Baile aosta cois farraige ar an gcósta thiar-thuaidh den tSairdín is ea Alghero. Tagann ainm an bhaile ón algae a leagann stoirmeacha an gheimhridh anuas ar an gcósta. Má théann tú ann go luath sa bhliain, feicfidh tú an obair mhór ar siúl agus na tránna á nglanadh ag na húdaráis áitiúla don séasúr turasóireachta a thosaíonn timpeall na Cásca.
Áit tarraingteach do thurasóirí is ea Alghero mar tá tránna fada gainmheacha aici agus, ina theannta sin, tá an chuid is sine den bhaile ar a dtugtar an “centro storico” nó lár stairiúil – an chuid is suimiúla den áit.
Cosúil le hÉirinn, bhí sraith ionraí ag an tSairdín agus d’fhág gach aon cheann acu a rian féin ar an oileán. Ba é an ceann a d’fhág an rian ba mhó ar Alghero ná an t-ionradh Catalónach mar ba chuid den Impireacht Aragónach í Alghero ar feadh 300 bliain nó mar sin.
Ós rud é go raibh suíomh straitéiseach ag Alghero sa Mheánmhuir, tógadh an baile thart timpeall ar chaladh daignithe. Na Genoese a rinne é seo ar dtús sa 12ú haois agus neartaigh na Catalónaigh an baile nuair a ghlac siad seilbh air sa 14ú haois. Bhí Piedmont i réim ón 18ú haois agus nuair a aontaíodh an Iodáil mar thír neamhspleách, ba chuid den tír nua í an tSairdín.
Feictear ainmneacha cuid de na
sráideanna in Iodáilis agus i gCatalóinis sa "centro storico". Labhraíonn dúchasaigh go léir Alghero Iodáilis agus de réir an taighde is déanaí, tá Catalóinis-Algherese (sean-Chatalóinis) ag 20 faoin gcéad den daonra. Chomh maith leo siúd, labhraíonn cuid de na daoine (go mórmhór na seandaoine) Sardo – teanga a thagann ón Laidin "íseal" a labhair na saighdiúirí Rómhánacha, deirtear – ach tá Sardo ag dul in éag i measc na ndaoine óga.
Tá an seanbhaile timpeallaithe ag táibhle (“bastioni” in Iodáilis) agus iad ainmnithe as taiscéalaithe cáiliúla: Marco Polo, Columbus agus Magellan. Is féidir leat ithe i gceann de na bialanna ar an táibhle agus blas de ghloine dheas fíona a fháil agus tú ag féachaint ar luí na gréine iontach a fheictear san áit.
Túr stairiúil is ea Torre della Maddalena ar a dtugtar chomh maith Torre di
Garibaldi mar tháinig an tírghráthóir Iodálach i dtír anseo in 1855 le linn
chogadh na saoirse san Iodáil.
Tá cúpla cearnóg álainn sa seanbhaile, an ceann is áille, b’fhéidir, ná Piazza Sulis. De ghnáth, bíonn fuarán ag caitheamh uisce san aer anseo agus feictear páistí agus madraí ag rith isteach agus amach ann go minic sa samhradh chun éalú ó theas an lae. Is deas suí lasmuigh de chaife-tábhairne anseo le cupán nó gloine, an Mheánmhuir ghorm os do chomhair agus féachaint ar an domhan ag dul thart.
An t-am is fearrr den lá chun é seo a dhéanamh ná idir a sé agus a hocht sa tráthnóna mar tagann na dúchasaigh amach timpeall an ama sin chun dul ag spaisteoireacht. Gné thábhachtach de chultúr na háite (go deimhin, de chultúr na hIodáile go léir) is ea an tsiúlóid
("passegiata") seo – beannaíonn cairde agus comharsana dá chéile agus gach duine gléasta (fiú amháin na naoínáin) go galánta.
Is annamh a théann Iodálach amach go poiblí agus gan é/í a bheith gléasta go galánta. Creideann sé/sí go gcaithfidh cosúlacht bhreá a bheith ort os comhair an tsaoil – “bella figura” a thugtar air seo in Iodáilis.
Cearnóg eile gur fiú cuairt a thabhairt uirthi is ea Piazza Civica, áit a bhfuil a lán de na foirgnimh oifigiúla suite, mar shampla Casa de la Ciutat nó halla na cathrach. Gathaíonn sráideanna cúnga duirleogacha (ceann de na gnéithe is tarraingtí den seanbhaile) amach ón chearnóg, ceann amháin go dtí an Teatro Civico, amharclann suntasach sa stíl nuachlasaiceach, atá ann ar feadh 150 bliain.
An radharc is suntasaí atá le feiceáil trasna na farraige ó Alghero is ea Capo Caccia, ros maorga ag deireadh
sliabhraon. "An fathach ina chodladh" a thugtar ar Capo Caccia san áit agus, nuair a fheiceann tú é, tuigfidh tú nach dtiocfadh leat cur síos níos fearr ná sin a dhéanamh.
Tá cathair ghríobháin d’uaimheanna diamhracha thíos faoi, an ceann is cáiliúla ná an Grotta di Nettuno. Is féidir teacht uirthi ón bhfarraige nó ón talamh ach caithfidh tú 650 céim a dhreapadh, síos agus aníos.
Nuair a fhágfaidh tú Alghero, ní
dhéanfaidh tú dearmad ar an bhfathach ina chodladh.