Cuirim suim i gcónaí i ngach gné den díospóireacht leanúnach a bhíonn ar siúl faoi bhisiúlacht na Gaeltachta. Is cuid lárnach d’obair m’Oifige a bheith ag freastal ar fhiosruithe ó phobal na Gaeltachta maidir le soláthar seirbhísí stáit trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Aithním an dúshlán teangeolaíoch atá romhainn agus a thromchúisí is atá cás na Gaeltachta de réir na fianaise go léir.
Ba thráthúil mar a dhírigh an tAire Catherine Martin aird ar an gceist arís eile ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le gairid nuair a mhol sí do dhaoine a n-aird a dhíriú ar chás na Gaeltachta.
Glactar leis go coitianta go dteastaíonn Acht Teanga níos láidre go géar uainn chun cosaint a thabhairt do chearta teanga mhuintir na Gaeltachta. Agus cé gur léir nach leor aisti féin aon reachtaíocht teanga, tuigeann saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta sa réimse seo go bhfuil an reachtaíocht teanga ríthábhachtach má táthar le pobal teanga a chosaint agus a neartú. Ina leabhar Language and Governance, mar shampla, luann an tOllamh Colin Williams, “…a cautious optimism that an effective system of language governance can offer an institutional bridge to a more democratic, inclusive and purposeful treatment of long-beleaguered language minorities.”
B’ábhar iontais dom mar sin cuid den tuairimíocht a bhí ag an Ollamh Conchúir Ó Giollagáin ar an Irish Times Déardaoin seo caite. Níorbh aon ábhar iontais dea-thaighde agus argóintí bríomhara an Ollaimh, ach b’aisteach liom éirim na hargóna gur cailicéireacht reachtaíochta a bhí sna díospóireachtaí faoin nGaeilge i dTithe an Oireachtais agus go raibh Bille na dTeangacha Oifigiúla ‘neamhábhartha den chuid is mó’.
Mar a léiríonn tuarascálacha atá foilsithe ag m’Oifig le blianta beaga anuas, is géire anois ná riamh an riachtanas cur le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is cóir gach spreagadh a thabhairt do chomhaltaí Thithe an Oireachtas iniúchadh mion agus mín a dhéanamh ar an mBille reatha ar mhaithe le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Ní ghéillim go bhfuil rogha le déanamh idir forbairt phobal na Gaeltachta agus cur le stádas reachtúil na Gaeilge. Go deimhin, tá an dá rud fite fuaite ina chéile.
Is cinnte gurbh fhiú tuilleadh plé a dhéanamh ar mholtaí ar bith maidir le slánú nó forbairt na Gaeltachta. Beachtaítear beartas poiblí mar thoradh ar dhioscúrsa folláin ach an anailís a bheith tomhaiste agus tuisceanach. Is deacair, mar shampla, a thuiscint cén stádas a bhainfeadh le bonneagar eagraíochtúil nua a bheith faoin nGaeltacht dá ligfí leis an áitiú gur ceist neamhábhartha atá i stádas reachtúil na teanga.
Tá béim leagtha agam go rialta ar thrí phríomhleasú a fheictear dom a bheith riachtanach chun bonn níos láidre a chur faoin Acht. Baineann na leasuithe sin le soláthar seirbhísí an Stáit sa Ghaeltacht, le hathruithe ar pholasaithe earcaíochta an Stáit agus le bunú córais caighdeán teanga a leagfaidh dualgas níos soiléire ar chomhlachtaí poiblí maidir le freastal ar an bpobal i gcéadteanga oifigiúil na tíre.
Bíonn pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag súil le gníomh ón stát maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge. Níl aon ní siombalach ag baint leis na fiosruithe agus na gearáin a dhéantar le m’Oifig faoin ábhar seo ná leis an teagmháil a bhíonn againn le ranna agus comhlachtaí stáit ar bhonn laethúil. Gnáthchonstaicí i ngnáthshaol daoine sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a bhíonn á bhfiosrú againn. Is rud an-ábhartha do dhuine é go ndéanfaí sárú ar a chearta teanga.
Slánaítear cearta teanga an tsaoránaigh mar thoradh ar reachtaíocht teanga, ach ba chóir agus is féidir cosaint níos fearr a dhéanamh ar na cearta sin.
Éileamh dlisteanach é sin agus éileamh dlisteanach ábhartha é go mbeadh seirbhísí stáit trí Ghaeilge ar fáil do dhaoine.
Is chuige sin atá an reachtaíocht leasaithe.
Is é Rónán Ó Domhnaill an Coimisinéir Teanga