Bhris sé ár gcroí.
Is é sin bhris sé croí gach n-aon nár Thiobrad Árannach aníos as an dtobar é. Bhí an dearg-ghráin againn air le linn an ama sin go raibh ár gcroí á bhriseadh aige. B’in tréimhse fhada, tréimhse rófhada.
Ina choinne sin, chuaigh an ealaín a chleachtaigh sé mar chnámh inár scornach.
Sheasaíomar siar uaidh is dheineamar iontas de, fad is a bhí sé á mhallachtú san aon anáil bhréan amháin.
Ba linne an anáil bhréan, is ba linne an intinn bhréan chomh maith céanna.
Baineann leis an iomáint, ámh, bua nach mbaineann le mórán spórt eile. Aithnítear an ealaín.
Más í an deargnamhaid is measa agat é, go deimhin más é an namhaid ghormbhuí is gránna sam bith leat é, fanann ball bog binn id chroí dhuit é más ealaíontóir é go fiú is má chuireann dealg trí lár do dhrólainne.
Is féidir aoibhneas aeistéitiúil na hiomána a bhlaiseadh go fiú is nuair a bhriseann sé do chliabh is d’ae istigh.
Tá chomh deacair seo a admháil is atá sé do na baincéirí gabháil leis go raibh baint dá laghad acu le scrios na tíre, nó do EffenEff a ligean lena n-ais gur dhein siad aon bhotúin nuair a bhí eochair an scipéid ina seilbh.
Laoch briste-chroíach agus ardú meanman in éineacht ba ea Jimmy Doyle.
Nuair a d’fhaigheadh an sliotar bhí a fhios agat gur chúilín a bhí ann, nó neachtar acu, poc pionóis sa chás is nárbh fhéidir é a stopadh.
Sa chás is nárbh fhéidir é a stopadh, bhí a fhios agat go raibh taispeántas ealaíontach is léiriú deismireach le teacht.
Ar nós na ndán is fearr ar fad, bhí idir an pléisiúr is airde agus an phian is géire ag baint lena chleachtadh, ag brath air cé leis a raibh tú.
Agus ar uairibh ní foláir seasamh siar. Dá mba gur saolaíodh tamall de mhílte siar, nó soir, nó ó dheas é, abraimis i Luimneach, nó i gCill Chainnigh, nó i gCorcaigh (níos fearr fós) é, is lándeimhnitheach go mbeadh sé ina scothiománaí agus go mbeadh a ainm in airde.
Dá mba gur tógadh i nGlinntí Aontroma nó ar shleasa Shliabh Bhladhma é is cinnte go mbeadh sé ar fheabhas ach an chaoi a fháil, ach ar éigean go gcloisfimis mórán mar gheall air.
Ach bhí an t-ádh leis gur tháinig ann dó i nDúrlas aoibhinn Éile le linn tréimhse órga dá chontae féin, tréimhse arbh é faoi dear go leor dá glóir.
B’é comhairle a chuir Christy Ring ar iománaithe eile nuair a fiafraíodh de cad é rún an dea-imreora: “Love your hurley!” ar seisean, gan puinn righnis.
Ní móide gur chuala Jimmy an chomhairle sin, agus gá ar bith ní raibh aige leis óir thugadh sé scata camán chun na leapan ina theannta agus é ina bhuachaill óg.
Ní ar son pianpháise nó ar son leorghnímh ina chuid peacaí a dhein sé amhlaidh ach le teann paisin agus iontais don fhuinseoig agus don chluiche ar thug sé gean a chroí go fíochmhar dó.
Ó, is ea, d’imir sé peil, leis, ach ní móide gur shamhlaigh sé aon tábhacht leis.
Gach seans go n-aontódh sé leis an méid adúirt Justin McCarthy go raibh an iomáint chomh híogair is chomh sainiúil sin is go n-imrítear chomh mear sin é gur leor féachaint ar chluiche peile chun tú a lot!
Nuair a bhíonn cleachtadh agat duine a fheiscint ina gheansaí cogaidh, baintear geit asat nuair a chastar umat é lasmuigh dá éide aitheantais. Baineadh geit asamsa an chéad uair a chonac Jimmy Doyle ina phearsa neamhiomána. Baintear geit asat nuair a fheiceann tú duine ar bith gan a bheith ar an bhfód is dual dó, dar leat – réalta teilifíse ag siúl na sráide, polaiteoir ag snámh, roc-cheoltóir gan a bheith ag rocaireacht.
Sa chás áirithe seo bhí an scoil seo againne ag buachan cluiche éigin i Staid Semple, agus b’eo linn chun na cearnóige síos i gceartlár Dhurlas Éile chun mála sceallóg a cheannach – rogha pléisiúir bhuachaillí scoile san am!
Cé a bheadh ag díol is ag dáileadh na málaí sceallóg ó veain dá chineál ach Jimmy é féin.
Conas seo, dar linn?
Ba laoch é, ba ghaiscíoch é, ba gheall le dia beag é, duine nach raibh intadhaill ar an saol seo in aon chor, níor cheart go mbeadh obair chomh gnáthlaethúil léi seo ar siúl aige!
Ba cheart go mbeadh sé timpeallaithe ag aingil, ag giollaí, ag seirbhísigh, ag feidhmeannaigh freastail a dhéanfadh comharthaí ómóis agus lúitéise os a chomhair.
Is é nár thuigeamar san am ná gur chuir sé a chuid draíochta isteach san iomáint, agus gur mar iománaí amháin a d’éiligh sé go mbeadh cuimhne air.
Is nach cuimhne iontach mhíorúilteach atá ann!
Go dté sé slán.