Glactar leis go minic go raibh rath ar Charlie Chaplin ar feadh a shaoil agus gur go héasca a bhain sé stádas ard amach i ndomhan na scannánaíochta.
Ní hamhlaidh a tharla, áfach, ná baol air. Cosúil le gach ealaíontóir mór le rá, ba ag streachailt leis an saol a bhí Chaplin ar feadh fhormhór a shaoil, é cráite ag fadhbanna pearsanta, airgid agus gairme.
Ar na scannáin is fearr a rinne Chaplin ach nár tugadh aitheantas ceart dó go fóill, tá The Circus a chéadléiríodh sa bhliain 1928. Idir dhá shárshaothar Gold Rush (1925) agus City of Lights (1931) a tharla an sorcas, scannán atá ionann is dearmadta anois ar chúis éigin. Agus ní féidir an milleán go léir a chur ar lucht critice ina leith seo. Chuir Chaplin féin an scannán i bhfolach ar feadh breis is 40 bliain. Ní go dtí an bhliain 1970 a taispeánadh an scannán seo os comhair an tsaoil arís.
Is scannán an-fhileata agus an-álainn é The Circus, é ar chaighdeán ealaíne chomh maith le haon rud a rinne sé roimhe ná ina dhiaidh. Cad chuige drogall Chaplin i leith an tsárscannáin seo, mar sin? Seans gur sna tubaistí go léir a tharla agus Chaplin i mbun scannánaithe atá freagra na ceiste sin. Bhí mí-ádh ceart ar The Circus ón gcéad lá.
Deacrachtaí móra na tréimhse sin a chiallaigh nach raibh ach cuimhní gruama ag Chaplin, Sasanach de shliocht na nGiofóg (Roma) agus lucht sorcais, ar The Circus. Díol spéise gur chíor The Circus agus scannán níos deireanaí leis Limelight (1952) téamaí a bhí gar do chroí Chaplin ar feadh a shaoil agus a raibh tábhacht dhírbheathaisnéiseach leo – feidhm an fhuirseora agus fíornádúr na healaíne sin a dtugtar an sorcas uirthi.
Ar 6ú lá de mhí na Nollag, 1925, a thit an chéad tubaiste amach. Tráthnóna an lae sin, bhuail anfa an seit agus rinne praiseach den ullmhúchán ar fad a bhí déanta idir fhrapaí scannáin agus eile.
Stróiceadh puball an tsorcais, puball a rabhadar beagnach críochnaithe lena réiteach. Ansin, fuarthas amach go raibh an mhír scannánaíochta a bhain leis an siúl téide – mír lárnach – go raibh sin scriosta.
Mar bharr ar an donas, bhí fadhbanna tromchúiseacha pearsanta ag Chaplin timpeall an ama chéanna. Bhí teipthe ar an dara pósadh s'aige le Lita Grey, bean a raibh beirt pháistí aige léi agus bhí
colscaradh colgach ar na bacáin. Agus cúrsaí dlí i dtaobh an cholscartha á réiteach cuireadh ceangal ar gach ar le Chaplin agus Lita é, idir shealúchas agus airgead, agus fágadh Chaplin gan pingin rua.
Anuas air sin, d’áitigh Ioncam Intíre na Stát Aontaithe go raibh ar Chaplin beagnach $1,670,000 a íoc in aischánacha. Ní nach ionadh, bhí Chaplin briste brúite ag na buillí sin go léir.
Thuairiscigh an New York Times in Eanáir 1927 gur fhulaing sé cliseadh néaróg. D'fhan sé lena chairde i Nua-Eabhrac ar feadh ocht mí sula raibh sé de mhisneach aige tosú arís i mbun scannánaíochta.
Tá macallaí de dheacrachtaí an traimp sa mhéid a thit amach thar na trí bliana go raibh Chaplin ag obair ar The Circus. An faitíos is mó a chuireann as don Tramp ná go bhfuil bé an ghrinn tar éis é a thréigean faoi dheireadh. Agus é ag dul in aois, agus a shaol
pearsanta ina phraiseach, níl i ndán dó ach an cliseadh sa deireadh.
Ach seans go raibh nithe níos doimhne fós i gcúl a chinn ag Chaplin agus é i mbun The Circus. Bhí na "talkies" ar leac na tairsí agus athruithe ollmhóra ar na bacáin i ndomhan na scannánaíochta. Bhí Chaplin ar na daoine deireanacha a sheas an fód i gcoinne na scannán fuaime céanna.
Bhí fís aige den mhéid a bhí le teacht. An cultúr a raibh sé mar mháistir air, cultúr an ghrinn thostaigh sin, cultúr na míme agus an tsorcais, bhí baol mór ann go mbeadh sé scuabtha chun siúil.
Lean Chaplin air ag aisteoireacht sna scannáin bhalbha go dtí nach raibh an dara suí sa bhuaile aige – nuair a labhraíonn an Tramp beag an cúpla focal gibrise sin ag deireadh an scannáin Modern Times (1936). An choimhlint seo idir caint is tost, tá sé go sonrach i mír dheiridh The Circus, agus an Tramp ina shuí leis féin sa chró uaigneach a bhí ina chró lárnach ag an sorcas, tráth.
Dála Chaplin féin, tá an Tramp dearmadta ag an slua anois, níorbh fhiú faic anois a ghreann ropánta, an greann sin a raibh an-tóir air agus é ag tosú ar shaol an fhuirseora. Tá sé as faisean anois áfach, ní bhaineann an lucht féachana sásamh as a thuilleadh; tá a laethanta glóracha mar fhear grinn thart agus tá an sorcas bogtha go hionad nua éigin eile.