Tá an chuma ar an scéal i bhfaisean na huaire go bhfuil gach aon duine ag iarraidh corc a chur sa díospóireacht. Ní foláir do gach duine a bhundún oifigiúil a chur amach ionas go mbeimid ar an aon duilleog, ar an aon rámh, an salm céanna á sheineamh, fiú amháin.
Is é atá á shairsingiú orainn ná go gcaithfimid a bheith ‘aontaithe’, ag tarraingt le chéile. Chuige sin, Joe Biden ag mionnú go bhfuil sé i gceist aige na Stáit thall a ‘aontú’ ar chuma mhistéireach éigin. Na trumpadóirí sin a tháinig aníos as na carabháin agus anuas ó na sléibhte lena gcuid bainseónna agus amach as árasáin na mbilliún dollar, go bhfuil sé le cleasa droma draíochta éigin, iad a thabhairt ar aon taobh leis. Vótálfaidh na daoine sin ar son polaiteora Dhaonlathaigh nuair a thiocfaidh caint dhubh don phréachán bán agus nuair a fhásfaidh an neantóg ghorm ar an gcrann Nollag corcra.
Ar an gcuma chéanna tá mar alt creidimh anois ag páirtí aontacht Éireann (FG), - mar a bhíodh orthu - agus ag an bpáirtí poblachtach (FF), - mar a bhíodh orthu - agus ag dílseoirí na banríona go mbeadh reifreann maidir le haimsir fháistineach na tíre, go mbeadh sé ‘deighilteach’, nó dibhaidhsibh, go ndealódh sé daoine óna chéile.
Ait go leor, agus mé ag tochas mo chinn go géar, thugas dom aire nach raibh oiread sin daoine ar chomhfhocal mar gheall ar go leor. Cheapas gurbh ionann páirtí polaitiúil seachas páirtí polaitiúil eile a bheith ann toisc nár mhar a chéile an leagan amach a bhí acu ar mhórcheisteanna an lae agus na hoíche. Braithim go bhfuil sin dibhaidhsibh.
Go deimhin féin féinig féineach, nach bhfuil cás ann ar son deireadh a chur le toghcháin ar fad? Le linn feachtas toghcháníochta feicimid ar an teilifís, agus cloisimid ar an raidió urlabhruithe ag clascairt, ag cnagadh agus ag crobhghabháil dá chéile toisc malairt tuairimí a bheith acu? Ní dibhaidhsibh go dtí é.
B’é cleas coiteann a bhíodh ann go dtí seo sa chás is nach dtoileodh duine le toradh suirbhé go ndéarfadh nach raibh an mhodheolaíocht i gceart. Is dá dteastódh ó bhaicle bheag a cúis a chur chun cinn go n-áiteoidís go gcaithfimis mar phobal é ‘a phlé’ (abair, ballraíocht in NATO, nó seandaoine go raibh a seal caite acu a chur chun báis). Is é port anois, áfach, nuair nach binn leat an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar cheist ná a rá go mbeidh sí ‘dibhaidhsibh’ agus nár chóir drannadh léi. Iontach le rá, ní cuimhin liom an t-áiteamh sin maidir le reifrinn eile i ndéanaí aimsire.
Cuid mhaith mhór den saol is ea an chonspóid. Go deimhin is go deimhnitheach ní bheadh athrú ar bith in aon stát daonlathach mura mbeadh go ligimid don tuairimíocht dul ag féachaint lena malairt de thuairimíocht mar a bheadh easóga id phóca.
B’fhéidir gurb ait le daoine go samhlófaí saoirse cainte le Mao Zedung ach níor mhiste don nath cáiliúil sin uaidh a ghreanadh ar chloigne cloch ár dtráchtairí: ‘Bláthaítear céad flós difriúil, cothaítear céad scoil mhachnaimh éagsúil!’ Tuigim nár lean sé dá chomhairle féin, ach toisc go ndeir seisean é ní fhágfadh go gcaithfeadh a bheith mícheart.
Mar liom féin de, is aoibhinn liom leabhair agus ailt agus suíomhanna idirlín a léamh ar glanmhalairt mo chuidse tuairimí atá á reic acu. Músclaítear mé. Tugtar fuinneamh dom. Géaraítear an aigne. Gabhtar i ngleic leo. Feictear go bhfuil gamail sa tsaol. Tuigtear gur cur amú ama agus airgid cuid mhór den oideachas. Tugtar mo dhúshlán. Uaireanta ciceáiltear an madra. Ach comhartha iad nach clóin a chéile sinn.
An deighilt abú! An dealú abú! An dibhaidhsibheachas abú!