Deirtear gur cuireadh ceist ar pháipéar fealsúnachta in ollscoil éigin tráth. B’í ceist í: “Cad is misneach ann?”
B’é freagra aon mhic léinn amháin ná gur scríobh sé abair shingilte aonair: “Misneach is ea é seo,” agus d’fhág sé gach a raibh eile de pháipéar bán aige folamh.
Bhí fonn orm an chuid eile den cholún seo a fhágáil bán, leis, ach ní bheadh an t-eagarthóir ná na céadta míle léitheoirí amuigh ansin sásta.
Ní hé misneach an mhic léinn sin an saghas coráiste is coitianta a cheanglaítear leis an bhfocal, ámh.
Gníomhartha gaile is gaisce is túisce a gcuimhnímid orthu, daoine a ghnóthaíonn VC na Breataine, nó Corrán Leinín na Rúise, nó Croí Mhontezuma Mheicsiceó, nó Cloigeann Genghis na Mongóile, nó Sciath Shaka na hAfraice Theas ….
Ceann de na gníomhartha gaisce sin luaitear é leis an gcéad duine a dhéanann seo nó a dhéanann siúd.
Tá’s againn cé hiad: an chéad duine a ráinig barr Chumulunga (nó Everest duitse), an chéad duine a sheol isteach sa spás; an chéad duine a thuirling go slán ar an ngealach; an chéad duine a chuir a spíce meirge ar an Mol ó Dheas; an chéad duine a thimpeallaigh an domhan i naomhóig, an chéad duine a d’eitil mar éan trasna an tSahara, an chéad duine a shnámh an tAtlantach agus cloch ar a dhroim, an chéad duine a ghabh ag sneachtabhordáil fan Fhalla Mór na Síne; an chéad duine ó Chontae na hIarmhí seachas Foster&Allen a d’imir i lár an ghoirt i bPáirc an Chrócaigh…
Is beag dúshlán nach bhfuil tugtha, agus nach bhfuil freagra fachta air. Chaithfeá dul i leith na háiféise chun teacht ar smaoineamh nua maidir le chéad ghníomh taiscéalaíochta ar a laghad.
Is fíor go bhfuil domhain mhóra amuigh ansin idir seo agus imeall an spásra má tá imeall ann, ach comhiarrachtaí comhdhaoine comhphoblacha comhtheicniúla a bheidh i gceist má tá i ndán is go bhfágfaimid an meall beag seo a choíche ná go deo.
I leataoibh ón spásra thuas tá an fharraige thíos ar fearann aineoil ar fad é chomh maith.
Taiscéaladh teicniúil a bheidh anseo, leis, mar ní móide go mbeidh duine aonair ábalta ar ghrinneall an phlainéid a shiúl ina fhomhuireán féin ceal foirne móire á thacú.
Ina choinne sin, cé go bhfuil teimhneolas éigin againn ar a bhfuil ar siúl faoi screamh an tsáile agus go bhfuil gaiscígh tumadóireachta amuigh ansin a chonaic éisc nár itheadh fós agus a ghearr trí fheamainn nár déanadh cógais as ach oiread, níl aon duine a shiúil ó thír amháin go tír eile faoin muir go dtí anois.
Ní móide go luafar ainm Abdul Rahman Haroun san aon anáil le Yuri Gagarin nó le Tensing Norgay nó le Roald Amundsen nó le Vasco Núnez de Balboa, ach fós féin rinne sé gaisce san 21ú haois nár síleadh a bheith indéanta: shiúil sé ón bhFrainc go dtí Sasana faoin bhfarraige.
Níl a scéal seo inste go fóill, agus ní dhéanfar go socróidh Hollywoodach éigin gur fiú é a chur os ard; ach is geall le míorúilt é an t-iomlán, inchurtha le gníomhartha na laoch a bhfuil a n-ainmneacha greanta i gcloich agus in ogham.
Conas ar éirigh leis dreapadh thar cheithre cinn de chlaíocha arda gona gcosaint leictreonach suas-chun-dáta de réir na n-ealaíon is freacnaircí, agus ansin imeacht leis gan aird na gcon buile fuilchraosacha fiacailghéara déadocracha inimirceachnamhadmhara a tharraingt air féin, agus éalú thairis 400 ceamara ar thaobh na Fraince dhe sular leag sé cos sa tollán isteach idir an dá thír?
Ní raibh ansin dó ach an tús tosaigh. B’éigean dó siúl nach mór san doircheántacht go hiomlán feadh an lae fad scór go leith míle ar chosán caol agus traenacha ag gabháil thairis ar luas 160 ciliméadar san uair.
Chuir a chuid gluaiseachta moill dhá uair an chloig ar phaisinéirí áirithe, na créatúirí bochta.
Deirtear go raibh daoine ann a chaill bord ag Les Tablettes i bPáras, agus nach bhfeadfaí a dheimhniú go mbeadh na hoisirí chomh friseáilte sin de dheasca na moille.
Tuairiscítear go bhfuil dlíodóirí de chuid na mbialann atá thíos leis ag cur na dlí cheana féin air.
Tá seans ann, áfach, nach mbeidh sé in ann cibé fíneáil a ghearrfar air a íoc.
Tá an dlí á cur air sa Bhreatain chomh maith, gur “chuir sé isteach ar shaorghluaiseacht feithiclí iarranróid,” dlí a ceapadh sa 19ú haois.
Nárbh fhearr go mbronnfaí duais nó bonn na sárfhear air, áfach?
Cad mar gheall ar Léine Liam Choncair don chéad duine a ghluais de shiúl cos isteach sa Bhreatain ón bhFrainc?
B’in misneach duit.