Crann taca do chosaint chearta daonna agus don daonlathas is ea foras fiosrúcháin neamhspleách ar phóilíneacht.
Ba bheag dá chosúlacht a bhí air le seachtain ach is é leas an Rialtais é féachaint chuige go bhfuil rath ar institiúid a dhéanann scrúdú neamhspleách ar ghearáin faoi na Gardaí.
Is é a leas é féachaint chuige go bhfuil an chumhacht agus na hacmhainní ag a leithéid d’fhoras lena chinntiú go bhfuil sé oiriúnach don ghnó.
Is é leas an Gharda Síochána é chomh maith; is mó go mór an t-údarás agus an mhuinín phoiblí a bheadh ag seirbhís a ghlacfadh go fonnmhar le bearta chun freagracht a chinntiú.
Seans go bhfaighfear léargas ag Coiste Maoirseachta an Oireachtais inniu ar chur chuige an Rialtais ach ní mór dóibh glacadh leis nach tráth faillí é. Bheadh a thuilleadh siléige doghlactha.
Tá beart dearfach i dtaca le baol slándála dlite don phobal. Tá sé de cheart ag saoránaigh neartú an Ombudsman a éileamh.
Ní sciath chosanta do ríomhairí agus línte teileafóin amháin atá riachtanach do sheirbhís Ombudsman ach sciath reachtúil chun a údarás, a stádas agus a neamhspleáchas a chosaint.
Más gá an dlí a leasú chuige sin – déantar é. Más gá na téada gaoil leis an nGarda Síochána a scaoileadh – déantar é. Tógadh na céimeanna sin i dTuaisceart Éireann agus bhí dea-thoradh orthu, tríd is tríd.
Bhí an tOmbudsman don Phóilíniú i dTuaisceart Éireann suas le seacht mbliana i mbun oibre nuair a d’oscail an coimisiún a n-oifig i mBaile Átha Cliath.
Bhí cáil tuillte sa bhaile agus i gcéin ag Nuala O’Loan mar Ombudsman as a neamhspleáchas agus a neamheagla. Ní nach ionadh bhí an caidreamh leis na póilíní corrach. Cé a dhéanfadh dearmad ar an racht a scaoil príomhchonstábla na linne, Ronnie Flanagan, nuair a cháin sé tuairisc an Ombudsman é i dtaca le laige an fhiosraithe faoi bhuamáil na hÓmaí?
Sna blianta tosaigh rinneadh tástáil san ardchúirt ar chumhacht agus obair an Ombudsman.
Rinneadh suas le scór athbhreithniú dlíthiúil agus ba iad póilíní, go háirithe iarbhaill den RUC a thóg cuid acu. Níor ligeadh dó sin teacht salach ar fhiosruithe agus tugadh faoi obair chun muinín a chothú agus an caidreamh a fheabhsú.
Bhí neamhspleáchas follasach an Ombudsman ar cheann de na cúinsí a chuidigh le muinín phoiblí san PSNI a fhorbairt.
Díol suime ab ea é ag an am gur dhiúltaigh an tAire Michael McDowell glacadh le múnla an Tuaiscirt. Measadh go raibh an foras faire a bhunaigh sé níos laige ná a mhacasamhail i dTuaisceart Éireann.
In áit Ombudsman aonair cheap sé triúr ar choimisiún; ní le drochmheas ar bhall ar bith den choimisiún a deirim é ach ní raibh an stádas ariamh ag éinne acu a bheadh ag Ombudsman aonair.
Ina theannta sin, cuireadh teora le cumhacht an choimisiúin; murab ionann agus an tOmbudsman ó thuaidh a d’fhéadfadh gach oifigeach san PSNI a fhiosrú ní raibh cead ag an gcoimisiún iniúchadh a dhéanamh ar Choimisinéir an Gharda.
Má cheap éinne go neartófaí an coimisiún nuair a tháinig an rialtas reatha i gcumhacht agus an lámh in uachtar ag Fine Gael, “an páirtí dlí is cirt” bhí dul amú orthu.
Is mithid é a dhéanamh anois. Is deacair a thuiscint conas nach bhfuaireadar an boladh bréan ón eachtra seo.
Nuair a bhíonn dóthain imní ar fhoras faoi chúléisteacht chun fiosrú leasa phoiblí a thionscain ní tráth é do pholaiteoirí a bheith ag casaoid faoi thuairisciú nach raibh dlíte dóibh nó faoi sceitheadh eolais le hiriseoirí.
Ar éist an tAire nó an Taoiseach le Nuala O’Loan, an Banbharún O’Loan mar is ea í anois, ar raidió RTÉ nuair a dúirt sí nár thug sise sonraí do pholaiteoirí faoi na “scuabscrúduithe” ar shlándáil a rinneadh amannta ina hoifig?
Díol suntais ab ea a barúil freisin nach raibh “cordon sanitaire” chomh láidir idir an coimisiún agus na gardaí is a bhí idir an tOmbudsman agus an PSNI.
Thagair sí do bhall nó baill den Gharda Síochána a fheiceáil in oifig an choimisiúin; oifigigh idirchaidrimh idir an coimisiún agus na gardaí.
Dúirt sí nach nglacfadh sise lena leithéid de dhlúthcheangal; ba cheart eadránaí seachtrach a roghnú, dar léi.
Seans gur gá obair leanúnach chun neamhspleáchas Ombudsman a chosaint. Luíonn sé le réasún go mbeadh daoine atá faoi fhiosrú ag iarraidh tionchar a imirt ar mhaithe leo féin. Bhí fadhbanna in oifig an Ombudsman i mBéal Feirste ar feadh tréimhse tar éis imeacht O’Loan.
Cothaíodh aimhreas faoi neamhspleáchas agus trédhearcacht i dtaca le fiosruithe “stairiúla”. Ach rinneadh beart chun cúrsaí a chur ina gceart agus iontaoibh a chothú in athuair. Coinneoidh gearánaithe agus eagraíochtaí monatóireachta súil ghéar ar obair an Ombudsman; sin mar is ceart. Léiriú is ea é gur féidir eagraíocht a athnuachan.
Tá obair níos mó fós le déanamh chun foras faire neamhspleách ar an nGarda Síochána a shlánú i bhfianaise na praisí le deich lá anuas.
Caithfear é a dhéanamh: ní bheadh daonlathas ná cosaint ar chearta daonna againn dá uireasa.