Cháin Conradh na Gaeilge buiséad an Rialtais, á rá nach raibh an Rialtas “ag troid ar son mhaoiniú na Gaeilge agus Gaeltachta a chosaint agus a fhorbairt”. Dúirt Julian de Spáinn ón chonradh go raibh “an Rialtas ag maíomh as ciste de €500,000 a chur ar leataobh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm ach ar an lámh eile, tá an Rialtas chun nach mór €3 milliún a bhaint ó scéimeanna agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Oifig an Choimisinéara Teanga.
“Conas gur féidir linn tiomantas an Rialtais i leith na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 a chreidiúint nuair atá an Rialtas céanna ag lagú chumas feidhmiúcháin na n-eagras Stáit agus pobail, a bheidh riachtanach leis an straitéis a bhaint amach?”
Cháin sé an “laghdú suntasach” a rinneadh “ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta agus dochar déanta, mar sin, dá chumas poist a chruthú sa Ghaeltacht.
“Le comhthéacs a chur leis an laghdú seo, beidh €10 milliún breise ag an IDA in 2014. Ní léir go bhfuil an bhuairt chéanna ar an Rialtas le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht”.
Thug Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le fios i ráiteas go raibh an Rialtas ag cur €0.5 milliún ar fáil do chur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus ag baint cúig faoin gcéad den bhuiséad do sheirbhísí Gaeilge agus Gaeltachta: “Ní bhainfear torthaí na straitéise amach gan infheistíocht chuí sa phróiseas pleanála teanga, agus is deacair a shamhlú gur féidir forbairtí sa réimse seo a bhaint amach nuair atá buiséad na Roinne atá freagrach as á ghearradh bliain ar bhliain.”
Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) go raibh “buille eile buailte” ag an Rialtas ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Bhí gearradh siar déanta ar chistí Údarás na Gaeltachta in áit breis airgid a chur ar fáil le fostaíocht a chruthú: “Le roinnt blianta anuas tá an maoiniú atá ag an údarás le fostaíocht a chruthú gearrtha ó €26 milliún go dtí €5.8 milliún i mbliana.
“De réir tuairisc Indecon tamall siar theastaigh ar a laghad €12 milliún in aghaidh na bliana leis na jabanna atá ann a chaomhnú, gan trácht ar jabanna nua a chruthú.”
Cháin sé fosta an gearradh siar €1.3 milliún a rinneadh ar na heagrais Ghaeilge.
Thug Foras na Gaeilge le fios gur aithin siad “go raibh cinntí deacair le déanamh ag an Rialtas agus deimhníonn muid go mbainfear an leas is fearr as na hacmhainní teoranta atá againn”.
Samhail úrnua
Ní fada go mbeidh deireadh leis an chéad chéim eile sa phróiseas fada achrannach le hatheagar a chur ar na heagraíochtaí Gaeilge.
D’fhógair Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite go raibh siad ar lorg léirithe suime ó ghrúpaí a bhí ag iarraidh feidhmiú mar “cheanneagraíochtaí”.
Beidh na ceanneagraíochtaí freagrach as sé réimse ar leith: Gaeloideas/tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge; oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh; forbairt phobail agus eacnamaíochta; deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasán; ardú feasachta, cosaint teanga agus iomadaíocht agus forbairt deiseanna úsáidte Gaeilge agus gréasán do dhaoine óga.
Tá go dtí Dé Céadaoin 30ú Deireadh Fómhair ag eagrais léiriú suime a chur faoi bhráid an fhorais.