoithe lá na mbolg.
Murab ionann, gan amhras, agus gurb é lá na saoithe lá na dtolg.
Níl an t-aos eacnamaíochta sásta airgead a chaitheamh le fadhb. Is féidir a ineistiú agus a chur le gill ar an stocmhargadh. Tá lánchead dul ag futseáil agus ag nasdacáil leis ar do chroí díchill. Ach ar do chuid leabhar breac ar fad, ná déantar é a chaitheamh le fadhb!
Ach ceapaim féin gurb é aon ghnó bailí an airgid é a chaitheamh. Go deimhin is dóigh liom gur cheart airgead a chaitheamh le gach fadhb amuigh ansin go fuíoch.
Má tá deacrachtaí leis an gcóras sláinte, caitear airgead leis!
Má tá laigí sa chóras oideachais, caitear airgead leis!
Má tá daoine ag fulaingt le hocras, caitear airgead leo!
Fiafrófar láithreach cá bhfaighfear an t-airgead seo a bheidh á scaipeadh timpeall? Ní deacair.
Baintear de na daoine é ar caitheadh airgead leo fadó agus a bhfuil sé go ramhar acu fós ina bpócaí thíos.