Seachtain nua, mí nua agus séasúr nua.
Is ea, tá a lán den nua agus den úire ag baint le maidin an lae inniu.
Féile Cheilteach atá ann, ar ndóigh, a thugann dúinn ainm na míosa atá díreach tosnaithe, Lúnasa.
Féile ab ea Lughnasadh anallód inar ghabh na daoine buíochas le Lugh, dia na gréine as torthúlácht na talún, agus inar impigh siad air an dea-aimsir a chinntiú ar mhaithe leis an bhfómhar ar fad a bhaint.
Thugamar féin an samhradh linn, mar atá ráite san amhrán, ag tús Bealtaine, agus tá an fómhar le tabhairt linn anois.
Mar chuid d’imeachtaí na féile, bhíodh fleadh agus féasta, comórtais, cluichí (Tailteann), an t-Oénach, agus mórán imeachtaí eile ar siúl.
An Chríostaíocht
Ghlac an Chríostaíocht chuici eilimintí na féile gan amhras, agus le himeacht aimsire, ba ar an Domhnach ba chóngaraí a chuirtí cuid mhaith den fhéile ar siúl.
Maireann fós Aifreann an fhómhair, oilithreachtaí agus siúlóidí ar shléibhte, agus araile.
Thug na sluaite aghaidh inné, Domhnach na Cruaiche, ar Chruach Phádraig i Maigh Eo mar shampla.
Domhnach Crom Dubh a bhí á chomóradh (agus á fhulaingt b’fhéidir) ó dheas ar Chnoc Bhréanainn i gCiarraí, in Iarthar Dhuíbhneach.
Ach ceangal acu araon le féile Lúnasa.
Ach ní hé an fómhar talún amháin a thagann chun cuimhne na laethanta seo, mar tá fómhar á bhaint i mórán slite eile chomh maith.
Do na foirne atá fós in iomaíocht sa chraobh, beidh toradh á lorg acu ar an dua a chaith siad i rith an gheimhridh seo thart – cuid acu tosnaithe ag traenáil ó aimsir na Samhna ar aghaidh.
Gan amhras, ní flúirse a bhíonn i ndán do gach aon fhoireann. Foireann amháin a bhaileoidh na boinn agus an corn i bPairc an Chrócaigh i Meán Fómhair.
Ach bíonn sásamh le baint i slite eile – an t-ardú meanman, an mórtas, an dúshlán a thabhairt, an sprid foirne, agus na cuimhní cinn.
Is fada siar a théann mórán den ullmhú gan amhras, mar ní thar oíche a thógtar foireann. Is iomaí duine a chabhraíonn san ullmhú fadtéarmach sin, i gcothú na n-imreoirí, sa bhaile, ar scoil, sa chlub, nó áit ar bith eile.
Gort an oideachais
Bíonn fómhar á bhaint i ngort an oideachais um an dtaca seo bliana chomh maith.
I gceann coicíse a bheidh torthaí Ardteiste le fáil ag daltaí an dara leibhéal, torthaí a shocróidh, i mórán cásanna, an cúrsa léinn agus an tslí bheatha a bheidh i ndán dóibh.
Beidh raon de mhothúcháin ar taispeáint agus na clúdaigh litreach á n-oscailt, ag brath ar fhlúirse nó teirce an fhómhair – áthas, sonas, díoma, agus araile.
Ar an dea-uair, tá níos mó mórán bealaí anois ann dóibhsean nach bhfaigheann na torthaí a raibh súil acu leo.
Ábhar sásaimh do na tuismitheorí agus na múinteoirí is ea an staid seo a bheith slánaithe ag na daltaí.
Ach díreoimis ar feadh tamaill anois ar ról na múinteoirí, mar tá ról nach beag acu sa turas foghlama atá tugtha ag na daltaí.
Agus cé go mbíonn mórán béime ar na torthaí, níl ann ach mionchuid den fhómhair. Tá i bhfad níos mó i gceist leis an oideachas ná na grádanna.
Is duine amháin ann féin atá i ngach dalta. Tá a scéal féin ag gach duine acu, pearsantacht, mianta, buanna, cúlra.
Agus tá ról suntasach ag an múinteoir in insint an scéil sin.
D’fhéadfaí mar shampla, díriú ar ról an mhúinteora, sa bhunscoil agus sa mheánscoil araon, i gcothú na meon dearfa a sheasfaidh leis an dalta amach sa saol – muinín, fiosracht, diongbháilteacht, díograis, cruthaitheacht, samhlaíocht, agus folláine sa chorp agus san aigne.
Dalta a bheidh ábalta a bheith ina bhall den phobal, ina dhea-chomharsa agus ina shaoránach.
Foghlaim í seo a bhíonn i bhfolach agus an fómhar á bhaint lá na dtorthaí, ach foghlaim is ea í a mhairfidh i bhfad, i saol an duine. Ní féidir an sórt seo torthúlachta a chur in iúl le grádanna nó pointí CAO.
Cé gurb é séasúr an fhómhair atá díreach tosnaithe, cuireann an méid thuas i gcuimhne an chomhairle a thug Robert Louis Stevenson i saothar dá chuid féin – Admiral Guinea – gurb iad na síolta a chuirimid, seachas na torthaí a bhainimid, is tábhachtaí.