Is ait an mac an saol, deirtear. Thiocfadh leat an rud céanna a rá faoi chláir TG4; ní bhíonn a fhios agat go minic cad é atá romhat. Faitíos agus fiosracht a thug orm amharc ar shraith úr, EIPIC (Déardaoin, 10pm), ar an stáisiún.
Leath bealaigh idir coiméide agus dráma, de réir ábhar poiblíochta, dírithe ar dhéagóirí ach á chraoladh ag am do dhaoine fásta. Daoine óga, baile beag in Éirinn, ceisteanna staire, réabhlóid agus éirí amach.
Thuigfeá ón chlár láithreach gur drochrud é a bheith i do chónaí i mbaile beag tuaithe. Níl aon suáilcí ag baint leis níos mó – má bhí ariamh. Éiríonn daoine óga dúdóite agus, bhuel, labhrann siad faoi bheith dúdóite. Níl rud ar bith le déanamh. Tugann siad faoi “réabhlóid cheoil” agus éirí amach in aghaidh an leadráin.
Ceapann ceannasaí an ghrúpa nach grúpa, Sully, plean de shórt inteacht – Oifig an Phoist a ghabháil agus físeán a chur ar líne. Ach ní a gcuid amhrán féin a chuireann siad ar líne.
“Covers” a mholann bean den bhuíon, Mona. Covers? Más réabhlóid í nár cheart, bhuel, d’amhrán féin a chumadh? Tá barúil mhaith agam gur scríobh ceannairí Éirí Amach na Cásca an forógra iad féin.
Fite fuaite fríd an chlár, bhí caint ann faoi stair agus faoi Chogadh na Saoirse.
Cé atá sa flying ó leadrán column?
Sully, an buachaill dána nach bhfuil ina bhuachaill dána ar chor bith. An buachaill saibhir, Oisín. An diúlach le croí mór maith, Aodh. An spéirbhean, Bea. An spéirbhean eile – Mona – nach eol di go fóill gur spéirbhean í – aisteoirí breátha óga ar fad agus iad ag iarraidh splanc a chur sna carachtair. (Moltar aisteoirí breátha óga!)
Chonacthas sraitheanna grinn a bhain le cogaí agus tréimhsí achrannacha staire roimhe seo: an tsraith dheireanach de Blackadder agus é sin ag plé leis an Chogadh Mór; beidh cuimhne ag glúin níos sine ar Hawkeye Pierce agus M*A*S*H agus glúin níos sine arís eile ar Dad's Army!
Chomh fada agus a bhaineann sé le leadrán agus 'fadbhanna' na hóige agus ceol a cheangal le chéile, bhí Glee ann – bhí sé go dona ar fad mar shraith – nó bhí an scannán Pitch Perfect ann nó an scannán a chuir borradh faoin earnáil ar fad, Grease: "I've got chills they're multiplying and I'm losing control..."
Ní léir ar an chéad amharc cad é an chríoch a bheas ar an mheascán mearaí de chraic agus cheol. Faoi láthair, níl sé greannmhar go leor le go mbeadh gean agat air; níl sé ceolmhar go leor le go dtógfadh sé cian díot – agus d’aird de laigí an phlota. Beidh le feiceáil sa dara clár cad é an fhorbairt a thiocfas ar chúrsaí.
Aisteach go leor, chuir an carachtar, Mona, an file Caitlín Maude i gcuimhne dom agus níor luaithe sin i mo chloigeann gur chuimhnigh mé ar a dán álainn, Amhrán Grá Vietnam: "d'fhéadfadh muid fanacht ar pháirc an áir/ach chuir aghaidheanna brónacha na saighdiúirí/ag gáirí sinn/agus thogh muid áit bhog cois abhann."
Sin agat leadrán na hóige agus sin agat réabhlóid. Í féin a chum an dán.
Cosán an Chonallaigh
Clár de shórt eile ar fad atá in
Ar Mo Bhealach Féin
(BBC2 Tuaisceart Éireann). Turas a rinne an t-údar Conallach, Seosamh Mac Grianna, sa Bhreatain Bhig a bhí faoi scrúdú ag an láithreoir, Seán Mac Labhraí. Shiúil Mac Grianna na céadta míle sa tír; chodail faoin spéir agus mheil sleachta áille próis as an aistear dá leabhar,
Mo Bhealach Féin
.
Tá Mac Labhraí ar chosán an Chonallaigh agus é ag déanamh aithrise ar a laoch liteartha. (Tá sé ar nós scoláire liteartha agus Bear Grylls ag an aon am amháin.) B’álainn an cosán é agus bhí an tráchtaireacht cruinn beacht ceolmhar.
Is dócha gur mó daoine a amharcfaidh ar an chlár ná a cheannóidh leabhair Mhic Grianna.
Ach cá bhfios nach spreagfaidh sé duine óg nó dhó le héirí amach in aghaidh an leadráin agus éirí isteach ar an litríocht?
Moladh nuachta
Doiligh go leor a bhíonn sé clár nuachta a chur ar fáil ag an deireadh seachtaine; níos deacra arís más i nGaeilge é. Focal beag molta, mar sin, do
Nuacht
TG4 oíche Shathairn.
D’éirigh leo mír a chur le chéile faoin olltoghchán agus caint i nGaeilge leis an Taoiseach Enda Kenny; ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin; ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Joan Burton agus le hiarrthóir ó Shinn Féin.
Beagnach go gcreidfeá go raibh spéis ag na páirtithe i nGaeilge. Beagnach.