Is maith linne smaointeamh orainn féin mar thírghráthóirí, gur dílis don Phoblacht atá muid, go bhfuil mórán againn ar son Éireann Aontaithe, go mbeimis sásta íobairt a dhéanamh ar son na saoirse ar ár ndóigh bheag féin.
Cuireann muid grá don tír roimh airgead agus nithe saolta eile. (Lucht na Gaeilge ach go háirithe!)
Seo muid ag caint ar Éirí Amach na Cásca ar na himpleachtaí, ar an bhua agus ar an chaill.
Seo muid bródúil gur roghnaigh muid, as ár dtoil féin, bochtanas neamhspleách in áit shaibhreas an ghiolla.
Sea, nach iontach muid?
Cé a shamhlódh, mar sin, gur faoi na Sasanaigh a bheadh sé aithris a dhéanamh orainn, 100 bliain i ndiaidh an Éirí Amach, agus neamhspleáchas a lorg ar institiúid agus impireacht nár thaitin leo féin? Cé a chreidfeadh go ngoillfeadh aontas Eorpach an oiread sin ar dhaoine a raibh impireacht dhomhanda acu roimhe seo?
Tagann na maslaí chun béil go furasta. Tugann muid “Little Englanders” orthu; cuireann muid ciníochas agus seineafóibe ina leith.
Seans go bhfuil Little Englander nó dhó i measc na ndaoine a vótáil ar son Brexit.
Ach iad uilig? 17.5m duine?
An raibh duine ar bith abhus ag éisteacht leis an díospóireacht thall mar ba cheart?
Bhí mír ar Newsnight agus an Leath-Thaoiseach Enda Kenny thall sa Bhreatain le linn an reifrinn.
Bhí sé ag stocaireacht i measc phobal na hÉireann le go gcaithfeadh siad vóta ar son fanachta. (Níor cheart go mbeadh sé sa Bhreatain, dála an scéil, ach sin scéal eile.)
Chuir an BBC beirt Éireannach as an cheantar céanna leis an Uasal Kenny faoi agallamh. Bhí cónaí orthu beirt thall le fada an lá.
Bhí siad beirt le vóta a chaitheamh ar son imeachta. D’oibrigh siad ar feadh a saoil thall, a dúirt siad, agus shaothraigh siad gach pingin a thuill siad.
Mír eile ó Steornabhagh. Fear amháin a dúirt go raibh sé ar son imeachta. Cad chuige?
D’amharc sé i dtreo an chuain. Lá den saol, bhí lear mór bád iascaireachta anseo; bhí deireadh leis an tionscal sin anois, a dúirt sé, agus ar an Aontas Eorpach a bhí an locht.
(Níorbh é an t-aontas amháin ba chúis leis an mheath sin, creidim, ach chuir sé leis.)
Bhí bean ina cuideachta. Bhí sise idir dhá chomhairle.
Chaith an t-aontas mórán airgid ar chúrsaí turasóireachta agus infrastruchtúir san áit ach mar sin féin....
Chualathas daoine eile as tuaisceart Shasana ar son imeachta. Cinnte, bhí imní orthu ach b’fhearr leo go mbeadh smacht acu ar a dtír féin; ba leor leo dlíthe Westminster. An raibh eagla orthu roimh an éiginnteacht, roimh an chostas?
Bhí – ach b’fhearr leo dul sa bhearna bhaoil ná géilleadh.
Déarfainn, dá mbíodh cónaí orthu sin abhus anseo tamall de bhlianta ó shin, go mbeadh siad le feiceáil i measc lucht leanúna Dev.
B’fhéidir gurb í sin an chúis go bhfuil an oiread sin coil ag tráchtairí Éireannacha le lucht Brexit?
‘An giorria a chur ina suí’
Nach míle trua nach raibh bunús ar bith leis an scéal sin go raibh an Béarla le ruaigeadh as an Aontas Eorpach mar theanga oifigiúil?
B’éigean d’Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn ráiteas a eisiúint faoin cheist. Dúirt siad go raibh sé “tugtha faoi deara againn go raibh tuairiscí sna meáin inar maíodh go mbeadh deireadh leis an mBéarla mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach i ngeall ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas.
“Ní fíor sin. Ó thaobh rialacha a bhaineann le húsáid teangacha in institiúidí an Aontais Eorpaigh de, is í Comhairle na nAirí, ag gníomhú di d’aon toil, a dhéanann na cinntí i leith na rialacha maidir leis na teangacha a úsáideann institiúidí an Aontais Eorpaigh. Fágann sin nach ndéanfar aon athrú ar chóras teangacha an Aontais Eorpaigh mura vótálfaidh gach comhalta sa Chomhairle, comhalta na hÉireann san áireamh, ar a shon.”
Is cinnte go mbeidh feidhm leis an Bhéarla san aontas go ceann píosa. Ní amháin nach mbeadh mórán feisirí Éireannacha dár gcuid in ann Gaeilge a labhairt ach is teanga de chuid na himpireachta eile é an Béarla, na Stáit Aontaithe. (Nó ar chóir dúinn ‘American’ a thabhairt air feasta?)
Is iontach fosta mar a thosaíonn na ráflaí seo de scéalta. Thugtaí ‘hares’ orthu lá den saol agus mise i m’iriseoir óg sa seomra nuachta, is é sin, scéal a ritheann fud fad na háite ach nach bhfuil aon chiall leis.
Faraor, is iomaí sin giorria a chuireann an tIdirlíon ina shuí ar na saolta seo. Is mór an trua nach gcuireann na meáin chumarsáide thraidisiúnta níos mó dua orthu féin ráiteas a fháil faoi na nithe seo – sula gcuireann siad ach aon chuid amháin den scéal ar líne.