Tharla mé ag féachaint ar an Talaban ar an teilifís ar ár nós go léir, na cinnirí táim ag rá. Fág an turban ar an gcloigeann ina sheasamh ansin mar a bheadh puball ina bhféadfadh teaghlach iomlán codladh ann as an áireamh, b’iad na féasóga ba shuaitheantasaí dom. Gach ceann díobh ag baint barr cleite ar a chéile le fad, cuid acu ag sileadh síos chomh sia sin go bhféadfadh siad poll an imleacáin a chigilt.
B’é smaoineamh a rith liom ná, cén bhaint atá ag na hulchaí seo le creideamh, mar is léir go bhfuil? Ar mo shnámh dom i linn an eolais tamall ó shin, tá meathchuimhne agam go raibh buíon amháin de na hAmanaigh in Pennsylvania ag iarraidh féasóga bhuíne eile a bhearradh le teann oilc agus le barr masla. Agus cheapamar go léir nach raibh aon aighnistí ina measc siúd seachas le húsáid chapall mar mhalairt ar úsáid mhótar!
Tá an chuma air go raibh sé riamh mar sin. Is mó sin creideamh nó reiligiún a bhfuil rialacha dochta acu maidir le duala gruaige, fág nach bhfuil oiread sin rialacha cinnte sa Bhíobla, sa Chóran, ná sna Véadaí a thabharfadh treoir duit, de réir mar atá léite agamsa díobh go mion ribe ar ribe. Chun a gceart a thabhairt do na Mormanaigh tagann siad chun an dorais i gcónaí go slachtmhar cruinnchíortha rud a thabharfadh le fios duit go bhfuil siad glanbhearrtha go maith ó na reiligiúin a chuaigh rompu.
Mhaígh Clement Naofa Chathair Alasdair go gcaithfeadh fir féasóga a bheith orthu d’fhonn iad a leithriú ó mhná, agus deir Agaistín féin gur comhartha fearúlachta den fhireannach fásta ba ea an fhéasóg. B’fhéidir gurb é sin an fuadar atá faoin Talaban go léireodh na féasóga nach mná iad. Ach ansin, ní fheictear na mná d’fhonn comparáide a dhéanamh agus iad laistiar de na cuirtíní sin a ghluaiseann go míorúilteach ar chosa nach bhfeictear fan na talún.
Ach gabhann níos sia siar ná sin. Dhiúltaigh Nadchrandail troid le Cú Chulainn in ‘Táin Bó Cuailnge’ toisc gur ‘giolla gan féasóg’ a bhí ann. B’éigean don laoch a shmig a smearadh le dubhluibheanna sula mbeadh comhrac eatarthu.
Is léir gur bhain Iacób buntáiste bréige mar sin ar a dheartháir nuair a bhuail sé bob ar a n-athair Íosóc sa Bhíobla. Bhí siad in iomaíocht ar son beannacht an tseanduine agus nuair a dúirt Iacób lena mháthair ‘Tá mo dheartháir Éasau lán d’fhionnadh, ach tá mo chneas-sa mín’ chomhairligh sí dó fionnadh dhá mheannán a chur air ionas nach n-aithneodh Íosác gurbh é a bhí ann. Ní foláir nó bhí féasóga agus craiceann i bhfad níos gairbhe an t-am sin.
Níl aon teora leis an teoiric, áfach. Comhthaláin áirithe Hiondúcha baineann siad gach ribe beo dá muintir ar an mbonn gur ag filleadh ar staid na neamhurchóide atá siad. Ach mar mhalairt, lig Thomas Cranmer dá fhéasóg fás go rábach mar chomhartha ómóis don rí Annraoi VIII nuair a fuair rí úd Shasana, na Fraince agus Tiarna na hÉireann bás, agus ba shiombail fhrithChaitliceach ar feadh tamaill é féasóg go brollach a bheith ort.
An rud is feoil do neach amháin is amhlaidh gur glasra do dhuine eile é, áfach, agus níorbh fhada do phreisbitéirigh áirithe cosc a chur ar fhéasóga toisc go raibh a leithéid coitianta ag oird Phápúla áirithe. É sin, nó bhí daoine ag baint taitnimh mhíchuibheasaigh as a bheith á slíocadh go machnamhach.
Is chuige sin go dtagann crith chos agus lámh orm ar maidin agus mé dom bhearradh féin. An lann go híogair lem smig agus lem scornach. An mbeidh Dia crosta liom má bhainim leadhb as stoth dem fhásra nó an mbeidh ríméad air?