Is beag sásamh a bhainfidh lucht cearta na Gaeilge as an raic is deireanaí faoi eisiúint torthaí teisteanna anála i nGaeilge. Sa gcás seo, eachtrannach a bhí ar a thriail faoi go raibh sé thar an teorainn dleathach alcóil a bhí i gceist.
Eisíodh toradh na teiste (a rinne sé i stáisiún na nGardaí) i mBéarla amháin agus, ar achomharc, rialaigh an Ardchúirt gur éiligh an dlí go n-eiseofaí i mBéarla agus i nGaeilge é.
Ghaibh imeagla agus sceon na húdaráis láithreach go n-úsáidfí an rialú seo chun na céadta cás dá leithéid a chealú.
Ní hé seo an cineál cáis a chuireann cúis na teanga chun cinn nó a chuirfeadh bród ar a lucht tacaíochta. Leoga, cuireann sé le soiniciúlacht fúithi. Bronntanas ó neamh a bhí ann don gconairt sna meáin a bhíonn ag fanacht go foighdeach le bata eile chun an Ghaeilge a bhualadh.
Bhí an locht, dar leo, ar an dlí, ar na hamadáin a leag amach dlíthe a thacaíonn leis an nGaeilge agus ar an gcóras stáit a fhreastalaíonn ar mhianta mionlaigh bhig.
Ceist níor cuireadh faoi fhíorchúis na conspóide. Níor fhiafraigh siad ar chomhlíon na Gardaí a ndualgaisí de réir an dlí? Níor fiafraíodh: conas a bheadh sé dá mba dhuine a rugadh agus a tógadh sa nGaeltacht a bhí ann?
Mar in intinn na ndaoine seo, níl aon tábhacht le cearta na muintire sin – meon “Nach bhfuil Béarla againn go léir?” a bhíonn acu. Dar leo is cuid éigin d’fhís rómánsúil atá sa nGaeltacht, iarsma míchompordach ceanndána cultúir atá ag mairstin in ainneoin na gcéadta de chos ar bolg.
Léiriú eile a bhí sa scéal seo, dar leo, ar an gcur i gcéill agus ar an ‘tseafóid’ a bhaineann leis an athbheochan. Seans eile ag cumann íospartaigh Pheig Sayers argóint a dhéanamh go ruaigfí an Ghaeilge éigeantach amach as na scoileanna agus go ndéanfaí dearmad di.
Ach seasann fíric amháin doshéanta amach as an scéal seo ar fad – dá mbeadh a ndualgas déanta ag an nGarda Síochána mar atá leagtha amach sa dlí, ní bheadh aon bhearna fágtha ag dlíodóir ar bith chun cás láidir a dhéanamh.
Is cuma más as Rann na Feirste nó as an Rómáin don duine a bhí os comhair na cúirte. Dúirt an dlí go raibh an ceart aige/aici na doiciméidí seo a bheith curtha ar fáil go dátheangach agus dá ndéanfaí amhlaidh sa gcás seo, ní bheadh aon raic ann.
An t-aon pholaiteoir a raibh sé de mhisneach aige aghaidh a thabhairt ar lucht gearáin na meán ná Éamon Ó Cuív a mhínigh go soiléir ar chlár RnaG Cormac ag a Cúig cén fáth go raibh an riachtanas dátheangach ann sa gcéad dul síos.
Ní hé an cás is fóirsteanaí é seo chun tús a chur le díospóireacht faoi chearta teanga ach ós rud é go bhfuil an charraig tógtha ag lucht cáinte na hathbheochana, feicimis ar na gnéithe eile atá faoi sholas anois – go háirithe an dearcadh atá ag roinnt mhaith gardaí faoin nGaeilge agus lucht a labhartha.
Dúirt fear Gaeltachta amháin liom blianta ó shin: “An duine a labhraíonn Gaeilge le garda, níor mhór dó a bheith ólta nó as a mheabhair.”
Is ag magadh a bhí sé ach aithneoidh go leor de phobal na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí na Galltachta an fírinne taobh thiar den ngreann.
Is é fírinne an scéil é go mbíonn eagla ar mhuintir Ghaeltachtaí áirithe go minic agus, cinnte ar fud na Galltachta, an Ghaeilge a labhairt le gardaí nach mbíonn aithne mhaith acu orthu mar chainteoirí Gaeilge. Is minic gur doicheall agus dímheas a bhíonn rompu.
Thar na blianta, tá gearáin go leor cloiste againn faoin bhfadhb seo a théann go croí polasaí póilíneachta an Stáit i leith chainteoirí Gaeilge.
I gcás amháin le deireanas i nGaeltacht Chiarraí, mhaígh fear áitiúil gur Béarla a brúdh air i stáisiún amháin agus gur doiciméidí i mBéarla amháin a cuireadh chuige cé gur léir gur dhuine é a bhí ag iarraidh a ghnó a dhéanamh ina theanga féin
In aon eagraíocht Stáit a bhíonn i dteagmháil laethúil leis an bpobal ba chóir go mbeadh tuiscint agus comhbhá leis an bpobal sin de dhlúth is d’inneach inti.
Más pobal dúchasach é a bhfuil teanga ar leith acu tá dualgas dúbailte bunúsach ar an státseirbhís a chur ar fáil sa teanga sin. Ní bronntanas nó gradam ar leith eisceachtúil é seo ach ceart bunúsach sibhialta.
Tá sé olc go leor nuair a bhuaileann muintir na Gaeltachta agus na Galltachta le haineolas nó le heaspa teanga ó sheirbhísigh an Stáit – cé gurb é dualgas an Stáit a chinntiú nach mbuaileann.
Ach nuair a bhuaileann siad le drochmheas nó le tarcaisne – agus tarlaíonn sé sin – tá sé in am do cheannaireacht an fhórsa breathnú go géar ar a gcúrsaí traenála agus ar na cáilíochtaí ceapúcháin i gceantracha Gaeltachta. Ba chóir don gCoimisinéir Nóirín O’Sullivan tabhairt faoi sin.
Is féidir le Gaeilgeoirí aontú go réidh le lucht cáinte na teanga air seo: cuirimis deireadh leis an gcur i gcéill!
Bíodh gardaí líofa agus doiciméidí coitianta i nGaeilge ar fáil sa nGaeltacht ar a laghad, cibé faoin nGalltacht.