Cé acu a imíonn ar dtús: an fháinleog nó an duilleog? Nó an mbíonn siad ag obair as lámh a chéile? An bhfeiceann na fáinleoga na chéad duilleoga ag titim agus socraíonn siad go bhfuil an t-am acu filleadh ar a gcríocha féin? Nó an bhfeiceann na crainn go bhfuil na fáinleoga corrthónach agus éiríonn siad chomh corrthónach leo, craitheann siad a gcuid craobhacha mar gur mhaith leo eitilt ach ní bhíonn de thoradh air sin ach go dtiteann duilleoga go talamh?
Ní den spéir an crann – bíodh is go síneann siad chuici oiread agus is féidir le teagmháil a dhéanamh le spás gan srian. Faraor, tá a gcuid fréamhacha á bhfí féin san ithir ag an am chéanna, ag déanamh cinnte de nach n-eitleoidh an crann go deo.
Ní éan mór crann í an fháinleog. Ar línte gutháin agus ar bhinn tí is fearr léi seal a chaitheamh faoin loch. An gcuireann duilleoga an chrainn imní ar an fháinleog?
An fearr léi an teach seascair seasmhach ná an crann conáilte corraitheach leis an scallamán a chothú? An mbíonn teas sa teach nach mbíonn le fáil sa duilleog fhuar?
Tá an fháinleog imithe. Tá an spéir faoin loch uaigneach ina diaidh. Is iad na druideanna máistrí na línte gutháin anois – agus cacann siad leo ar charr agus ar chosán lena gceannas a cheiliúradh. Ní bhacaim leis na duilleoga a thógáil as an ghairdín. Chuige sin an ghaoth – b’fhéidir go mbainfeadh an duilleog an spéir amach go fóill! póm