Bhí píosa thar a bheith suimiúil ag Maitiú Ó Coimín ar Tuairisc.ie an tseachtain seo caite. Ag caint faoin díolúine a bhí ar fáil do dhaoine éirí as an Ghaeilge mar ábhar scoile a bhí sé.
“Deacrachtaí foghlama ba chúis leis an díolúine ón nGaeilge a bhí ag 70 faoin gcéad den 8,363 dalta sa tsraith shinsearach i mbliana nach ndearna staidéar ar an nGaeilge in ainneoin go ndearna siad staidéar ar theanga Eorpach eile,” a scríobh sé.
“De réir na bhfigiúirí nua a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais, rinne 21,287 dalta sa chóras dara leibhéal staidéar ar nuatheanga Eorpach eile cé go raibh díolúine ón nGaeilge acu.”
B’ionann teanga Eorpach eile agus an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis agus an Spáinnis.
Tá, gan amhras, ábhar machnaimh sna figiúirí sin agus sna cúiseanna a bhíonn ag daoine gan staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.
Léirigh an t-alt na dúshláin mhóra a bhí roimh theagasc na teanga sa Stát sa lá atá inniu agus daoine as an Tuaisceart nó as tíortha eile i mbun staidéir ann.
Ní bheadh duine ar bith i ndiaidh páiste a bhfuil deacracht foghlama acu gan staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge nó ar ábhar ar bith eile má tá fadhb acu leis.
Agus nach iontach go mbíonn sé de chumas iontu staidéar a dhéanamh ar theanga eile, an Ghearmáinis ach go háirithe, teanga a bhfuil clú na castachta uirthi?
Shílfeá go raibh an Ghearmáinis ní ba dheacra ná an Ghaeilge – ach ní bheadh gach duine den tuairim sin.
Tá 30 inteacht bliain ó shin, bhí mé féin i mbun staidéir ar an Ghearmáinis ar ollscoil. Bhí ag éirí go holc ar fad liom, chomh holc sin gur iarr an tOllamh le Gearmáinis cruinniú liom.
Ba é a bhí gnaíúil liom agus é an-imníoch faoi mo chuid drochmharcanna.
“Well,” ar seisean, “I spoke with your lecturers in Celtic Studies and they say that you are doing very well at Irish.” Rinne sé moill bheag. “I don’t understand that at all – Irish is much harder than German.”
Post agus fáilte
Ní féidir leat bratach a ithe, a dúirt iarcheannaire an SDLP, John Hume, lá den saol. Tá an méid céanna fíor faoi theanga. Ní bréag a rá go mbíonn mórán múinteoirí agus gníomhaithe teanga ag iarraidh a chur in iúl do dhaoine óga go dtig leo slí bheatha a bhaint amach aisti ach í a bheith acu.
Aithníonn polaiteoirí na hÉireann an rud céanna más fianaise ar bith í ráitis a tháinig ó bheirt.
Chuir an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, fáilte roimh an scéala ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) go mbeadh dhá chomórtas le Gaeilgeoirí a earcú do phoist in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.
Dúirt sí gur seans a bhí ann do lucht na Gaeilge a raibh suim “acu deiseanna a thapú in institiúidí an aontais ó tharla go mbainfeadh an dream a n-éireodh leo an-tairbhe as a bheith ag obair i dtimpeallacht ilchultúrtha agus ilteangach atá forásach agus spreagúil”.
Ní hí Humphreys amháin a bhí moltach faoi chúrsaí fostaíochta san aontas. Chuir an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin, Liadh Ní Riada, fáilte roimh an socrú go raibh an t-aontas le 13 cúntóir teanga le Gaeilge a earcú.
“Céim” i dtreo feachtas earcaíochta níos leithne chun níos mó ateangairí, aistritheoirí agus dlítheangeolaí le Gaeilge a cheapadh sna hinstitiúidí Eorpacha a bhí ann, a dúirt sí.
Dúirt sí gur theanga “iomlán oifigiúil den Aontas Eorpach í an Ghaeilge maraon le bheith mar chéad teanga oifigiúil in Éirinn”.
Mhol sí an teanga mar chuid de chultúr na hÉireann ach dúirt go raibh feidhm léi chomh maith. Bhí dualgas ar an Stát agus ar an aontas déanamh cinnte de go raibh an Ghaeilge ar comhchéim le teangacha eile. Bhí dul chun cinn déanta agus ba mhaith go raibh “postanna d’ardchaighdeán ar fáil do Ghaeilgeoirí”.
Eolas: www.eu-careers.eu
Athcheapadh Uí Chlochartaigh
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh atá ceaptha arís ina urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta & Diaspóra do Shinn Féin.
Dúirt sé go raibh sé “thar a bheith sásta” leanstan den “obair thábhachtach a bhí ar bun agam chun cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a chur chun cinn”. “Tréimhse chinniúnach” a bhí ann don teanga nó bhí teipthe ar an Rialtas an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm mar ba cheart.