Ina measc siúd a bhíonn ag cur cúram leanaí beaga trí chéile, tá na daoine gur breá leo a bheith ag maíomh as cé chomh fuirist is atá sé a gcuid leanaí a chur a chodladh istoíche.
‘Ó ní bhíonn éinne ar an tinteán agamsa tar éis a 7 a chlog tráthnóna!’
‘Bíonn na héinne i mo thighse ina gcnap ar a 8 a chlog ar a dhéanaí agus ní chím go maidean iad!’
‘Is breá liomsa saol a bheith agam dom féin agam agus chuige sin máirseálaim na leanaí suas staighre tiubh, te, tapa ar a 7! Conas eile a bheadh am agam don gcniotáil/don gcúrsa i gcócaireacht Indiach?’
Déantar trácht ar ghúrúnna agus ar cheardlanna agus ar lámhleabhair – tagraítear do pholasaithe agus do straitéisí mistéireacha: ‘traenáil codlata’; ‘caoineadh smachtaithe’ agus ‘An Routine’. An aidhm? Codladh na hoíche!
Rith sé liom le déanaí nárbh aon díobháil ceann de na straitéisí nó na lámhleabhair seo a tharraingt chugam féin agus mé i mbun mo chuid aclaíochta suas-síos, síos-suas an staighre ag am codlata.
Gloine uisce do Leanbh 2, gloine eile do Leanbh 3 (‘nuair a luíonn gé’…), ciarsúr do Leanbh 2 (‘smuga mór groí’), eagla roimh charachtair Harry Potter ar Leanbh 1, ní féidir le Leanbh 1 titim dá codladh, tá pianta fáis ina méar ag Leanbh 2 (b’in ceann nua!), tá teidí ar iarraidh ó leaba Leanbh 3 – ní an teidí sin…an ceann eile…an teidí atá thíos staighre, dar ndóigh…ba bhreá le Leanbh 2 buidéal te…ach tá an buidéal sin róthe agus níl an buidéal eile te a dhóthain...
“Táthar ag déanamh amadán críochnaithe díom,” a deirim liom féin! Is maith an rud nach bhfuil suim agam sa chniotáil ná sa chócaireacht Indiach – bheadh fuar agam ag iarraidh freastal ar aon rang – dá mbeadh codladh na hoíche agam bheinn sásta.
Ciúnas ar deireadh. Ach gineann ciúnas amhras. Suas arís. Bhí an diabhal déanta. “Trí thimpiste,” bhí leathphróca Vaseline cuimilte ag Leanbh 2 do ghruaig Leanbh 1, agus dá haghaidh, agus dá cluasa. Timpist a bhí ann, cad eile? Siúd liom le wash and blowdry ar 9.30 p.m. – leanaí ciúine macánta na tíre ina gcnap, is dócha. Oíche amárach, cinnte, caithfear dul i muinín ‘An Routine’!
Thugas faoi deara nach é an Vaseline an táirge is measa a bhuail liom fós maidir le rudaí a bheadh á smearadh ar ghruaig agus ar chraiceann. Níl sé fuirist cáis bhog a ghlanadh amach as an ngruaig, go mór mór nuair atá sí cuimilte isteach go cúramach d’aon ghnó ag leanbh trí bliana d’aois.
Ní haon dóichín é an Sudocream ach an oiread, agus baineann dúshlán ar leith len é a bhaint amach as brait urláir. Bíonn an diabhal ar phluda fliuch chomh maith nuair a théann sé sáite sa ghruaig.
Agus níl aon namhaid agam ach mil nuair a chuimlítear í de na héadaí. Thugas stráice ama lá ag ní buidéal Oil of Olay Total Effects anuas de dhá fhuinneog agus de dhoras gloine. Is cinnte go mbíonn special effects ag an uachtar céanna ar an ngloine – cuma bhreá ghréiseach bhán.
Ach níl cur síos ar an spraoi a bhí ag an seisear leanaí a raibh craic is spórt acu ag cuimilt an uachtair-ola chéanna den ngloine.
Ná ar an ngáire croíúil a lean smearadh an Vaseline. Ná na comhráite greannmhara seoighe a tharlaíonn an t-am sin den oíche nuair atá siad ‘in ainm is’ a bheith ina gcnap.
Nuair a thosaíonn an mhéiseáil agus an rógaireacht cuimhním i gcónaí ar fhocail an fhile Séamas Ó Néill sa dán Subh Mhilis ó na laethanta scoile fadó. Cíonn an file an tsubh mhilis ar bhoschrann an dorais ach sula nglanann sé é, stopann sé:
"Ach mhúch mé an corraí ionam a d'éirigh,
Mar smaoinigh mé ar an lá nuair a bheas an boschrann glan,
Agus an lámh bheag ar iarraidh."
Ní déarfainn go raibh Séamas Ó Néill á chur féin chun cinn mar ghúrú ar thógáil clainne ach féach mar sin féin gur dheas an léamh a bhí aige ar an gcúram.
Agus cé go bhfuilim in amhras an raibh an file ag déanamh jabanna gan dealramh do leanaí a bhí ag déanamh ceap magaidh dó, is cinnte go ndéanaim iarracht cuimhneamh ar na línte deasa sin nuair a thosaíonn an chipeadraíl.
Agus mar sin, idir seo agus “an lá nuair a bheas an boschrann glan”, seo linn ar an síor-suas-síos staighre le gloiní uisce, ciarsúir agus teidís agus gura fada uainn ‘An Routine’!