Tá deirfiúr de mo chuid le pósadh. Chuir an scéala gliondar ar m’iníonacha: “Caithfidh muid éadaí nua a fháil! Agus bróga. Agus...”
D’amharc siad ormsa i ndiaidh tamaill. Mise agus a máthair a bheas ag íoc as gach uile ní. Miongháire ar bhéal, deir siad, go fial fáilteach: “Agus caithfidh tusa culaith nua a fháil fosta, a dhaidí.”
“Tá neart cultacha agamsa,” a dúirt mé agus tá. Caithim culaith i gcónaí má bhím san oifig nó i mbun oibre.
D'fhoghlaim mé fada ó shin go raibh orm gléasadh go néata agus mé ag obair ar son The Irish Times, don't you know?
Chuir cléireach de chuid na Dála cosc orm freastal a dhéanamh ar choiste lá den saol de bharr nach raibh carbhat á chaitheamh agam.
Bhí fonn orm a rá leis nár chaith muintir Iarthar Bhéal Feirste carbhat.
'Comhrac chic' a bhí san fhaisean in iarthar Bhéal Feirste le linn m'óige – casóg chomhraic de chuid arm Mheiriceá, circa cogadh Vítneam, stoc de chuid na bPalaistíneach – keffiyeh – faoi do mhuineál, jions agus Doc Martins ar do chosa.
(Níor chaith mise sin, ar ndóigh, buachaill béasach a bhí ionamsa. Cóta dufail a bhí agam ach is fíor go raibh péire bríste glas agam agus stríoca tartan ar gach taobh díobh agus mé an-óg. Bhí na Bay City Rollers go mór i mbéal an phobail an t-am sin.)
Thug an cléireach carbhat dom agus ligeadh isteach mé. Shocraigh mé go ndéanfainn cinnte de go mbeinn gléasta mar ba cheart as sin amach.
Chuige sin an chulaith. Is í is fusa agus is néata le caitheamh. Is í is mó a chuireann in iúl do dhaoine – go bréagach! – go bhfuil duine céimiúil os a gcomhair. Éide chatha atá ann.
Is fíor go gcuireann an chulaith chéanna mearbhall ar na gligíní frith-Ghaelacha a chastar go minic orm.
Bíonn siad ag súil go mbeidh geansaí Árann orm nó seaicéad bréidín agus píopa liom.
(Tá, cinnte, seaicéad bréidín agam ach is de dhéantús Magee é.)
Éiríonn daoine níos eaglaí arís nuair a thuigeann siad gur as an Tuaisceart a thagaim: culaith? Nár chóir go mbeadh balaclava agat?
Ach, a deirim i gcónaí, mhillfeadh balaclava mo chuid gruaige!
Ní miste liom, mar sin, aitheantas éigin a thabhairt don fhaisean; ní miste liom géilleadh don ghnáthchleachtas agus culaith nua a fháil don bhainis.
Ach tá cuid éigin den aigne nach ngéilleann don chostas mór a bhaineann lena leithéid.
Tugaim sracfhéachaint ar GQ. Tá lear mór cultacha ar taispeáint ann agus tugann an iris buille faoi thuairim dom faoina bhfuil sa stá anois.
Tá an iris líon lán le pictiúir dhaite de chultacha áille. Deas, a deir na cailíní. An-dheas, a deir na cailíní. Iontach deas, a deir na cailíní.
Ach fan! Amharc ar an phraghas! Tá na mílte punt ar gach aon cheann acu. £2,000 ar chulaith le dream amháin as an Iodáil agus £225 ar an léine féin; beagnach £1,000 ar chulaith eile, £260 ar léine agus £175 ar an charbhat.
Tá na siopaí áitiúla ag díol culaith nua ar chostas atá níos lú ná praghas aon charbhait amháin. Ba bhreá liom bheith i mo Gucci Gael ach caithfidh mé mo chlann a chothú.
Agus an eagla atá ort fosta go n-éireoidh an chulaith salach agus tú ag taisteal ar an traein nó ag siúl na sráideanna.
An mise amháin a bhaineann leis an ghlúin sin ar dúradh leo i gcónaí: “Coinnigh do chuid éadaí maithe glan!”
Shocraigh muid, dá réir sin, gurbh é an bealach ab fhearr leis na héadaí a choinneáil glan ná iad a choinneáil sa vardrús.
Don bhainis nó don tórramh a coinníodh an chulaith dheas agus ní raibh de dhíth ort ach dhá charbhat – ceann daite do bhainis; ceann dubh do thórramh.
Tá athrú i ndiaidh teacht ar an nós sin. Tharla go raibh mé ar iar-mheánscoil mo mhic tamall ó shin agus gradaim á mbronnadh ar na daltaí sinsearacha, gasúir 18 bliain d’aois.
Culaith a bhí ar gach aon duine acu. Bhí mé féin ar an scoil chéanna; ní dócha go raibh culaith ag duine amháin againn an t-am sin. Is mór idir éadaí inniu agus éadaí inné.
Chun an tsiopa áitiúil a théim. Tá cleachtadh acu orm faoin am seo. Culaith atá uaim; rud inteacht stuama.
Aimsíonn muid culaith dheas nua.
“Tig sé duit,” a deir fear an tsiopa. Bhuel, b’fhéidir. Ní déarfá go raibh David Gandy ina sheasamh os do chomhair ach níl mé cosúil le Victor McLaglen ach an oiread.
Mar sin féin, tá rann i mo chloigeann: “cuir culaith shíoda ar ghabhar...”