Nach orainn atá an t-ádh go mbíonn súil chomh géar sin ag Gabriel Rosenstock ar fhilíocht an domhain thar ár gceann? Seo leabhar ar dóigh eile dá chuid, Unter dem Wacholder/Under the Juniper Tree/Faoin Aiteal (Coiscéim), rogha dánta leis an fhile Ghearmánach, Nadja Küchenmeister, bean óg agus file atá á chur i gcomparáid leis an fhile iontach Ostarach, Ingeborg Bachmann. Ní beag de mholadh é sin ag file ar bith.
Tá trí leagan de gach aon dán ar fáil anseo: an dán Gearmáinise agus an tiontú go Béarla ag Hans-Christian Oeser agus an tiontú go Gaeilge ag Rosenstock féin.
(B’fhéidir gur chóir dúinn “Der Rosenstock” a thabhairt air feasta?)
Ní fada go dtéann tú i dtaithí air sin agus ní fada go gcuireann Küchenmeister i gcuimhne duit a áille agus atá an Ghearmáinis mar theanga.
Is go réidh a mholann muid an Fhraincis, an Iodáilis, an Ghaeilge féin mar theangacha ‘ceolmhara’ ach tá ceol agus ceol anseo agus an file ag déanamh a hanama.
Sea, is cliché é ach cliché nach bhfuil éalú air sa chás seo – tá lón machnaimh sna dánta seo.
Ní hionann sin agus a rá gur tromchúiseach dúr atá siad. Ní hea. Mar a scríobhann Rosenstock féin san iarfhocal: “...aithnímid guth an fhile agus an ceol diamhair a éiríonn as cora crua agus cora boga an tsaoil seo.”
Tá línte anseo a léifidh tú uair amháin, zweimal, agus an tríú huair.
PÓL Ó MUIRÍ