Bhí i ndán is go dtiocfadh de chor sa tsaol, nach raibh?
Na seanaontachtóirí ag caolú amach as na pluaiseanna á mhaíomh sa chás is go n-imeodh an Bhainríocht Aontaithe amach as an Aontas Eorpach nárbh fholáir dúinne iad a leanúint. Ba leor leithscéal ar bith.
Ar feadh i bhfad bhíothas ag rá gur ‘failed state’ sinn, in ainneoin go bhfuilimid ar cheann de na stáit is éirithí ar domhan riamh, riamh.
Ní raibh de rogha mar mhalairt againn ach a bheith mar dhlúthchuid den Bhainríocht Aontaithe chéanna, an ‘failed state ‘ is mó in iarthar na hEorpa.
Stát nár éirigh leis a phobail éagsúla a choimeád le chéile; stát ar gá dul i muinín an fhoréigin nó na bagartha d’fhonn na hiarsmaí ar an gciumhais a choinneáil laistigh den bhig-bham.
Bhí i ndán is go dtiocfadh na seanaontachtóirí nár ghéill riamh don stát Éireannach amach lena spúnóga beaga suaracha den neamhíocshláinte ag tairiscint an chupáin nimhe.
‘Níl aon éalú,’ a fhógraíonn siad, ‘má shíl sibh riamh go raibh sibh neamhspléach, triailfidh seo bhur miotal! Fill, fill a rúin ó, is ná himigh uainn.’
Is mar seo a thosnaíonn sé. Cuirtear an síol ós íseal agus fásfaidh fiailí.
Cuirtear feiste eile air seo, gan amhras. Tugtar isteach an eacnamaíocht, nó an astralaíocht, arb ionann iad. Níl a fhios ag duine ar bith an leas nó aimhleas an Bhreatimeacht chéanna dúinn.
Dé Luain tá gach rud go breá; Dé Máirt beagán níos fearr; Dé Céadaoin ag dul ar gcúl; Déardaoin n’fheadar cad tá ar siúl; Dé hAoine gach rud sa chac; Dé Sathairn ag teacht as…
Is é nach dtugtar san áireamh nach raibh baint ar bith ag an eacnamaíocht le cinneadh na Bainríochta thall.
Ó sea, sea, b’fhéidir, is dócha, tharlódh go raibh amadán thall is abhus a thug an t-abacus amach is a chomhairigh na pinginí.
Ach b’í eagla na ndeoraithe isteach a chuir an sceimhle trasna orthu, bíodh is nár nath leo féin go raibh cead acu siúd lonnú in áit ar bith thall thairis. Is é seo croí na cúise.
Is í malairt mana cháiliúil úd Clinton (Bill) is fíre, ‘It’s not the economy, stupid.’
Ní hé nach bhfuil a phraghas ag gach éinne, tá; ach tá a luach ag gach éinne chomh maith. Agus tá an luach sin comhdhéanta de mhíle sifín a sheolann chugainn ar an ngaoith, nó tríd an gcóras séarachais.
Ní breabaireacht lom an phóca a chinneann mar a chaitear guth i dtoghchán nó i reifreann, ach nithe is diamhaire go mór ná sin; nithe adeir go minic cén saghas duine tú.
Vótáil an UQ imeacht ón Aontas Eorpach toisc caitheamh i ndiaidh na sean-Impireachta a bheith fós i gcroí go leor díobh – ‘We are still an Iland/No part of the maine’ mar adúirt John Donne, beagnach.
Bheifeá ag súil nach bhfuil oiread den chaitheamh sin i ndiaidh na gréine nach rabhthas ag súil go rachadh sí síos róláidir abhus, bíodh go mbeadh amhras ort, ar uaire.
Nuair a chlasaíomar féin leis an bhfiontar seo sna 70í siar, b’é an port ba mhó a bhodhraigh sinn ná gurbh ‘Eorpaigh’ sinn feasta.
Eorpaigh ba ea Fionn mac Cumhaill agus an Gobán Saor agus Conchúr mac Neasa agus Breandán Naofa, nó pé duine a bhí san allagar.
Gan choinne anois tá an t-áiteamh seo balbh. Ní Eorpaigh feasta sinn ach géillseanaigh de chuid ‘na n-oileán seo’. Chonaic na nua-aontachtóirí an scoilt, agus isteach leo.
Tá an fód fós á seasamh, mar caithfear an ceart oifigiúil a chosaint.
Ach tá an crinneadh tosnaithe, an phiocaireacht ar na himill, an talamh á réiteach. Bítear ag faire!