Agus mé tuairim is deich mbliana d’aois bhí mé féin agus mo mhuintir ar ár laethanta saoire samhraidh san Inbhear Mór, i gContae Chill Mhantáin.
Bhíomar ag fanacht i dteach ar an gcéibh theas den Abhainn Mhór. Samhradh aoibhinn álainn ba ea é agus, cé is moite d’imeacht cois farraige go rialta, chothaigh mé féin agus mo dheartháir óg, Brian, cairdeas leis na buachaillí áitiúla.
Bhí páirt lárnach ag an abhainn i saol na mbuachaillí céanna: ba mhinic eascanna beaga le marú mar aon le bric.
Bhí Mianach Copair na hAbhann Móire faoi lán seoil ag an am sin agus ba bheag ba chúram do na húdaráis an t-eisileadh a sceitheadh isteach san abhainn, rud a dhéanadh na bric dhonna codlatach agus mallghluaiste.
B’fhurasta iad a mharú le gathanna, gléasanna iascaigh a bhí mídhleathach ach ba bheag duine ar cuireadh an dlí orthu. B’éacht, mar sin féin, breac a mharú agus ba mhinic a dhéanadh buachaillí an bhaile cois farraige gaisce as a leithéid.
Níos faide siar ar an gcéibh bhí píobán fada camrais ag síneadh amach ó bhruach na habhann go lár. Bhí an píobán seo fáiscithe go daingean i gcásáil choincréite agus, mar sin, d’fhéadfá siúl amach san abhainn ar a dromchla.
Bhí an t-uisce éadoimhin ar dhá thaobh an phíobáin ach, níos faide amach uaidh, bhí an t-uisce doimhin go leor.
Lá dá raibh mé i mo sheasamh ar an gcásáil choincréite ag féachaint amach ar an abhainn, thug mé faoi deara droimneach mór ag sracadh le rud éigin ina ghob mór buí ag deireadh na cásála.
Ba ghearr gur thuig mé go raibh breac donn gafa ag an éan mór. Ní dhearna mé an dara smaoineamh ach chuaigh sa tseans láithreach, ag rith ar luas lasrach síos an chásáil agus gach scread asam. Lig an t-éan scanraithe uaidh an t-iasc, leath a sciatháin go malltriallach agus d’éirigh san aer.
Thit an t-iasc sleamhain isteach san uisce éadoimhin ar an scarbh. Chaith mé mé féin ar mo bholg agus shin mé mo lámha amach chun breith ar an mbreac donn sular aimsigh sé an an t-uisce doimhin.
Ba dhóbair dom agus an breac sleamhain ag lúbarnaíl agus ag casadh faoi mo lámha ach bhí rún daingean agam gan an chreach a ligint uaim. Rug mé suas an t-iasc i mo lámha go cáiréiseach agus rith mé siar an chásáil go buach ag screadaíl go sceitimíneach “Mharaigh mé breac! Mharaigh mé breac!”
Chuir Dónal, buachaill áitiuil, púic ar a mhalaí agus scread os ard. “Is liomsa an breac sin. Chonaic mise ar dtús é agus lean mé an céibh thuaidh anuas é. Is liomsa é!”
Ba bheag aird a thug mé air, áfach. Bhí an t-iasc agam anois go cothram, le mo dhá lámh, agus ní raibh ar intinn agam é a thabhairt suas mar go ndearna buachaill éileamh bréige air.
Rith mé liom gur bhuail mé le Mícheál, leaid óg a bhí ar comhaois liomsa ar lena mhamó an teach ina rabhamar ag fanacht.
Leath miongháire ar a aghaidh bhricíneach: “Maith thú, a bhuachaill. Déanann an mianach copair an t-iasc malltriallach ach ní fhaca riamh ceann gafa de láimh. Céard a dhéanfaidh tú anois leis? An íosfaidh tú é?”
Níor thaitin iasc liom ar chor ar bith agus b’fhuath liom an Aoine ar an ábhar sin. Ach bhí m’athair agus mo dheirfiúr lán sásta triail a bhaint as an mbreac a bhlaiseadh, d’ainneoin a thruaillithe.
D’ullmhaigh mo mháthair dinnéar breá um thráthnóna cé nár bhlais mé an breac céanna agus níor ghearánta do m’athair ná do mo dheirfiúr.
Bhí mé thar a bheith bródúil an lá sin as mo chéad iasc a mharú gan trealamh iascaireachta ar bith.
Ar na saolta seo níl rian den phíobán camrais le feiceáil ná den chásáil a chlúdaigh agus tá Mianach Copair na hAbhann Móire imithe chun raice le fada an lá.
Tá na dumhacha áille cois farraige, ina mbíodh mé féin agus mo dheartháir ag súgradh scriosta agus tá carraigeacha móra gránna ann anois mar thonnchosc.
Ar an gcéibh thuaidh den abhainn tá ionad siopadóireachta mór ann agus tá árasáin nua-aimseartha gar don teach inar fhanamar an samhradh álainn sin.
Faraor, tá mo sheanchara Mícheál ar Shlí na Fírinne le mo thuismitheoirí ach tá áilleacht ar leith ann fós le feiceáil thuas ar an abhainn i gCumar an Dá Uisce mar a dtagann an Abhainn Mhór agus an Abhainn Bheag le chéile.
Chum Thomas Moore, file, dán cáiliúil The Meeting of the Waters, faoin áit álainn chéanna: "There is not in the wide world a valley so sweet/As that vale in whose bosom the bright waters meet..."
De réir an tseanfhocail “Is fearr breac sa láimh ná bradán sa linn.” Thuig mise ciall liteartha an tseanfhocail an samhradh sin san Inbhear Mór.
I measc chuimhní m’óige éiríonn an eachtra sin amach chugam, ní amháin de bharr éacht an lae sin ach de bharr go raibh na laethanta sin soineanta, neamhchasta agus an-sona go deo.