Tá nach mór cúig mbliana fichead ann ó d'fhoilsigh Francis Fukuyama a leabhar conspóideach The End of History.
Bíodh nach bhfuil an téis a rianaigh sé ann chomh simplí is a d’áitigh go leor, bhí an éirim ann díreach go maith: gurb é an daonlathas liobrálach a chleachtaítear in iarthar domhain an sprioc a bhfuil cinniúint agus stair an duine ag gluaiseacht faoina déin. In ainneoin go bhfuil gnéithe den téis seo maolaithe aige ó shin, tá an chuma air go ngéilleann sé fós go bhfuil bun ginearálta leis.
Scríobhadh an leabhar nuair a bhí an cumannachas titithe as a chéile in oirthear na hEorpa agus go raibh an dealramh air go raibh an svae tugtha leis ag an gcaipitleachas domhanda agus ag na fórsaí míleata a bhí á thacú.
B’é Jack Hexter a dhein staraithe a dheighilt sa dá champa, ‘lumpers’ ar leith amháin, agus ‘splitters’ ar an taobh eile. Is é a bhí i gceist aige go bhfuil daoine áirithe a shonraíonn pátrún agus cruth i gcúrsa na staire, agus a mhalairt sin timpeall, daoine eile nach bhfeiceann ach rud amháin ar muin rud eile.
Is dána an mhaise do dhuine ar bith an sruthlam mór sin atá ag clascairt inár dtimpeall a stuanú ar shlí ar féidir ciall éigin a bhaint as, agus ba dhána an gníomh machnaimh agus sintéisithe ag Fukuyama é.
Dhein Karl Marx beart den tsaghas céanna ach gurb é a athrach eile ar fad a chonaic sé roimhe amach: b’é an cumannachas críoch agus foirceann agus ceann scríbe na staire. Mura bhfuil breall arís eile orm bhí imir den mhachnamh sin le fáil sa Chríostaíocht, leis: nuair a bheadh an soiscéal scaipthe ar fud an domhain agus glactha go forleathan leis, is ansin a thiocfadh Pilib agus a chleite chun ár ndán a scríobadh ina leabhar mór.
Chonaic Fukuyama an stair i bhfoirm éabhlóide, agus tá ‘éabhlóid’ ar cheann de na focail is contúirtí amuigh.
Istigh ina lár tá anam beag a thugann le fios – gan aon ní a rá go hoscailte – go bhfuil an saol agus an domhan agus an duine ag dul i bhfeabhas: go mbeidh an lá amárach níos fearr ná an lá inniu, amanathar níos fearr fós, agus amanairis go huncaí diail deoraí. Is é ár ndícheall an tuairim seo a ruaigeadh as an intinn. Táimid ‘ag éabhlóidiú’, dár bhfoirfiú diaidh ar ndiaidh, drochlaethanta úd an aineolais agus na bpiseog ag dul ar gcúl.
Cuir i gcás nach mar sin atá in aon chor? Gan mórán machnaimh déarfá gur mó iad na comharthaí uafáis agus sinn ag druidiúint go himeall na faille le cóir na gaoithe faoi rothaí luais gan choscáin ná go bhfuil a fhios ag aon duine amuigh ansin conas an lot a stop.
Ní fhaca Fukuyama go raibh baol ar bith san Ioslamachas antoisceach ach an oiread is a chonaic sé an radacú a bhí le dul ar thíortha an Iarthair agus iad réidh ullamh cromadh ag buamáil ó thaobh na dtaobhann, go háirithe ón aer anuas.
Chonaic sé níos mó dóchais san Aontas Eorpach ná mar ba léir dó sna Stáit Aontaithe féin, ach féach an crith faoin dá fhód sin. Bhí dall ar chumhacht leanúnach an chumannachais mar a chleachtaítear sa tSín é.
Is sleamhain iad leacracha na liathróidí criostail agus is mó an ghaois a gheofá i ngrúidil an chupáin tae ná ó eolaí polaitíochta ar bith, ná go deimhin ó eacnamaí.
Go háirithe ó eacnamaí.
Bhí amhrán ag Chris Rea na blianta roimh leabhar Fukuyama: “Fool if you think it’s over…it’s just begun.”
Sin í an stair duit.