Bhí Pádraic Breathnach ag scríobh anseo tamall ó shin faoina chuid taistil i gcoillte thiar. Bíonn an rud céanna ar siúl agam sna Móinteacha thuaidh.
Faoi dheisceart Loch nEathach is minice a bhím ar safari agus is iomaí sin éan atá le feiceáil ann.
Is beag lá sa tseachtain nach bhfeicim an clamhán agus é ag eitilt “go firmimint na spéire gan dua ar sciatháin leata”; bíonn an pocaire gaoithe le sonrú go minic os cionn na bpáirceanna agus, ar ndóigh, na héin bheaga a bhíonn mar chuairteoirí inár ngairdíní uilig.
Ach chonaic mé éan an tseachtain seo caite nach bhfaca mé riamh roimhe – kingfisher. Sea, an Ghaeilge féin ní raibh agam air.
Ach sin agam é – kingfisher gan cheist. É ina shuí ar craobh in aice le sruthán faoi chúpla míle den loch. D’éirigh mé den rothar ach scanraigh na coscáin é agus ar shiúl leis.
“Cruidín” a thugann an tEolaí Póca air. Sin agat é, mar sin, éan nua agus focal nua.
An fada go mbeidh mé i gcuideachta an chruidín arís? Críoch na críochdheighilte Níor tháinig na haontachtaithe aduaidh sa deireadh le comóradh ná ceiliúradh a dhéanamh ar an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath.
Níor shíl mé go dtiocfadh. Cad chuige a dtiocfadh? Tá, de réir a slat tomhais pholaitiúil féin, an ceart ag aontachtaithe: ní ábhar comórtha acu é an tÉirí Amach.
(Ar an dóigh chéanna, níor shíl mé ariamh go raibh dualgas ar Shinn Féin nó ar pháirtí ar bith náisiúnach páirt a ghlacadh i gcomóradh bliantúil an Chogaidh Mhóir. Tá sé de cheart ag náisiúntóirí a leithéid a sheachaint – go múinte – más é sin a dtoil. Ar ndóigh, caithfidh prionsabal bheith agat leis sin a dhéanamh agus níl mórán acu sin ag páirtithe náisiúnacha, thuaidh ná theas, faoin am seo.)
Tuigeann tú don pholaitíocht lom atá taobh thiar den chinneadh aontachtúil.
Agus toghchán tionóil ar na bacáin sa Tuaisceart, is beag seans go raibh ionadaithe ón dá pháirtí mhóra aontachtúla, an DUP agus UUP, ag dul a sheasamh ar Shráid Uí Chonaill faoi bhratach na hÉireann agus an méid sin a mhíniú dá vótóirí sa bhaile. (Mar sin féin, ceapann an dá pháirtí chéanna comhaltaí boird ar eagrais thuaidh/theas – an Bord Teanga san áireamh.)
Ach ná bíodh eagla ort sa chás go raibh tú gonta nár tháinig ionadaithe polaitíochta aontachtúla aduaidh go Baile Átha Cliath an Cháisc seo. Tapaigh tusa an deis le dul ó thuaidh an samhradh seo.
Mhol Conradh na Gaeilge gur dheas an rud Gaeilge a fhoghlaim le 1916 a chomóradh. (Ba dheas!) Molaim go dtugann tú cuairt ar aon cheann de na sé chontae mar chomóradh fosta. Tig leat ainm Gaelach an chontae a fhoghlaim roimh ré!
Cinnte, ná déan rud mór den oilithreacht Ultach seo agat. Ar son Croim, ná ceangail bratach na hÉireann de dhíon an chairr. Bíonn go leor iaróga sa Tuaisceart gan tusa a bheith ag cur leo.
Tabhair cuairt ar na Beanna Boirche nó ar Ghlinntí Aontroma nó ar Bhallaí Dhoire nó ar lochanna Fhear Manach. Ceannaigh sceallóga agus iasc. Amharc thart. Siúil leat.
Cuireadh tú críoch leis an chríochdheighilt ar do dhóigh chiúin mhúinte féin.
Míorúilt? Scríobhtar sa Bhíobla go luífidh an leon leis an uan – ach ní dóigh liom go scríobhtar in áit ar bith go luífeadh Fine Gael agus Fianna Fáil le chéile. (An dtabharfá míorúilt ar a leithéid?)
An raibh iontas i ndáiríre ar an ghnáthvótóir nach raibh ceachtar den dá pháirtí ag briseadh na gcos le comhrialtas a bhunú?
Is cinnte nach raibh vótóirí an dá pháirtí ag iarraidh a leithéid de shocrú agus bhí na vótóirí a thacaigh le neamhspleáigh, bhuel, ag tabhairt tacaíochta d’iarrthóirí neamhspleácha.
Agus cad é an t-iontas a bheadh ort go raibh an oiread sin cainte idir polaiteoirí ó bhí an t-olltoghchán ann? Mar a dúirt fear amháin in Mo Bhealach Féin: "Níl i bpolaitíocht ach gaoth mhór." Sa bhliain 1940 a foilsíodh an leabhar sin ar dtús.
Tá an ghaoth mhór linn go fóill.