Is deacair labhairt le haon chruinneas mar gheall ar ghné ar bith den stair, mar pé rud mar gheall ar an aimsir láithreach, bíonn an aimsir chaite ag athrú de shíor.
Is deacra fós breith a thabhairt ar iarmhairt na staire sin ar a bhfuil ar siúl inniu, óir tá spréite chun na milliún airde cheana féin.
Fós féin, is í an bhreith sin a bhíonn á déanamh againn gach orlach den tslí inár saol poiblí agus polaitiúil, i bhfios nó i ngan fhios dúinn.
Ar leith amháin, tá 100 bliain ó shin ó réab Vlad Lenin agus a chomrádaithe isteach ar rialtas Phetrograd agus a chuir as iad; agus ar an leith eile tá tuairim is 100 uair an chloig ann ó chaith an Vrad seo againn féin suaitheantas nach bhfacthas riamh roimhe seo i nDáil Éireann, poipín fola ag pléascadh amach as croílár shamróige.
Tá an chuma air go bhfuil comóradh réabhlóid 1917 ábhairín ciúin sa Rúis, cé gurb ait le duine é sin nuair a chuimhnítear ar mar a thosnaigh Putin, gan trácht ar an ráiteas uaidh gurbh é ‘turnamh an tSóivéid Aontaithe an tubaist ba mhó’ a bhuail a chríocha féin san aois seo caite.
Is é a thuigfeá gur dócha go bhfuil gnéithe móramhrastúla an réimis Chumannaigh ag filleadh chun míshuaimhneas a dhúiseacht in intinn daoine.
Ó osclaíodh aircívleanna iomadúla na linne sin, go háirithe i Moscó, tá ‘athscríobh na staire’ ar siúl go tiubh mar is cóir, cé go raibh ‘athscríobh na staire’ ar bun abhus anseo le fada beag beann ar aircívleanna ar bith. Ar shlí amháin, is mór is baoth do dhuine gach ar tharla d’áit ar bith a chur sa mheá, ag leagadh a raibh go maith ar thaobh amháin den scála, agus ag cur na n-uafás ar an gceann thall.
Tá sin déanta go heireaball timpeall i gcás na gcríocha Sóivéadacha. Conas is féidir uafás agus ár 1937/8, nó na gortaí roimhe sin, na Gulaig á síneadh soir go híor na hÁisia, cos ar bolg ar scríbhneoirí agus ar aos machnaimh freasúrach, díbirt náisiúin bheaga as a bhfearann cearta is córa a chur suas is anuas le scrios na Romanov lofa, le craobhú na litearthachta uilí go mear, fionnachtana iontacha eolaíochta, tacaíocht do ghluaiseachtaí saoirse ar fud an domhain, agus go háirithe agus go sonrach agus go speisialta, an bua a rug siad ar an nGearmáin Naitsíoch ar chostas 26 millún duine díobh féin?
B’fhéidir gurb é an rud is fearr a dhein an cumannachas úd don chuid eile den domhan ná go díreach a bheith ann. Íomhá uasal é ar nós na Críostaíochta agus an daonlathais agus cearta do chách, pé rud i dtaobh a chur i bhfeidhm. Mura mbeadh é, is róbhaol go raghadh an caipitleachas neamhshrianta thar chailc ar fad – is é sin, níos fiaine fiata gan smacht ná mar atá anois.
Déantar breith sin na staire ón mball ina bhfuil tú id sheasamh. Ní móide go bhfuil aon amhras in intinn Vlad Putin mar gheall ar impireacht na Rúise féin, ach amhras i dtaoibh an droch-chlú a tharraing sí uirthi féin sna blianta ba mheasa.
Is beag an t-amhras atá timpeall na mbólaí seo, áfach, maidir le himpireacht na Breataine. Nó sin an chuma sin ar Vrad, go háirithe, mar is ionann an poipín a chaitheamh – is cuma a bheith i bhfolach sa tseamróg nó sa tsailtír nó sa chainneann – agus tacaíocht a thabhairt do shaighdiúirí na himpireachta. Smaoinítear air: Taoiseach Éireannach ag caitheamh suaitheantais in onóir d’arm eachtrannach a throid in aghaidh a thíre féin.
Dá mbeadh an bua acu, ní bheadh sé ina phost mór anois!