Tá deilfeanna daonna san Fheoir. Tá beirt ag snámh ar a suaimhneas faoi scáil Chaisleán Chill Chainnigh. Baineann an radharc preab asam – agus cuireann sé éad orm fosta. Nár dheas bheith chomh cróga cumasach leo, nár dheas sráideanna Chill Chainnigh a fhágáil i do dhiaidh agus seal a chaitheamh san abhainn, an tuath a fheiceáil as an uisce? Tá siad beirt ag bogadh leo go réidh leis an tsruth, gan aird acu ar aon rud ach a n-anáil féin. Tá an bheirt seo ina snámhaithe maithe.
Saorstíl atá acu; ardaíonn siad sciathán amháin as an uisce, sánn chun uisce é, sula n-ardaíonn siad an dara sciathán. Ní hea. Tá ‘sá’ róláidir mar chur síos ar a ngníomhartha.
Cuireann siad méara, ailt agus bos isteach san uisce go cúramach ach go tapa. Samhlaím go bhfuil siad ag cuimilt an uisce níos mó ná á stróiceadh.
Níl foréigean ar bith i gceist; is den abhainn iad; tá siad istigh ina croí. Lúbann siad a gcloigne ar deis, tógann anáil agus tumann srón, béal agus clár éadain faoin uisce arís. Tá siad seal ina ndaoine agus seal ina neacha uisce, duine daonna, anáil, neach uisce, duine daonna, anáil, neach uisce. Ní fada go mbogann siad as radharc. Bhí siad chomh ciúin sin i mbun snámha nár chorraigh siad an chorr réisc óg ar an bhruach. Leanann sí lena seilg aonair ar bhruacha na Feoire, stadann, sánn a gob san uisce agus tagann aníos le hiasc beag. Sá atá i gceist an iarraidh seo.
PÓM