Tá longa de chuid Chabhlach na hÉireann ag tarrtháil imirceach sa Mheánmhuir le trí mhí. Cúis bhróid dúinn an líon mór a shábháil an LÉ Eithne, thart ar 3,770 duine ar fad. Tá an LÉ Niamh anois ag leanacht den dea-obair. Ba í an Iodáil a bhí ag iompar fhadhb na n-imirceach go dtí le déanaí ach, tar éis roinnt de na heachtraí ba mheasa inar cailleadh na céadta, b’éigean don Aontas Eorpach breathnú ar an gceist ar deireadh agus socrú a dhéanamh faoi na himircigh seo.
Tógfaidh an Stát seo 600 acu ach céard atá i ndán dóibh? Ar a laghad beidh stádas dídeanaí acu ar theacht dóibh.
Thógamar a leithéid de ghrúpa cheana. Tháinig 204 de “Phobal na mBád” a bhí ar a dteitheadh ag deireadh an chogaidh sa Vítneam anseo i 1979.
I dtús ama lonnaíodh le chéile iad. In imeacht ama scaipeadh ar fud an Stáit iad, rud a d’fhág go raibh siad aonarach agus iontach uaigneach. Tar éis tamaill d’fhill a lán acu ar Bhaile Átha Cliath le bheith in éinde lena muintir féin. Bhí na blianta tosaigh deacair, uaigneach ach is cuid den tsochaí anois iad.
Ní féidir an rud céanna a rá faoina lán acusan a tháinig ag lorg tearmainn ó na 1990í ar aghaidh. Le “Pobal na mBád” agus grúpaí eile a tháinig rompu bhí a fhios ag an Rialtas cén líon a bhí i gceist.
Níorbh amhlaidh leis na dídeanaithe agus chruthaigh sin mórdheacrachtaí cóiríochta. Beartaíodh córas ar a dtugtar “soláthar díreach” a chur i bhfeidhm, aíocht agus bia a sholáthar i mbrúnna agus airgead póca beag de €19 gach seachtain do dhuine fásta a íoc. Níl saoirse ar bith acu faoin gcóras seo, faoi cá gcónaíonn siad, céard a íosfaidh siad, cén uair nó cén áit.
Mar réiteach gearrthéarmach d’fhéadfaí glacadh leis an gcóras agus na foirgintí mífheiliúnacha.
Tá roinnt dídeanaithe, áfach, ceaptha sna hionaid idir cúig agus deich mbliana mar go bhfuil a stádas dídeanaí á phlé sa chóras ar feadh an achair sin.
Airíonn na daoine sin gurb ionann na hionaid chóiríochta dhírigh agus príosúin.
Fad atá a n-iarratas á mheas níl cead oibre acu. B’fhearr i bhfad leo a bheith ag obair. An chuid acu a bhain stádas amach thugadar faoin obair agus an neamhspleáchas a cheadaigh sin go fonnmhar.
Ní go fonnmhar áfach a glacadh leo, bhí gearáin oscailte le clos faoi “ár bpostanna agus deiseanna oibre a bheith á ngoid acu” cé nach n-oibreodh Éireannaigh sna postanna sin.
Ón tús bhí amhras agus ciníochas á léiriú, maslaí á gcaitheamh leo ar na sráideanna agus ní cosúil go bhfuil an ciníochas ag maolú. Le déanaí ruaigeadh máthair agus a clann as a dteach cónaithe i mBaile Átha Cliath de bharr géarleanúint chiníoch. Ar chuntas twitter an Fheisire Eorpaigh Mairéad McGuinness tá pictiúirí a sheol sí de theachtaireachtaí ciníocha ar na bóithre i gContae na Mí. Caithfear tabhairt go hoscailte faoin imeaglú seo nó is in olcas a rachaidh sé.
Caitear leo gur imircigh eacnamaíocha a bhformhór. Fiú má sea, is imircigh eacnamaíocha iad na hÉireannaigh a d’fhág an tír seo leis na céadta bliain agus má shíleann pobal na hÉireann nárbh éigean do chuid acusan cabhair a fháil tá dul amú orthu. Níor cuireadh faoi ghlas i mbrúnna iad ach oiread.
Tá €700 milliún caite ag an Stát seo ar sholáthar díreach le cúig bliana agus deir lucht feachtasaíochta go bhfuil géarghá le mearchóras nua measúnaithe.
Faoi láthair tá thart ar 3,800 duine a bhfuil os cionn cúig bliana caite acu sa chóras agus mhol grúpa oibre de chuid an Rialtais go bhfaigheadh siadsan stádas cónaitheora go pras.
Ar na moltaí eile bhí córas measúnaithe sruthlíneach le cead oibre do theifeach tar éis naoi mí, go bpléifí le hiarratais taobh istigh de sé mhí, méadú san airgead póca agus oideachas tríú leibhéal a oscailt do dhídeanaithe óga mar mhic léinn Éireannacha seachas mar eachtrannaigh a bhfuil táillí ollmhóra le n-íoc acu.
Is léir go bhfuil deacracht ag an Rialtas leis na moltaí óna ghrúpa oibre féin agus an tAire Dlí agus Cirt ag caint faoi “pull factor” chun an Stáit má bhíonn coinníollacha rómhaith ar fáil.
Cúis imní don Rialtas freisin na costaisí. Deir an tAire go ndúblódh an costas dá gcuirfí deireadh leis an soláthar díreach mar go mbeadh forlíonadh cíosa le n-íoc agus liúntas dífhostaíochta.
Céard is fiú grúpa oibre agus moltaí muna n-éisteann sibh leo, a Aire?
Tabhair cead oibre dóibh; íocfaidh siad a mbealach féin.