Ceann d’fhéilte móra na hÉireann is ea lá chomhaireamh na vótaí. Ní mór nach bhfuil chomh tábhachtach le Lá ‘le Pádraig, nó le lá Chraobh chluiche na hÉireann, agus i bhfad níos suimiúla ná oíche na hEurofíse.
Tá de dhifear ann, áfach, gur uair amháin sna cúig nó sna ceithre mbliana a bhíonn caoi againn ar shorcas an chomhairimh a bhlaiseadh, murab ionann agus eile a tharlaíonn uair amháin gach bliain, mar a thig.
Sin é an fáth go gcruinníonn cuid againn ar aon chomhaigne isteach le chéile in aon bhall amháin, bainimid na claibíní de na buidéil agus suímid thart chun gol agus chun gáire a dhéanamh de réir mar a oireann, nó nach n-oireann.
Is mór an spórt é. Daoine ag iomrascáil le focail is na focail ag cailliúint. Ceisteanna á gcur ar an talamh agus na freagraí ag imeacht le gaoith. Iarratasóirí ag dreapadh thar a chéile nó ag titim go hAcheron síos. Is geall le cluiche mór snakes and ladders é ar an scáileán os do chomhair.
Uaireanta leanann pléisiúr mór an lá, uaireanta eile díomá thar meon. Ní hé an toradh atá i gceist agam, ach leibhéal na spraoi nó na péine.
Níl mórán taitnimh le baint as iarratasóir bocht a fheiscint ag iomrascáil leis an bhfírinne agus ag cailliúint fad gach n’fhad. Is cuimhin liom nuair a chaill Brian Lenihan sinsir an suíochán a bhíodh aige i 1973, in ainneoin na dáine a bhain riamh leis, ba gheall le torbáin ag lúbarnaíl timpeall i bpróca é ag iarraidh a mhíniú nach raibh an taoide ag trá.
Ina choinne sin, nuair nár ghnóthaigh Dermot Ryan suíochán d’Fianna Fáil breis agus dhá scór bliain ó shin – fear mór óstán agus comhluchtaí taxi a bhíodh coitianta ag caint go líofa ar an teilifís agus a raibh réiteach gach faidhbe aige – fiafraíodh de cad ina thaobh nár éirigh leis.
Ba ghonta agus b’aoibhinn an freagra uaidh: “Is dócha nár theastaigh mé ón bpobal,” ar seisean go lom. Is annamh macántacht mar sin.
Bhíos féin ar an mbád go hÁrainn sa bhliain 2007 nuair a tháinig an scéal chugainn gur chaill Michael McDowell an suíochán ar chaith sé oiread allais á ghnóthú.
Nuair fógraíodh é ba dhóbair don bhád dul síos le neart an rince áthais a déanadh gan choinne.
Dá mbeadh caora ar bord bheadh Anach Cuain arís ar ais againn.
Bhí an Satharn beagán mar sin. Thosnaigh an lá go mall, an phobalbhreith iarvótála á cogan go mion. Ansan oscailt na mboscaí agus obair dheaslámhach na bhfear tallaí hó. An tuairimíocht ina dhiaidh sin, na buillí faoi thuairim á mbualadh go trom.
Raidió ar siúl i ngach seomra, RnaG anseo in aice láimhe, RTÉ Raidió 1 ansiúd sa chistin, Newstalk sa teach beag. Sinn ar scrobaig ag feitheamh le comhaireamh.
Ansin chugainn iad. Go mall i dtosach. Shane Ross ar ghuaillí daoine ar an teilifís ar chúis éigin. Toradh eile go gairid dá éis. Sruthán ar ball, agus rabharta ina dhiaidh sin.
An chéad chomhaireamh i dtosach, ach is i ndríodar an phota atá an scamhard. Sinn ag grinneadh na gclár mar a bheadh fear a chuirfeadh geall i mBaile na Lobhar.
Ag éisteacht ar nós mar a bheadh na torthaí ag teacht isteach tráthnóna bríomhar Bhealtaine ar spórt an Domhnaigh.
Gabhann cuid den ghiodam ar gcúl de réir mar atá an pictiúr ag dul i soiléire. Nuair a thiteann fathach, bíogaimid arís. Shatter imithe, Kelly i leataoibh, O’Reilly i dtrioblóid. Go deimhin, is gairid go dtuigimid go bhfuil an Luch Oibre ag sceamhaíl.
Ní bheidh feasta iontu ach an Luichín Oibre, a gcosa le cloisint ag dul i bhfolach sna poill in Oireachtas Éireann, iad ag gíogarnaigh san doircheacht fad is atá an solas ag dul as.
Nuair a shéideann an ghaoth agus nuair a scaipeann an ceo táimid fanta le béist mhór amháin leointe, brúid eile a raibh leathchos sna uaigh ag stracadh le teacht amach aisti, gadhar sean óg ag amhastraigh le go ligfí isteach é, fara scata ainmhithe eile nach bhfeadair cad iad go díreach ach nach de phór na béiste nó na brúide iad.
Má bhí spórt go dtí seo againn, ní tada é suas is anuas lena bhfuil ag teacht.
Tá ‘Never, never, never!’ á chlaochlú ina ‘B’fhéidir, b’fhéidir, b’fhéidir’ go díreach mar ar déanadh ór as táirmhiotal sna meánaoiseanna.
Tá Fuine Fáil agus Fianna Gall á mheascadh in aon cheimiceán nua nach bhfuil aon toradh turgnaimh air go fóill.
I ndeireadh an lae – gabh mo leithscéal – i ndeireadh na laethanta, i ndeireadh na seachtainí fada agus na n-oícheanta dorcha, is é is dóichíde gur cumasc éigin mar sin a bheidh romhainn.
Is trua sin, áfach, agus comóradh 100 bliain chogadh na gcarad gan a bheith ach cúpla bliain romhainn.