Tá 150 bliain ann an mhí seo ó troideadh Cath Gettysburg (1ú-3ú Iúil), ceann de na cathanna is tábhachtaí sa Chogadh Cathartha Meiriceánach.
Tagann na focail cháiliúla “government of the people, by the people, for the people” ón óráid bhreá a thug Abraham Lincoln ar an ócáid sollúnta nuair a coisriceadh páirc chatha Gettysburg mar reilig do na saighdiúirí a maraíodh.
Tá óráid Lincoln greanta mar scríbhinn, ina lán
teangacha, ar an leacht
cuimhneacháin ar pháirc an chatha – an Ghaeilge ina measc.
Tá sé oiriúnach gurb í an Ghaeilge ceann amháin de na teangacha sin mar fuair a lán Éireannach bás sa chath.
Tá a fhios ag mórán daoine gur throid a lán Éireannach (timpeall 150,000 díobh) ar son an Tuaiscirt sa chogadh cathartha agus rinne an Bhriogáid Éireannach (Nua-Eabhrac) agus na 69th Pennsylvania Irish Volunteers éacht in áiteanna éagsúla le linn chath Gettysburg.
Ach b’fhéidir nach bhfuil a fhios ag mórán daoine gur throid timpeall 20,000 Éireannach ar son an Deiscirt le linn an chogaidh agus bhí cuid acu i láthair ag Gettysburg.
Duine amháin díobh siúd – agus a chaill a bheatha – ab ea William Mitchel, an mac ab óige a bhí ag John Mitchel, duine de na náisiúnaithe is cáiliúla atá againn.
Mar a tharlaíonn, tá féile thábhachtach ag Mitchel i mbliana chomh maith mar d’éalaigh sé ó Van Dieman’s Land 160 bliain ó shin agus chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe.
B'as cúlra Preispitéireach agus Úinitéarach i gcontae Dhoire é Mitchel ach tháinig sé faoi thionchar Thomas Davis (fear ardchumasach a bhí in ann a lán daoine a tharraingt chuige féin), príomheagraí na gluaiseachta Young Ireland agus chuaigh sé leis an
náisiúnachas Éireannach.
Threoraigh an Gorta Mór i dtreo an náisiúnachais é freisin mar chreid sé go raibh feidhmeannaigh i Londain agus i mBaile Átha Cliath ag baint úsáide as an nGorta chun muintir na hÉireann a
scriosadh agus chun an tír a ghalldú amach is amach.
Fear ardchumais ab ea Mitchel féin, go mórmhór mar scríbhneoir, agus nuair a fuair Davis bás (i bhfad ró-óg) chuaigh Mitchel go Baile Átha Cliath chun a bheith ina leas-eagarthóir ar an Nation, nuachtán na gluaiseachta Young Ireland.
Níorbh fhada gur cheap sé go raibh an Nation
róchoimeádach agus chuir sé a nuachtán seachtainiúil féin ar bun, an United Irishman.
Soiscéal na láimhe láidre agus lánscaradh ó Shasana a theagasc Mitchel ina nuachtán. Mhol sé “holy war to sweep this island clear of the English name and nation” sa chéad eagrán.
Gabhadh é faoi acht nua tréas-feileonachta i mí
na Bealtaine 1848 agus
gearradh téarma ionnarbtha 14 bliain air go Van Dieman's Land. Ach chuaigh cara le Mitchel, Patrick J. Smyth, ó Nua-Eabhrac chun na Tasmáine chun cabhrú leis éalú i Meitheamh 1853.
Le cabhair Smyth, d’éirigh le Mitchel an Tasmáin a fhágáil agus a bhealach a dhéanamh go Nua-Eabhrac. Chuir na hÉireannaigh ansin fáilte roimhe mar laoch.
Chuir sé nuachtán eile ar bun i Nua-Eabhrac; The Citizen. D'fhoilsigh sé sraith aistí ann faoin am a chaith sé i bpríosún – tuairisc a foilsíodh ina dhiaidh sin faoin teideal Jail Journal.
Leabhar eile cáiliúil a d'fhoilsigh sé ab ea The Last Conquest of Ireland (Perhaps) inar scríobh sé an abairt dodhearmadta seo faoin Ghorta Mór: "The Almighty, indeed, sent the potato blight, but the English created the Famine."
Chosain Mitchel an
sclábhaíocht sa Citizen, agus is gné an-chonspóideach é seo dá dhearcadh: "We deny that it is a crime, or a wrong, or even a peccadillo to hold slaves, to buy slaves, to keep slaves to their work by flogging or other needful correction."
Cheap sé gur tugadh aire ní b’fhearr do na sclábhaithe i nDeisceart Mheiriceá ná mar a tugadh do na feirmeoirí beaga in Éirinn ná na hoibrithe sna cathracha móra i Sasana.
Níl spás ann in alt gearr mar seo chun an ghné seo de dhearcadh Mitchel a phlé. Meascán a bhí ann den
tionchar a bhí ag scríbhinní Thomas Carlyle air, an
náisiúnachas rómánsach a shaothraigh sé féin, an tuairim idéalaíoch a bhí aige faoi shochaí an Deiscirt .
D’íoc sé go daor as an dtacaíocht a thug sé do chúis an Deiscirt.
Bhí triúr mac aige; cailleadh beirt acu sa chogadh – an duine ab óige ag Gettysburg – agus gortaíodh an tríú duine díobh go dona.
Bhí sé féin i Richmond le linn an chogaidh, ina eagarthóir ar an Enquirer, foilseachán leathoifigiúil de chuid
Jefferson Davis, uachtarán an Confederacy.
Tar éis an chogaidh thug sé tacaíocht do na Fíníní agus do Clan na Gael. Fuair sé bás in 1875 agu adhlacadh é sa Reilig Úinitéarach in Iúr Cinn Trá, Co an Dúin.