Éadóchas in Éirinn ach athbhreith an údair thar sáile

Bíonn éadóchas ar Thomás Mac Síomóin go minic faoi chúrsaí in Éirinn ach leanann sé leis ag scríobh

Is scríbhneoir dúshlánach é Tomás Mac Síomóin. Tá a léargas ar shaol na hÉireann ar fáil ina chuid gearrscéalta, úrscéalta, filíochta agus aistí le dhá scór bliain.

Bíonn a shaothar dúshlánach ó thaobh teanga agus smaointe dó agus san ionramháil a dhéanann sé ar mhúnlaí litríochta.

Is minic míshásamh air leis an easpa léirmheastóireachta agus léitheoirí a mheallann a shaothar Gaeilge.

Leanann sé air mar sin féin.

READ MORE

Tugann a leabhar nua The Broken Harp Identity and Language in Modern Ireland (Nuascéalta) sásamh ar leith dó, mar gur forbairt shuntasach é ar argóintí a d'fhoilsigh Coiscéim i bpaimfléid éagsúla Gaeilge. Tá talamh nua treafa aige anseo leis an Ghaeilge, Éireannachas, stair an chine agus géineolaíochta a shnaidhmeadh ina chéile agus tugann sé míniú conspóideach ann ar cheist thréigint na Gaeilge.

Léamh éadóchasach ar ghluaiseacht na hathbheochana atá sna míreanna a bhaineann le straitéis na gluaiseachta sin, ach dar le Mac Síomóin, ní thagann feabhas ná forbairt as cur i gcéill; an fhírinne ghlan an túsphointe má tá rath le bheith ar straitéis athbheochana.

Bhain Tomás Mac Síomóin PhD sa Bhithcheimic amach in Ollscoil Cornell, SAM, agus chaith sé blianta ag múineadh na heolaíochta ar an tríú leibhéal. D’fhán sé i dteagmháil le forbairtí agus teoiricí na heolaíochta ó shin. Ina insint ar an scéal anseo, is í oidhreacht an chóilíneachais an charraig ar ar bhris ar gach iarracht go dtí seo le teanga na nGael a shlánú. Déanann sé scagadh ar fhianaise a tháinig chun solais le blianta beag anuas go bhfágann an bhrúidiúlacht, a théann i bpáirt le cóilíneachas, a lorg ar an dúchas bitheolaíoch.

Deir sé go bhfágann an t-athrú seo tionchar diúltach ar chultúr agus iompar an phearsa chóilínithe agus ar a shliocht chomh maith: “B’as staidéar ar shliocht na gcimí i gcampaí géibhinn na Naitsíoch sa Dara Cogadh Domhanda a tháinig an t-eolas seo i gcéaduair. Bunaithe ar fhianaise den chineál seo, is féidir a mhaíomh gur fáisceadh gnéithe d’Éireannachas an lae inniu – an col le Gaeilge san áireamh – as taithí an íochtaráin i bpobal cóilínithe. Tá saintréithre an Éireannachais chóilínithe seo – claontaí ólacháin, chun gruaime, foréigin, rátaí arda scitsifréine, srl, á léiriú ag na glúnta Éireannacha ó shin, in Éirinn agus thar sáile. Amhail is dá mbeadh riar nach beag dínn ag feidhmiú ar go leor bealaí de réir script a chum an cóilínitheoir Sasananach dúinn fadó.”

Ní raibh fonn air féin áfach glacadh le script na Sasanach. Is cuma chomh míshásta is atá sé leis an Stát anseo nó le gluaiseacht na Gaeilge, is le fonn a labhraíonn sé faoina chuid scríbhneoireachta agus an sásamh a thugann cumadóireacht i nGaeilge dó.

“Is meán dúshlánach cruthaíochta í an Ghaeilge, ach tá sí imithe chun roighneadais,” a deir an scríbhneoir a dteastaíonn uaidh an Ghaeilge a chur “ag rince athuair do cheol thuiscintí an lae inniu. Ní sásamh aeistéitiúl go dtí é. Is dúshlán cruthaíoch é seo atá neamhspleách nach mór ar cheist na teanga. Is beag sásamh eile atá ar fáil ag an scríbhneoir ar na saolta seo, a bhuíochas le teirce phobal léite na Gaeilge maille le laige agus leimhe an fhreagairt chriticiúil dá shaothar.”

Is sóisialach agus poblachtánach é, “de réir bhunchiall an fhocail” agus fágann sin a lorg ar na scéalta a scríobhann sé.

Tá cuid mhór de scríbhneoireacht Thomáis suite i bpobail ar strae. Dá mbeadh saothar amháin le lua aige, is é Ag Altóir an Diabhail – Striptease Spioradálta Bheartla B é, úrscéal feimineach diostóipeach atá raibiléiseach agus greannmhar.

Chaith Mac Síomóin tréimhsí ina eagarthóir ar an iris Comhar agus ar an nuachtán seachtainiúil Anois sula ndeachaigh sé leis an scríbhneoireacht chruthaíoch go lánaimseartha. Bhí an cinneadh sin agus an t-aistriú chun na Spáinne tábhachtach dá fhorbairt mar scríbhneoir agus don bhealach a smaoiníonn sé.

“Ba gheall le hathbhreith dom é Éirinn an éadóchais agus na cúinge a fhágáil i mo dhiaidh, mé féin a thumadh i gcultúr eile agus tabhairt faoi m’athchruthú féin mar dhuine is mar scríbhneoir,” a deir sé.

“Is ionann maireachtáil trí Chatalóinis agus Spáinnis agus Éirinn is an domhan uilig a fheiceáil trí spéaclóirí úra. Is próiseas é seo a ghineann tuiscintí nua a choinníonn an tine lasta faoin bhfiosracht leanúnach úd arbh é síol na cruthaíochta í ag deireadh báire.”