Tá réiteach molta an tseachtain seo a thabharfadh deis arís do dhaltaí Éireannacha cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach i scoileanna Shasana. Ón bhliain 2013 i leith, níl an Ghaeilge ar fáil a thuilleadh mar ábhar scrúdaithe don GCSE i Sasana, rud atá ag déanamh imní do thuismitheoirí agus do dhaltaí de bhunadh na hÉireann.
Ba é an bord scrúdaithe i dTuaisceart Éireann, an CCEA, a bhíodh ag cur na gcáilíochtaí Gaeilge ar fáil i Sasana. Rinne siad an cinneadh anuraidh, áfach, stop a chur leis na scrúduithe ar an bhonn nach raibh ciall eacnamaíoch ann dóibh leanstan leis.
2,080 dalta a thug faoin Ghaeilge sa GCSE anuraidh ach ba i dTuaisceart na hÉireann a bhí siad uilig diomaite de bheirt i Sasana. Deir an CCEA go bhfuil go leor “difríochtaí ó thaobh polasaithe tagtha chun cinn idir na forais cháiliúcháin i dTuaisceart Éireann, i Sasana agus sa Bhreatain Bheag” ón uair a bunaíodh Ofqual mar rialtóir cáilíochtaí do Shasana i 2009.
Roimhe sin, bhíodh na forais éagsúla ag obair as lámh a chéile chun réimse leathan teangacha a chur ar fáil do na scrúduithe. Faoin socrú seo, bhíodh an CCEA ag feidhmiú mar “eagraíocht bhronnta” do na scrúduithe Gaeilge sna trí dhlínse.
Deir siad go bhfuil dualgas reachtúil orthu scrúduithe Gaeilge a chur ar fáil i dTuaisceart Éireann, ach nach bhfuil an ceangal sin orthu i Sasana agus nach mbeadh údar leanstan leis mura mbeadh “ciall eacnamaíoch” ag baint leis. Rinne an CCEA cinneadh dá réir sin deireadh a chur lena gcuid scúduithe i Sasana ar bhonn céimiúil ó Bhealtaine 2012.
Is i Sasana amháin atá an fhadhb mar go bhfuil an CCEA fós ag soláthar scrúduithe GCSE i nGaeilge do scoileanna na Breataine Bige. Ní thugann daltaí in Albain faoin scrúdú GCSE. D’fhág an cinneadh seo daltaí agus tuismitheoirí de bhunadh na hÉireann ar an trá fholamh. Deir Coláiste na nGael go mbíodh idir cúigear agus deichniúr dalta ag tabhairt faoin scrúdú GCSE go rialta i Sasana le dornán blianta anuas agus gur easpa deiseanna chun an teanga a fhoghlaim is cúis leis an líon beag seo.
“Tá 30 grúpa anseo sa Bhreatain a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge. Níl aon dabht ach go dtiocfadh borradh faoi líon na ndaltaí a bheadh ag foghlaim na teanga dá gcuirfí an Ghaeilge ar ais ar an churaclam agus dá dtabharfaí roinnt tacaíochta di,” arsa Christy Evans ó Choláiste na nGael.
“Tá thart ar dhosaen dalta ag foghlaim na teanga ar bhonn neamhfhoirmeálta faoi láthair ach ní thig leofa cáilíocht a bhaint amach inti.
“Is minic a deir na leanaí seo go mbíonn orthu Fraincis nó Gearmáinis a fhoghlaim cé go bhfuil caighdeán níos airde Gaeilge acu.
“Tá go leor páistí de bhunadh na Gaeltachta ag tabhairt fúthu sa Bhreatain anois agus níl aon easpa múinteoirí Gaeilge ann.
“Tacaíonn muid go láidir leis an gcúnamh airgid a chuireann an Stát ar fáil d’ollscoileanna thar sáile a bhíonn ag plé leis an teanga. Tá sé in am anois cuidiú a thabhairt do na scoileanna uirbeacha sa Bhreatain a bheadh in inmhe cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil dá gcuid daltaí.”
Tá an feachtas atá bunaithe ag Coláiste na nGael sa Bhreatain le cur in éadan an chinnidh seo ag dul i dtreise. Tháinig grúpaí éagsúla le chéile i Northamptonshire an tseachtain seo caite chun an cheist a phlé agus tá tacaíocht léirithe ag na Teachtaí Charlie McConalogue (FF) agus Gerry Adams (SF) dá bhfeachtas.
Lena chois sin, tá rún ag an fheisire parlaiminte Chris Ruane (LO), an cheist a tharraingt anuas i Westminster go luath.
Dúirt urlabhraí de chuid Ruane go raibh roinnt mhaith grúpaí pobail i dteagmháil leis faoin scéal agus gur mhaith leis go mbeadh na húdaráis i dTuaisceart Éireann ag soláthar an chúrsa arís.
Dúirt sé go raibh roinnt cúinsí praiticiúla fós le socrú agus go raibh sé ag coinneáil súil ghéar ar an scéal.
An tseachtain seo, áfach, tháinig cor úr sa scéal. I ráiteas a thug an CCEA don cholún seo, moltar réiteach ar an fhadhb: “De réir na reachtaíochta i Sasana is faoi “Eagraíochtaí Bronnta” amháin a thiteann sé cúrsaí GCSE a sholáthar. Níl an CCEA aitheanta a thuilleadh, áfach, mar eagraíocht bhronnta.
“Molaimid mar sin go mbeadh GCSE na Gaeilge ar fáil i Sasana ón CCEA mar cháilíocht neamhrialaithe i Sasana, rud a chiallódh go mbeadh an seasamh céanna aige i measc fostóirí agus ollscoileanna is a bhíodh cheana. Tá muid ag fanacht anois le cead a fháil don bheartas seo ó Ofqual agus ón Roinn Oideachais,” a dúradh.
Ach an mbeadh a leithéid de shocrú inghlactha do phobal na Gaeilge sa Bhreatain? “Ceist chrua í sin ach seans go mbeadh,” a deir Evans.
“Tá muid ag lorg cothromaíocht measa don teanga agus go mbeadh sí ar fáil i scoileanna Shasana ‘ar bhonn prionsabail’.
“Má bhíonn sé sin bainte amach againn thiocfadh linn iarracht a dhéanamh cur le líon na scoileanna a bheadh ag soláthar cúrsaí Gaeilge.”
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap